Radius
Dec 8, 2016

Conspóid, Cúirteanna agus na Méain Chumarsáide á Phlé ag Craobh Maidens na Gaeilge

I dTeach na dTiarna oíche Mháirt, bhí argóint bhríomhar, bheoga i measc iomaitheoirí an chomórtais agus iad ag iomaíocht chun tícéid Trinity Ball a bhuachan.

Aishling RuigrokScríbhneoir Cúnta
blank
Greta Warren/An Cumann Gaelach

Bhí an rún chasta a bhí le phlé ag na hiomaitheorí díospóireachta i dTeach an dTiarnaí Dé Máirt ná: “Tá cothrom na Féinne sa chuairt ag fulaingt de bharr thionchar éagórach na meán.” Craobh Maidens na Gaeilge a bhí i gceist, agus ní féidir a shéanadh gur ocáid mór a bhí ann, ón bhfáilte fíona, go dtí an gnás feistis “Black Tie”, ba léir go ndearnadh chuile iarracht chun oíche speisialta a chur ar siúl.

Osclaíodh na dorais ag a seacht a chlog agus bheadh ochtar ag glacadh páirt sa chomortas, eagraithe ag Gael Linn agus an Cumann Gaelach, ag labhairt ar son, agus i gcoinne an rúin.

Bhí an tasc scáfar ag Fiachra ó Braonáin tús a chur leis an díospóireacht ag argóint i bhfábhar an rúin. D’áitigh sé go láidir go bhfuil na meáin i ngach áit sa lá atá inniú ann, nach féidir éalu óna ngreim nimhneach. Dearbhú dána muiníne a bhí ann nuair a dúirt sé go bhfuil rudaí pléite sna meáin go minic “neamhchruinn nó go hiomlán breagach.”

ADVERTISEMENT

B’í Aoife Enright an dara cainteoir, í ag argóint i gcoinne an rúin. Mhaígh sí, go conspóideach, gurb é an t-aon rud a thagann amach sna meán ná an fhírinne. Dá bharr sin, rinne sí tagairt do na dlíthe atá ann chun an córas a chosnú óna meáin.

Fear stuama, dea-labhartha ab ea Emmet de Bharra a labhair arís ar son an rúin. Chuir sé in iúl nach féidir le giúiré éalú ón eolas atá go forleathan sna meán. Ba cheart a mbreitheamh a dhéanamh ar an eolas a thugadh dóibh sa chúirt amháin ach níl sé seo indéanta. ‘Neamhchiontach go dtí go gcruthaítear tú a bheith ciontach’ a dúirt sé, ach ní sin mar atá cursaí, dar leis.

Chuir oráid an chéad cainteor eile gach duine, (an lucht an fhreasúra ina measc) ag gáire. “A dhaoine uaisle agus a dhaoine neamhuaisle” a dúirt sé chun tosaigh. Lán le muinín, chuir Bill Walsh an lucht éisteachta ag gáire agus é ag argóint ar son cothroime na cuairte, agus seafóid an rúin. “Is proifisiúnta iad na breitheamh” a dúirt sé.

Bhí fios a ngnó ag Eimear Ní Churtáin, an cúigiú cainteoir, ag déanamh an-chuid bréagnaithe ar lucht an fhreasúra. Ghabh sí buíochas as an seans seo a fháil don páirt a ghlacadh sa chomórtas iontach sin, agus a bheith ar an taobh ceart don rún le haghaidh an Craobh. Nach raibh an t-ádh léi!

Níor theip ar Christopher McMahon aird an lucht féachana a choimeáid lena óráid. Labhair sé ós ard le go leor paisean is muinín. I gcás suimiúil, d’áitigh sé nach amháin nach ndéanann na meáin dochar do chothrom na Féinne, ach is é fírinne an scéil go gcuireann sé le cothromaíocht sna cúirteanna.

Sa dara háit ón deireadh, chualamar Conn McCarrick ag súil go mbeadh ‘an bua ag a fhoireann agus aige níos mó’ agus é ag argóint i bhfábhar an rún. Ba mhór an bhéim a chuir sé ar chine agus an ról a atá ag baint leis i gcursaí dlí.

Agus, faoi dheireadh, shroicheamar an cainteor deireanach. ‘Tá tionchar cinnte ag na meáin ar chursaí, ach níl cothrom na Féinne ag fulaingt dá bharr,’ a dúirt Eoin O’Hare. Arís mhaígh sé go raibh muinín aige i mbreithiúna.

Agus na moltóirí ag déanamh a seacht ndícheall chun buaiteoir a phiocadh, (duine a bhfaigheadh dhá ticéad inmhianaithe don Trinity Ball), bhí Harry McGee, comhfhreagraí polaitiúla an ‘Irish Times’ ann mar aoichainteoir speisialta. Mhol sé an caighdeán ard a bhí ag na daltaí agus iad ag plé rún chomh chasta sin. Dúirt sé nach mór dó a rá go raibh sé an-tógtha lena gcur i láthair, cur chuige agus a n-argóintí láidir. Agus é ag déanamh naisc idir a bhfuil á phlé ag na hiomaitheoirí agus a bhfuil le feiceáil i gceannlínte an lae sna nuachtáin. Cé nach ndúirt sé cibé acu den dena cainteoirí a raibh sé in aontas leis níos mó, bheimnigh sé gur gá labhairt níos fairsinge faoi chothrom na Féinne sa tsochaí ina hiomlán, ní hamháin sna cúirteanna.

I ndeireadh na dala, tháinig na moltóirí ar ais, agus fógraíodh Bill Walsh mar bhuaiteoir fiúntach. Tar éis an dara háit a bhaint amach sa chomortas díospóireachta ag an Oireachtas, agus an caighdeán ard a fheiceáil aréir, is léir go bhfuil todhchaí geall ag díospóireacht Ghaeilge i gColáiste na Trionóide.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.