In Focus
May 29, 2021

Stair na Scéimeanna Teanga i gColáiste na Tríonóide

Is stráitéis í an Scéim Teanga chun na Gaeilge a chur chun cinn sa Choláiste.

Siothrún SardinaScríbhneoir Cúnta
blank
Róisín Power for The University Times

Le deich mbliana anuas, tá an Scéim Teanga tar éis na Gaeilge a chur chun cinn go mór sa Choláiste. Anois agus an ceathrú Scéim á ullmhú, tá deis mhaith againn féachaint siar ar cad a bhain na scéimeanna eile amach agus conas ar athraigh siad thar ama. Táimid in ann freisin, féachaint ar aghaidh agus smaoineamh ar cad atá chun teacht sa cheathrú Scéim.

Is straitéis í an Scéim Teanga chun na Gaeilge a chur chun cinn. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá ar an gColáiste Scéim Teanga a léiriú cén seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge, trí Bhéarla, nó tríothu araon. Móide sin, tá sé mar aidhm ag an scéim an Ghaeilge a spreagadh i saol na mac léinn sa Tríonóid. Mar gheall ar an Acht sin, thosaigh an Coláiste an Chéad Scéim Teanga i 2010. Thar na blianta, tháinig scéimeanna eile isteach, gach ceann ag iarraidh seirbhísí agus acmhainní Gaeilge níos fearr a chur ar fáil.

Mhair an chéad Scéim dhá bhliain. Chuir sí neart seirbhísí bunúsacha Gaeilge i bhfeidhm, agus bhí sí mar réamhshampla do ghach scéim ina diaidh. De réir na Scéime, bhí ar an gColáiste i bhfad níos mó fógraíochta a dhéanamh trí Ghaeilge. B’éigean dó buneolas na nDámh agus na n-oifigí an Choláiste a chur ar fáil i nGaeilge ar a shuíomh idirlín, leagan Gaeilge a chur ar bhróisiúir a seirbhísí i dtaca le 15 faoin gcéad dá phreaseisiúintí.

ADVERTISEMENT

In agallamh le The University Times dúirt Gretchen Nic Shéanlaoich, oifigeach na Gaeilge ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) i mblaina, “Sílim go bhfuil [feiceálacht na Gaeilge] rítábhachtach … cothromaíocht idir na teanga atá gceist ansin.”

De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá ar an gColáiste Scéim Teanga a léiriú cén seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge, trí Bhéarla, nó tríothu araon

Ach bhí cúpla fadhb leis an gcéad Scéim freisin. D’fhostaigh an Coláiste roinnt oibreoirí le Gaeilge sa leabharlann agus roinnt oifigí chun ligean do mhic léinn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ach de réir Nic Shéanlaoich, ní raibh an t-athrú sin chomh iontach is a bhí ag súil leis. “An fhadhb atá ann na go bhfuil siad ann ach níl a fios ag daoine go bhfuil siad ann [fiú anois]” a dúirt sí, ag léiriú go bhfuil an fhadhb fós ann anois.

Ach d’aineoinn na fadhbanna sin, bunaíodh Seomra na Gaeilge agus cuireadh ranganna Gaeilge ar fáil do mhic leinn na Tríonóide. Do mhórchuid de phobal Gaeilge an Choláiste, is é Seomra na Gaeilge ceann de na torthaí is fearr a tháinig ón gcéad Scéim. In agallamh leis an University Times léirigh Adam Hutton, ball an Chumainn Ghaelaigh, go bhfuil Seomra na Gaeilge mar cheann de na rudaí is úsaidí, toisc go dtugann sé deis do mhic léinn an Ghaeilge a úsáid mar theanga bheo sa Choláiste. “Scaití airíonn daoine neribíseach a gcuid Gaeilge a úsáid go poiblí. Airíonn tú i bhfad níos compordaí do chuid Gaeilge a úsáid [i seomra na Gaeilge]” mar go bhfuil sí mar theanga réamhshocraithe na háite, a dúirt sé. D’aontaigh Nic Shéanlaoich leis an smaoineamh sin, ag rá “Is ait ionach é do mhic leinn a chuid Gaeilge a chleachtadh. Tá spraoi ag baint leis an seomra…Is acmhainn iontach é amach is amach.”

Thosaigh an dara Scéim Teanga ansin i 2013, agus mhair sí go deireadh 2016. Bhí sé mar aidhm aici torthaí ón gCéad Scéim a fheabhsú, gan mórán acmhainní nua a thabhairt isteach. Chuir an Tríonóid an Ghaeilge mar riachtanas do níos mó post, aistríodh níos mó dá suíomh idirlín go Gaeilge, agus arís, b’éigean di níos mó eolais a chur amach trí Ghaeilge. Mar gheall ar an Scéim, bhí níos mó Gaeilge le feiceáil ar lógónna agus comharthaí timpeall an Choláiste.

léirigh Adam Hutton, ball an Chumainn Ghaelaigh, go bhfuil Seomra na Gaeilge mar cheann de na rudaí is úsaidí, toisc go dtugann sé deis do mhic léinn an Ghaeilge a úsáid mar theanga bheo sa Choláiste

Thosaigh an Tríú Scéim Teanga i 2017 Athrú mór ab ea í ón dara Scéim – ní hamháin chun an Scéim a nuashonrú a bhí sí, ach chun acmhainní iomlána nua a chur isteach.

An t-athrú is mó a chuir sí isteach ná comharthaí dátheangacha – bhí ar gach comhartha a bheith dátheangach sa Choláiste. Bhí sé seo mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chuireann iachall ar sheirbhísí poiblí cosúil le hollscoileanna – comharthaí a bheith dátheangach nó i nGaeilge amháin. An samhradh seo caite áfach bhí roinnt conspóide ann nuair a bhí easpa Gaeilge ar na stáisiúin nua sláintíochta sa Tríonóid ach réitíodh an fhadhb go pras. I dtaca le comharthaí dátheangacha, d’iarr an Scéim ar an gColáiste níos mó Gaeilge a chur ar an suíomh idirlín agus acmhainní Gaeilge níos fearr a chur ar fáil sa leabharlann.

Mar gheall ar an tríú Scéim bhí ar an Tríonóid imeacht bolscaireachta Gaeilge a reáchtáil le linn Seachtain Éigse na Tríonóide, agus dhá phreab-Ghaeltachtaí a eagrú gach téarma do mhic léinn freisin. Ó shin i leith, tá sé tar éis dul ó neart go neart, agus i mbliana reachtáileadh léir mór imeachtaí ar líne d’aineoinn na paindéime. Ach, mar a luaigh Nic Sheanlaoich, is minic nach bhfuil na himeachtaí agus seirbhísí seo ar eolas ag mic léinn. Dar léi, “Caithfear níos mo bolscaireachta a dhéanamh do sheirbhísí ata ar fail do mhic leinn [trí Ghaeilge]” chun an fhadhb sin a réiteach”. Ach dúirt sí freisin, gur dea-rudaí iad, agus go “gcuireann [siad] éileamh ar sheirbhísí Gaeilge”.

Tá an Coláiste ag ullmhú don chéad scéim eile anois. Le déanaí, mar chuid den ullmhúchán don cheathrú Scéim, d’iarr an Tríonóid ar an bpobal aiseolas agus comhairle a thabhairt.

Caithfear níos mo bolscaireachta a dhéanamh do sheirbhísí ata ar fail do mhic leinn [trí Ghaeilge]” chun an fhadhb sin a réiteach

Chuir an Cumann Gaelach aighneacht isteach don chomhairle. San aighneacht atá feicthe ag The University Times, tá an Cumann ag iarraidh roinnt athruithe móra. Ar dtús, tá fógraíocht níos fearr do sheirbhísí ar fáil trí Ghaeilge á lorg. D’iarradar ina aighneacht do chothromaíocht iomlán idir leagan an Bhéarla agus na Gaeilge ag suíomh, fógraí, agus aipeanna na Tríonóide freisin. Mholadar chomh maith, duine le Gaeilge a bheith ar fáil san Oifig Slándála, sa Seirbhís Mhíchumas, sna siopaí, agus sa Bhutrach.

In agallamh amháin dúirt Ciara Ní Mhurchú, Reachtaire an an Chumainn Ghaelaigh, “Dar liom, is é ceann de na rudaí is tábhachtaí atá ag teastáil don Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide faoi láthair ná go mbeadh sí níos feiceálaí,” agus go bhfuil sí ag iarraidh ar shuíomhanna idirlín agus meán cumarsáide na Tríonóide go mbeidh “an leagan Gaeilge díreach cosúil leis an leagan Béarla”.

In agallamh le The University Times, léirigh Muireann Nic Corcráin ón gCumann Gaelach agus Iar-Oifigeach Gaeilge do TCDSU, go bhfuil an Scéim Teanga tábhachtach chun “stocaireacht agus brú a chur ar scoileanna agus roinnte timpeall na hollscoile maidir le cearta teanga.” Is cinnte go bhfuil cur chun cinn feiceálachta na Gaeilge mar chuid de na cearta sin.

Is léir, fiú go bhfuil torthaí maithe le baint amach as an Scéim mar atá, tá pobal na Gaeilge anseo ag iarraidh níos mó sa chéad scéim eile. Ní hamháin ar chomharthaí agus a leithéid mar léirigh Ní Mhurchú, ach i mbéal pobail na Tríonóide.

Is é ceann de na rudaí is tábhachtaí atá ag teastáil don Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide faoi láthair ná go mbeadh sí níos feiceálaí

Mar a dúirt Hutton i ráiteas leis an nuachtán seo, “Déarfainn féin an rud ab fhearr le duine ná […] dá mbeadh sé riachtanach Gaeilge a bheith ag daoine an Bhutrach […] ní thugann se mórán iarrach é a thuiscint. Ní chaithfidh tú bheith i do Ghaeilgeoir…ní chaithfidh tú ach na bunfrásaí a mhúineadh dóibh.”

Ag tacú leis an mian sin, dúirt Nic Corcráin: “Táim dóchasach faoin Scéim nua. Creidim go gcabhróidh sé go mór le cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn, chomh maith le inrochtaineacht teanga a spreagadh i measc muintir na hollscoile.”

Ní fios céard go baileach a bheidh sa cheathrú Scéim. Ach ón méid atá déanta sna scéimeanna eile, is féidir a rá go bhfuil athruithe maithe chun teacht ar scéal na Gaeilge sa Choláiste.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.