Sep 17, 2012

Cultúr agus Teicneolaíochta

 

Ciara Heneghan | Staff Writer

ADVERTISEMENT

Bunaíodh TG4 i 1996 agus í mar aidhm aici céim eile a thogáil ar son caomhnú ár dteanga. Ba chéim í i dtreo ré an eolais, a bhí ar na bacáin. Bhí Raidió na Gaeltachta agus staisiúin eile ann, chomh maith le litríocht, nuachtáin agus foilsiúcháin eile i nGaeilge agus ba é an teilifís an cuid deireanach den mheán a bhí fágtha. Go luath i ndiaidh sin, afách, thosaigh an t-idirlíon ag fás agus ag forbairt sa tír agus d’athraigh gach rud arís. Anois is é an t-idirlíon an príomhfhoinse eolais agus príomhmodh teaghmhála ag tromlach daoine óga in Éirinn.

Nascann an t-idirlíon daoine i mbealaí nach raibh indéanta riamh. Fiú le Facebook, an diabhal poll ama sin, tá naisc déanta go laethúil a bheadh dochreidte fiú fiche bliain ó shin. Fadó, nuair a bhíodh daoine imithe ar imirce ní raibh mórán deis acu a gcuid Gaeilge a úsáid, ach ní mar atá sé inniu. Anuraidh tar éis rath an “TCD Memes” leathanach a fheiceáil, bheartaigh mé “Memes na Gaeilge” a chruthú, chun méimeanna a chur ar fáil trí Ghaeilge. Anois, cúpla mí níos déanaí, tá níos mó ná 3,200 leantóirí ag an leathanach, le daoine ar fud an domhan ag glacadh pairt sa spraoi. Sin ach bealach amháin a tagann Gaelgeoirí le chéile ar líne.

Is áis iontach é chun píosa spraoi agus greann a bheith againn trí an teanga ársa, seans a thaispeáint nach bhfuilimid go léir ag fanacht sa bhaile, lenár sróna sa Dinneen ag foghlaim de ghlan mheabhair. Agus ní ghá é sin ar aon nós – mar sa lá atá inniu ann tá an Dinneen ar Twitter (@AnDuinnineach) rud atá an-cabhrach má tá seanfhocail aisteacha ag teastáil uait. Má tá nuafocail aisteacha ag teastáil uait tá Coiste Focal Nua (@coistenabhfocal) ag tweetáil faoi Béarlagair agus nuafhocail i nGaeilge do ghlúin an phitmhaisithe (for the vajazzle generation!).

Ach má tá suíomh go hiomlán dírithe ag Gaeilgeoirí ag teastáil uait, téigh go AbairLeat.com. Is é an céad suíomh sóisialta ar an domhan atá cruthaithe i mionteanga, agus tá jab iontach déanta acu. Ina theannta sin, le tamall anuas tá Facebook ar fail trí Ghaeilge agus is de bhuíoch sin atá an foclóir tearmaíochta, focail cosúil le “clib”, “déan trácht” agus“roinn”, (tag, comment and share) in úsáid go rialta. Chuir é sin le Firefox trí Ghaeilge (atá le fáil saor in aisce ar ndóigh) agus beidh tú ag “brabhsáil” gan moille!

Mar a fheicimse é, mar gheall ar an méid daoine atá ag tweetáil, ag postáil agus ag úsáid an idirlíon in aon bhealach trí Ghaeilge, is léir go bhfuil sí beo beathach sa lá atá inniu ann, agus go mbeidh feidhm lárnach ag an idirlíon i dtodhchaí na Gaeilge.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.