Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 20, 2015

Lochtanna i Roinn Riaracháin na hOllscoile Ag Cur Le Deacrachtaí na bhFreisir

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Coiscéim shuntasach í an léim ón mheán-scoil go dtí an ollscoil, atá mar dhúshlán mór do thriomlach de dhaltaí na chéad bhliana. De réir dealraimh, is beag a dhéanann cuid mhaith den taithí a bhíonn ag na mic léinn agus iarracht á déanamh acu socrú isteach ina saoil nua le go gcuirfí ar a sáimhín só iad.

Is í an Roinn diamhrach, mistéireach, Riaracháin an chéad phointe theagmháil le haghaidh tromlach na mac léinn lena gcoláiste nua. Tá mí-chlú ar an Roinn Riaracháin i measc daltaí atá coipthe, corraithe leis na lochtanna fairsinge, na freagraí déanacha agus na corais neamhéifeachtacha.

Ábhar imní faoi leith ná nach bhfuil foinse eolas amháin ann do dhaltaí na chéad bhliana, agus de bharr sin bíonn na mic léinn ag brath ar eolas mí-chruinn agus ar raflaí a thagann ó fhóraim ar líne. Is mór an fuath atá ag muintir an choláiste don suíomh ‘my.tcd’, atá séanfhaiseanta, spadánta agus go hiomlán mí-éifeachtach. Tá easpa sa chóras cumarsáide, agus ní chuirtear in iúl do na mic léinn go pras nó go soiléir nuair atá moill ar chlárúcháin nó go ndéantar cúrsa ar chúrsa é. Cuireann córas íocaíochta na dtáillí soir do na mic léinn de bharr na moilleanna agus na dátaí dlite contrártha. Is daltaí iad seo atá cheana féin imníoch agus mí-shocair, agus is buairteanna breise atá ann dóibh, go háirithe iad siúd nach bhfuil cláraithe agus an téarma ag dreannadh leo go gasta.

ADVERTISEMENT

Do na mic léinn a bhain áit amach i gColáiste na Trionóide sa dara bhabhta den CAO is próiséas níos casta go fóill atá ann dóibh. Ní bhíonn cuid mhaith de na na daltaí seo in ann clárú nó in ann cartaí aitheantais a fháil ar feadh thréimhse fhada i indiaidh thús an téarma. Is míchaoithiúlacht í seo nach bhfuil gá ar bith faoin spéir léi, míchaoithiúlacht atá suntasach go maith, áfach, do na mic léinn seo i rith thréimhse thábhachtach dá saoil.

Cothaítear stros breise do mhic léinn de bharr mhoill na Roinne Riarachána i bhfoilsiú na n-amchlár. Is constaic nach beag í seo do mhic léinn atá ag streachailt le loistín a aimsiú i lár na géarchéime atá á fulaingt go géar faoi láthair. Is beag ama a fhágtar do mhuintir na chéad bhliana le coinníollacha a phlé leis na tiarnaí talúin nua nó a bpleananna féin don bhliain a shocrú. Tháinig forbairt dhearfach i rith an tsamhraidh nuair a dháileadh ID mic léinn ‘Réamh-shannta’ ar lucht na chéad bhliana le deireadh a chur leis an stros inseachanta seo. Is sampla é seo de iarracht éigin atá á dhéanamh ag an gcoláiste le réiteach a aimsiú ar na deacrachtaí forleathana seo. Feictear, áfach, nach cnámh spairne ar bith atá ann do choláistí eile na tíre.

An bhliain seo caite cáineadh go géar an cinneadh gan pacáistí eolais a sheoladh amach sa phost do mhuintir na chéad bhliana, mar a dhéantaí i gcónaí. Chuir na cumainn milleán ar seo de bharr na titime ina bhfigiúirí ballraíochta. Cé go seoltar anois cóip chosúil amach ar líne do na mic léinn, níl an tionchar céanna aige agus d’fhulaing sé de bharr na ndeacrachtaí sa dháileachán. Beidh cíor thuathail Sheachtain na bhFreisir mar an chéad theangmháil leis na cumainn do na mic léinn nua. Is beag a dhéanann an t-easpa cumarsáide agus eolas seo le faoiseamh a thabhairt do na mic léinn nua ón imní nach beag átádar ag mothú.

Tuairiscíonn an HEA go n-éiríonn duine as gach deichniúr as an gcoláiste roimh dheireadh na chéad bhliana. Is gá cinnte, mar sin, do Choláiste na Trionóide níos mó a dheanamh le seirbhís fháilteach agus eolach a thairscint dá mic léinn. Go minic, ní thógtar na laigí beaga bunúsacha sa Chóras Riaracháin faoi ndeara. Ach do dhaltaí imníocha, míshuaimhneacha na chéad bhliana, a shantaíonn cinnteacht eolais, tá sé rí-thábhachtach go bhfuil córas inniúil riaracháin i bhfeidhm. Ba cheart do Chorás Riaracháin na hollscoile a ndícheall a dhéanamh i gcónaí le go mbéidís níos fáiltí, níos láiche agus níos tuisceanaí lena mic léinn féin.


iamhrach faceless/mysterious
spadánta sluggish
míchaoithiúlacht inconvenience
tiarna talún landlord
cior thuathail chaos
coipthe, corraithe frustrated
sáimhín só at ease
go pras promptly
dátaí dlite contrártha conflicting due dates
Réamh-shannta pre-assigned
Inseachanta avoidable
cnámh spairne bone of contention
inniúil competent