Comment & Analysis
Oct 22, 2015

“Profound tragedy” — Mar a D’athraigh an Scéal

Seachtain i ndiaidh dá fhórsaí ospidéal de chuid Médecins Sans Frontiéres a scriosadh, táimid fós gann ar chuntas ó na Stáit Aontaithe, agus is cosúil nach bhfuil fiosrúchán neamhspleách ag teacht.

Andrew Ó hEachteirnContributing Writer

Go gairid i ndiaidh a dó a chlog ar maidin, Dé Sathairn 3ú Deireadh Fómhair, bhí 105 othar ina luí in ospidéal lasmuigh de chathair Kunduz i dtuaisceart na hAfganastáine. Ospidéal de chuid Médecins Sans Frontiéres a bhí ann, an t-aon ospidéal in oirthuaisceart na hAfganastáine atá mar ionad cabhair dhaonnúil sa réigiún, láthair chogaidh idir an Taliban agus an Afganastáin/Stáit Aontaithe ón mbliain 2001.

Ag a 2:08 a.m. Dé Sathairn, buaileadh an t-ospidéal le sraith aerbhuamála. Tháinig na hionsaithe gach 15 nóiméad nó mar sin agus lean ar aghaidh go dtí 3:15 a.m. Buaileadh príomhfhoirgneamh an ospidéil “le cruinneas, arís agus arís eile”, dar le MSF, fad is a fágadh na foirgnimh ina thimpeall den chuid is mó gan damáiste. Maraíodh 22 duine san ionsaí — dháréag ball foirne maraon le deichniúr othar, triúr páistí ina measc. Gortaíodh 37 duine, 19 ball foirne san áireamh. Measann MSF go bhfuil 33 duine fós ar iarraidh.

Tharla an t-aer-ruathar in ainneoin gur sholáthair MSF comhordanáidí GPS an ospidéil tráma d’oifigigh de chuid na Comhghuaillíochta agus an airm Afganastánaigh chomh déanach leis an 29ú Meán Fómhair, ceithre lá roimhe sin.
“Lean an aerbhuamáil ar aghaidh breis agus 30 nóiméad ar insint dúinn d’oifigigh mhíleata SAM agus Afganastánacha in Washington agus in Kabul go raibh ospidéal faoi ionsaí”, dar le MSF.

ADVERTISEMENT

Ar éirí don ghrian, aimsíodh láthair an ospidéil ina léirscrios, coirp na marbh scaipthe, dochtúirí agus altraí ag iarraidh beathaí comhghleacaithe agus othar a shábháil in obrádlann a caitheadh le chéile i gceann des na seomraí nár scriosadh. Tháinig na Stáit Aontaithe amach i rith an lae ag rá gur reachtáil sé aer-ruathar in Kunduz i rith na hoíche mar chuid den “tenacious fight” chun Kunduz a bhuachan ar ais ón Taliban:

3 Deireadh Fómhair
“U.S. forces conducted an airstrike in Kunduz city at 2:15 a.m., Oct. 3, against individuals threatening the force. The strike may have resulted in collateral damage to a nearby medical facility.”

Lorg MSF iniúchadh neamhspleách ón gCoimisiún Idirnáisiúnta Daonnúlach Faisnéise (IHFFC) chun firicí na heachtra a aimsiú.

Bunaíodh an IHFFC sa bhliain 1991 agus tá a bhunús sa Chéad Phrótacal de Choinbhinsiún na Ginéive. Ní aithníonn SAM an chuid seo den dlí idirnáisiúnta, áfach. Níor ghlac siad leis an gconradh i 1977 nuair a mhol na Náisiúin Aontaithe é.

Le linn na ceithre lá i ndiaidh na tragóide, d’aistrigh na Stáit Aontaithe an cuntas a bhí acu ceithre huaire.

4 Deireadh Fómhair
“U.S. forces conducted an airstrike in Kunduz city at 2:15 a.m., Oct. 3, against insurgents who were directly firing upon U.S. service members advising and assisting Afghan Security Forces in the city of Kunduz. The strike was conducted in the vicinity of a Doctors Without Borders medical facility.”

5 Deireadh Fómhair
“We have now learned that on October 3rd, Afghan forces advised that they were taking fire from enemy positions and asked for air support from U.S. forces. An airstrike was then called to eliminate the Taliban threat and several civilians were accidentally struck. This is different from initial reports which indicated that U.S. forces were threatened and that the airstrike was called on their behalf.”

6 Deireadh Fómhair
“Even though the Afghans request that support, it still has to go through a rigorous US procedure to enable fires to go on the ground. We had a special operations unit that was in close vicinity that was talking to the aircraft that delivered those fires.”

Mar achoimre: i dtús báire, thuig an Pentagon go raibh fórsaí SAM faoi bhagairt ón Taliban agus go mb’fhéidir gur tharla “collateral damage”. Lá dar gcion, níorbh é bagairt ach ionsaí díreach agus tharla sé in aice le hospidéal MSF. Lá dar gcion, is cosúil nach raibh fórsaí SAM faoi ionsaí nó faoi bhagairt agus go raibh an locht ar fhaisnéis lofa na nAfganastánach. Agus lá dar gcion féin, thuig an Pentagon ar deireadh gur eitleán SAM a bhí ag déanamh agus ag maoirsiú an ionsaithe.

An é gur thóg sé ceithre lá ar arm Stáit Aontaithe Mheiriceá, an t-arm is mó agus is cliste ar domhan, a aithint go ndearna sé féin an t-ionsaí?

An é gur thóg sé ceithre lá ar arm Stáit Aontaithe Mheiriceá, an t-arm is mó agus is cliste ar domhan, a aithint go ndearna sé féin an t-ionsaí? An é gur cheap sé go raibh saighdiúirí Meiriceánacha faoi bhagairt agus go ndearna siad botún?

Dúirt rialtas na hAfganastáine i ráiteas go raibh fórsaí an Taliban ag úsáid an ospidéil chun scaoileadh ar fhórsaí na Comhghuaillíochta, rud a shéanann an charthanacht go díocasach. Deir uachtarán idirnáisiúnta MSF, Joanne Liu, gurb ionann an ráiteas a tugadh agus admháil coir chogaidh.

D’ainneoin dhébhríocht chuntas na Meiriceánach agus a gcuid i mbás 22 sibhialtach agus scrios ospidéal carthanachta, diúltaíonn Barack Obama d’iniúchadh neamhspleách. Seachas sin, tá fiosrúcháin ar bun ag an Pentagon, NATO agus an Afganastáin; ar nós an Taliban ag déanamh an fhiosrúcháin maidir le 9/11.
Arsa urlabhraí ón Teach Bán: “The events in Afghanistan are a profound tragedy … each of these investigations will be aimed at trying to get as much accuracy as possible around the details of what transpired in the lead up to this tragedy”. Is léir nach bhfuil an méid seo ar siúl acu, áfach.

Ba chóir do na Stáit Aontaithe deireadh a chur lena chuid fimínichis agus sotail agus ligint don IHFFC iniúchadh neamhspleách a dhéanamh, mar tá an chosúlacht ar an scéal faoi láthair go bhfuil bréaga á n-insint. Go mhóire Dia ar an duine nach cara é le SAM — bíodh sé ina fhear, bhean, pháiste, dhochtúir — mar d’ainneoin a chuid iompair, ní Dia ann féin é arm “Thalamh an Chalma”.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.