Radius
Feb 28, 2021

Seachtain na hÉigse: Your Week Ahead

Ná bíodh eagla ort úsáid a bhaint as do chúpla focal le linn Éigse na Tríonóide.

Maitiú Charleton and Róise Hannan
blank
Alex Connolly for The University Times

Cuireadh tús le hÉigse na Tríonóide sa bhliain 1973 agus, chuile bhliain ó shin i leith, tagann pobal Gaeilge an choláiste le chéile le céiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge agus ar an chultúr Gaelach. Mar is eol do chách, níl an ghéarchéim sláinte ag cur stop leis an bhfhéile stairiúil a bheidh ar siúl an tseachtain seo. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine, idir cheol, cheardlanna, dhíospóireacht, agus aoichainteoirí, le béim speisialta ar an Ghaeilge. Ná bígí buartha muna bhfuil mórán suime agat sa Ghaeilge– tá neart fós ar siúl duit freisin.

Tá an fhéile á reáchtáil ag Gretchen Ganly, Oifigeach na Gaeilge TCDSU, in éineacht leis an Chumann Gaelach. Dar le Ciara Ní Mhurchú, reachtaire an Chumainn, tá “sé ríthábhachtach i mbliana go mbíonn deiseanna éagsúla ar fáil do dhaoine chun sos a thógáil ó nuacht na paindéime nó ó obair chúrsa agus am a chaitheamh le cairde agus triail a bhaint as rudaí nua spraíúla, agus is cinnte go bhfuil sin i ndán do dhaoine a ghlacann páirt in Éigse i mbliana!”

Dé Luain

Cuirfear tús le hÉigse na Tríonóide le Ciorcal Cairdis thar Zúm ag a 11rn. Ag 1rn beidh Seirbhís Urnaithe ar siúl, in éineacht le ceol álainn. Ag a 2in is féidir do ghéaga a shearradh agus aireachas a chleachtadh le rang Pilates mar ullmhúchán roimh an cluiche mór Bingo ag 5in, inar féidir leat an fhéith iomaíochta a scaoileadh saor, le duaiseanna den scoth a bhaint amach.

ADVERTISEMENT

San oíche, beidh seoladh oifigiúil na hÉigse ar siúl ag a 7in, le haoichaointeoirí ag déanamh plé ar an rún, ‘Gaeilge agus an chéad ghlún eile.’ I measc na gcainteoirí beidh, Kitty Ní Houlihán, banríon draig agus gníomhaí ar son cearta LADTQ+, Dr Eoin Mac Cárthaigh, ceann roinne Roinn na Gaeilge sa choláiste, agus Megan O’Connor, nó ‘Muinteoir Meg’ mar is fearr aithne uirthi, tionchaire Gaelach agus iarchéimí de chuid TCD.

Dé Máirt

Mar a deir an seanfhocal, tús maith leath na hoibre. Mar sin, cuir tús bréa leis an lá le cúpan caife (nó tae) agus comhrá, ag an Maidin Caifé ag a 11rn. Dóibh siúd atá suim acu sa stair, beidh céimithe Gaeilge TCD agus iarbhaill den Chumannn Gaelach, Muireann Nic Corcráin agus Ciarán Wadd, ag tabhairt léachta bunaithe ar ‘Stair na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide,’ ag ag a 1rn.

Má tá ceol tráidisiúnta uait, buail isteach ar an ‘Cheardlann Foinn’ atá a reáchtáil ag an TradSoc, in éineacht leis an Chumann Gaelach ar a 3in Más fearr leat alt a scríobh áfach, beidh ár n-éagarthóir Gaeilge féin, Jennifer Ní Chiara, i mbun ‘Ceardlann Scríobhneoireachta,’ ina mbeidh sí ag labhairt ar iriseoireacht na Gaeilge agus an University Times. Má tá sé seo á léamh agat, tar agus cé fios, b’fhéidir go mbeidh tú ag scríobh do UT seachas á léamh.

Tá rogha imeachtaí fós ar fáil ag a 7in. Is cinnte go mbeidh ‘Cúirt Éigse’ lán le ceol, filíocht agus litríocht, le DU Music Soc, Players, Lit Soc agus dár ndóigh an Cumann Gaelach glacadh páirte. Más mó an tsuim atá agat i stair na polaitíochta, áfach, beidh an ócáid dheireanach i sraith de chuid TCD SOFIA, ar oidhreacht Earrach na nArabach. Déanfaidh siad iniúchadh ar an mhéid a tharla san Éigipt i rith an éirí amach deich mbliana ó shin. Beidh imeacht ar siúl ag Vegan Soc ag 7in freisin, le beirt aoichainteoir ag labhairt ar an nasc idir an sóisialachas agus an veigeánachas.

Dé Céadaoin

Beidh tú ábalta do chuid Gaidhlige a chleachtadh ag a 1in le Comunn Oiseanach Ollscoil Glaschú agus an Cumann Gaelach a bheidh ag déanamh Ceardlann Amhránaíochta, nó ‘Ceardachd Òrain’, bunaithe ar amhráin thraidisiúnta na Gaeilge agus na Gàidhlig. Mairidh gaol agus ceòl! Ar a 4in, beidh Daniel Twomey, ár rogha saineolaí sláinte gaelach, ag reáchtáil ceardlainne folláine.

Ó tharla go bhfuil fadhbanna rochtana i mbéal pobail Ghaeilge an choláiste le déanaí, beidh Niamh Ní Hoirbheaird, an t-Oifigeach Rochtanais le hAontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU), agus Harry O’Brien, ionadaí ón Ability Co-Op ag plé cúrsaí Inrochtaineachta, go háirithe i saol na Gaeilge. Tá an ócáid seo á heagrú ag an Scéim Chónaithe agus beidh sé ar siúl ag a 7in.

Má thaitin na himeachtaí teanga leat i mbliana agus tá bua na Fraincise agat, tá Oifigeach Teanga á lorg ag an French Soc. Níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

Déardaoin

Éiríonn an tseachtain níos ciúine faoi agus deireadh na seachtaine ag bualadh linn. Ná bí buartha muna raibh tú ag déanamh cleachtadh ar do chuid Gaeilge roimhe seo, beidh an tseans go fóill agat. Ag 6in beidh Europa, DU Modern Languages agus an TCD Global Room ag eagrú ócáide sóisialta thar Zúm chun scileanna pearsanta agus scileanna teanga daonra TCD a bheochan. Téigh ann chun do mhúinteoir teanga sa mheánscoile a bhréagnú – is tú an Mac Phiarsaigh nua!

Más rud é nach bhfuil suim agat sna teangacha ach tá tú fós ag lorg deis do thallann a thaispeáint dúinn, tá TCD Jazz Soc ag lorg píosaí ceoil dá gceolchoirm i Seachtain na mBan. Seol físeán duit féin ag seinm “rud éigin iontach agus jazzy” go jazz.csc.tcd.ie chun páirt a ghlacadh. I gcodarsnacht leis an gceol sin, tá DU Computer Science Society ag eagrú ócáide Microsoft Stories ag 5.30in, ann, cloisfidh tú as triúr a thosaigh a ngairmeacha le Microsoft i rith an choláiste nó díreach tar éis: Rob Leonard, Marta Lobo de pablos agus Prapti Setty ina measc. Cé fios– seans go mbeifeá an duine ag teacht mar aoichainteoir go DUCSS i gceann cúpla bliain.

Idir an dá linn, is féidir freastal ar “ceann de na laethannta is mó Law Soc na bliana”, dar le hOifeagach Siamsaíochta Law Soc Ruth Brady. Tá an lá lán le haoichainteoirí, diaspóireacht grinn, promo-caife, imeacht leis na hollaimh dlí agus rang pilates. Beidh an mini-féile ag leanúint le cluiche Biongó loco ar an Aoine fresisin. Rachaidh gach pingin a bhailítear don ghrúpa carthanacha Tribe! Is féidir breis eolas a fháil ar mheáin shóisialta LawSoc.

Dé hAoine

Tá ráflaí ag gabháil thart go bhfhaighidh chuile mac léinn céad onóracha muna bhfuil pobal an choláiste líofa i dteanga na Gaeilge (nó teanga nua ar bith eile as cabhair DU Modern Languages) ag deireadh na hAoine. B’fheidir gur bréagnuacht atá ansin. Ar aon nós, más tusa an sórt a thaitníonn fíricí agus an fhírinne a aimsiú, críochneoidh an tseachtain le diospóireacht leis an Chumann Gaelach agus Hist ag 7in, leis na hóráidithe Gaelacha is fearr ar champas. Is é an rún ná: ‘Creideann an Teach seo gur Chóir Don Rialtas Infheistíocht sna hEalaíonta a Ardú sa Domhan lar -Covid-19’.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.