Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 27, 2015

Ná Bíodh Súil Agat Le Nuálaíocht Ar Bith Ó Ghrúpa Oibre Maoinithe an Ardoideachais

Tá an grúpa tar éis glacadh le coincheap truallaithe de réalachas polaitíochta - is é sin nach bhfuil sa réiteach atá acu ach leasú ar atá ann faoi láthair.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Shoiléirigh an plé in Acadamh Ríoga na hÉireann Dé Céadaoin maidir le maoiniú an ardoideachais in Éirinn roinnt rudaí faoi leith: ar dtús báire, ní bheidh tuairisc an ghrúpa oibre ag moladh cáin chéimí a thabhairt isteach, agus go bhfaighfimid an tuairisc faoi dheireadh mhí na Nollag, mar a bhí sa phlean.

Shoiléirigh sé chomh maith nach mbeidh cur i gcoinne na faidhbe, a ghlaotar go forleathan “fadhb le maoiniú an ardoideachais” uirthi, le réiteach radacach nó fórásach, go simplí toisc go bhfuil an iomarca airde á tabhairt ag an ngrúpa oibre ar an méid atá déanta in áiteanna eile, agus conas go díreach go bhfuil rudaí tar éis oibriú i dtíortha eile.

Ón gcliseadh eacnamaíochta i 2008 ar aghaidh, tá ollscoileanna na tíre tar éis laghdú suntasach ina gcuid maoinithe a fhulaingt. Ghlaoigh Tom Boland, CEO ar Údarás an Ardoideachais agus baill den ghrúpa oibre, “laghdú bainistithe” ar seo Dé Céadaoin – laghdú bainistithe ina bhfuil “gach rud á bhearradh siar go dtí an íos-mhéid lom”. Tá gá, mar sin, le hathrú.

ADVERTISEMENT

Luaigh Peter Cassells, cathaoirleach an ghrúpa oibre, nach raibh an cáin chéimí rathúil in áit ar bith eile, agus dúirt sé gur bhreathnaíodar ar an slí go gcuireadh i bhfeidhm tograí éagsúla trasna an domhain. Mar sin, tar éis éisteach le Cassells agus Boland, ba léir gurb é an t-aon togra go rabhadar ag tabhairt machnamh ceart dó ná comhcheangal de tháillí teagaisc agus scéim iasachta.
Cé go mbreathnaíonn sé go hiomlán loighciúil le rudaí a bhí rathúil in áiteanna eile a thabhairt faoi ndeara, teiptear a aithint go gciallaíonn sé seo gach uair go bhfuil réiteach ar fhadhb faoi leith ag teastáil, ní bheidh againn riamh ach leagan de rud a chuireadh i bhfeidhm in áit éigin eile – leasú beag ar thogra a bhí ann cheana.

Rinne an Fealsúnaí Brasaíleach Roberto Unger cur síos maith ar seo le déanaí. Agus é ag rá go bhfuil “creideamh caillte againn sna tuiscintí móra atá ar fáil dúinn den slí go gcuirtear athrú i bhfeidhm sa stair”, dúirt sé go bhfuil an nós againn titim siar ar “choincheap truallaithe de réalaíochas polaitíochta”, rud a fheictear sa slí is nach bhfuil togra réalaíoch ach “sa mhéid is a éiríonn leis teacht i ngiorracht leis an méid atá ann cheana”.

Mar sin, toisc go bhfuil an grúpa oibre seo tar éis an botún a dhéanamh gan ach na tograí a cuireadh i bhfeidhm in áiteanna eile a chuir sa mheá, tá sé rí-shoiléir go mbronnfar orainn togra faoi leith a bheidh mar an togra “is lú measa”, roghnaithe ón gcarn de thograí atá ann cheana. De bharr sin, ba cheart d’éinne atá ag súil le nuálaíocht ar bith, nó rud a chuirfidh athrú fíreannach i bhfeidhm, an tsúilíocht chéanna sin a mhaolú.

Nuálaíocht – innovation
Fealsúnaí – Philosopher
Togra – Proposal
Truallaithe – Polluted
A chur sa mheá – to consider
Maoiniú – funding
Leasú – alteration