Radius
Oct 27, 2015

10,000 Gaeilgeoir ag Céiliúradh sa Chathair an tSeachtain Seo

Beidh lucht shaol na Gaeilge, ó gach cearn den tír, ag tabhairt aghaidh ar an Ostáin City West i mBaile Átha Cliath d’Oireachtas na Samhna 2015. Príomhfhéile bhliantúil na nGael atá i gceist ina dhéantar céiliúradh ar chultúr, féiniúlacht agus teanga na hÉireann.

Jamie Ó Siochrú Leaseagarthóir na Gaeilge

Tá féile an Oireachtais bunaithe ar fhéile Eisteddfod na Breataine Bige agus ar na Mód san Albain. Ó bhunaíodh an chéad Oireachtas sa bhliain 1897 tá borradh agus fás iontach tagtha air agus é ag dul ó neart go neart ó shin. Tionóladh an chéad fhéile i Seomra Cruinn an Rotunda i mBaile Ath Cliath, agus ceiliúradh é i mBaile Áth Cliath ar feadh tamall de bhlianta ina dhiaidh. Anois áfach, bíonn sé ar siúl in aiteanna éagsúla ar fud na tíre, le deis a thabhairt do bhailte éagsúla spiorad na féile a bhlaiseadh . In ainneoin nár mhair an chéad fhéile ar feadh ach leathlá amháin, d’fhreastal thart ar mhíle duine air agus le blianta anuas tá an tinreamh tar éis ardú go tuairim is deich míle; fianaise ar an rath atá taghta air. Ceann de na cúiseanna is mó atá leis an rath seo ná na mic léinn ollscoile agus an pháirt mhór a ghlacann siad san fhéile, go háirithe iad siúd ó Choláiste na Trionóide.

Tráth dá raibh, bhí an t-Oireachtas dírithe ar naoi gcomórtas: dhá chomórtas filíochta, cúig chomórtas aistí i bprós, comórtas do chnuasach dánta, d’amhráin nó de scéalta Gaeilge nach raibh cuirithe i gcló cheanna féin, comórtas amhránaíochta eile agus comórtas reacaireachta. Anois áfach, tá i bhfad Éirinn níos mó are siúl. Beidh an seoladh oifigúil ar siúl ar an gCéadaoin seo chugainn leis an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh. Ón gCeadaoin ar aghaidh beidh imeachtaí ar siúl le haghaidh chuile aoisgrúpa; beidh comórtais amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós, seisiún ceol, beidh ceolchoirm ag Seo Linn, beidh dráma éagsúla, seimineár poiblí, cóisir na mac léinn, ceardlanna, comórtais díospóireachta, iomanaíocht, liosta líon lán le himeachtaí corraitheacha. Beidh toscaireacht ann ón gCumann Gaelach anseo i gColáiste na Trionóide ag dul ar an Aoine le haghaidh óiche na Mac Léinn agus beidh slua eile ag dul ann ar an Satharn chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’fhoireann an Choláiste atá ag glacadh páirte sa chomórtas díospóireachta.

Beidh RTE Raidió na Gaeltachta agus TG4 ag craoladh beo ann agus na himeachtaí is mó atá ar siúl á léiriú acu. Éisteann daoine ar fud an domhain le Raidió na Gaeltachta i rith Oireachtas na Samhna agus is minic a chloistear scéaltaí ó ghrúpaí i Sasana agus Meiriceá srl. a mbíonn cóisirí beaga acu agus iad ag eisteacht ar an idirlín. De réir uimhreacha ó TG4, is é an príomhchomórtas damhsa ar an sean nós an chlár a mheallann an lucht féachana is mó ar an staisiún gach bliain.

ADVERTISEMENT

Tá na h-imeachtaí seo tabhachtach, ní hamháin do mhuintir na Gaeilge, ach le haghaidh na hÉireannaigh i gcoitinne. Tugann sé ardán naisiúnta dúinn céiliúradh a dhéanamh ar chuile ghné d’ár stair agus d’ár chultúr. Ina theannta sin tá sé tábhachtach dosna Gaeilgeoirí uilig toisc go dtugann sé deis dóibh bualadh le chéile agus nascanna nua a dhéanamh le Gaeilgeoirí eile. Tugann sé deis do chainteoirí Gaelacha aithne a chur ar a chéile agus cairde nua a dhéanamh.

Gan amhras, seachtain spraoiúil, chorraitheach agus chraiceálta atá i ndán duinn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.