Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 30, 2016

Is Gá do Thacaíocht an Rialtais do Ghaelscoileanna Leathnú thar na Ghaeltachtaí

Agus méadú maoinithe do scoileanna Gaeltachta ag freaschur na gciorruithe, níl tairbhe bainte amach fós ag an bpobal Gaelach taobh amuigh den Ghaeltacht.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí fáilte mhór curtha roimh pholasaí nua an rialtais i leith oideachais Gaeltachta a fhoilsíodh le linn na seachtaine ag an gcomhphobal Gaelach. Leoga, dúirt Julain de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur “polasaí cuimsitheach agus uaillmhianach” atá ann.

Is dócha gur freagra réasúnta é an moladh díograiseach seo don pholasaí ó eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Leoga, tá an earnáil tar éis ciorruithe leanúnacha a fhulaingt le fada a bhain leath dá cuid maoinithe di ó 2008. Déanfaidh an €1 milliún a ghealladh chun cabhrú le scoileanna sna Gaeltachtaí agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin suntasacha a bhaineann le hoideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge, mórán chun treocht bhaolach i bpolasaí Ghaeilge a fhreaschur, go háirithe de bharr an méadaithe go €7 milliún den méid sin le linn na cúig bhliain atá amach romhainn. Is mór an tairbhe fresin atá i ngnéithe eile den pholasaí, a thabharfaidh ról do scoileanna Gaeltachta sa phróiseas pleanála, agus comhordaithe polasaí teanga, a chinnteoidh go n-úsáidfear sa bhealach is éifeachtaí chuile acmhainn a infheisteofar i bhforbairt na nGaeltachtaí.

I measc na gcúiseanna leis an bpolasaí seo a leag an rialtas amach, bhí an aidhm “go mbeidh scoileanna aitheanta Gaeltachta mar chéad rogha scolaíochta do thuismitheoirí na Gaeltachta.” Gan amhras, is mór an dúshlán atá intuigthe le hiarracht ar bith an aidhm sin a chur i gcrích, mar is le fada a bhfuil gantannas acmhainní múinteoireachta agus téacsleabhair a thabharfadh do mhic léinn na deiseanna is fearr ann.

ADVERTISEMENT

Áfach, is iadsan na dúshláin chéanna atá roimh Ghaelscoileanna taobh amuigh de cheantair Gaeltachta ainmnithe. I measc na 1.7 milliún daoine sa stát a bhfuil cumas Gaeilge acu, níl ach 100,000 dóibh ina gcónaí i nGaeltachtaí, de réir an daonáirimh 2011. Ina theannta sin, ta cumas Gaeilge ag 374,000 duine i mBaile Átha Cliath. Nach gá acmhainní breise a thabhairt dona scoileanna sin freisin, atá in ann freastal ar dhaonra níos mó Gaeilgeoirí, ionas go mbeidís in ann dul i ngleic le dúshláin an oideachais trí mheáin na Gaeilge?

Agus staid agus comhphobal na teanga ag athrú agus ag leathnú, is gá don rialtas a scéimeanna tacaíochta a chr in oiriúint chun an teanga a chothú taobh amuigh dá ceantair traidisiúnta.