Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 11, 2016

Is le Tuiscint ar Bhacainní Doláimhsithe a Chuirfear Comhionannas sa Chóras Ardoideachais

Tá 20 scoileanna táille i measc na 25 scoileanna leis an méid is mó daltaí i gcúrsaí ard-phointí a chuireann solas ar dheighilt suntasach idir scoileanna na hÉireann.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

D’fhoilsigh an Irish Times an liosta bliantúil scoileanna friothálacha d’institiúidí ardoideachais na hÉireann an tseachtain seo. Cuireann an liosta solas ar an éagothroime tromchúiseach in oideachas tríú leibhéil ar fud na hÉireann. I measc 700 scoileanna in Éirinn, tá 52 dóibh príobháideach, ach tá mic léinn ó scoileanna táille – atá don chuid is mó sna ceantair is saibhre in Éirinn – ag líonadh go díréireach cúrsaí ard-phointí. I measc na 25 scoil leis an cuid is mó dá mac leinn a fhreastlaíonn ar chúrsaí ard-phointí, tá 20 scoilphríobháideach, tar éis méadaithe ó 16 sa bhliain 2013.

I gceantair faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath, níl dalta dá laghad ó scoileanna áirithe le háit aige i gcúrsa ard-phointí. Leoga, ní fhreatlaíonn ach 15 faoin gcéad de dhaltaí óna ceantair sin ar oideachas tríú leibhéil. Áfach, ní héasca an rud é dul i ngleic leis an deighilt sin. Tá infheistíocht mhór á chur i gClár Rochtana Choláiste na Tríonóide agus dianiarrachtaí bainteacha chun an méid mac léinna thagann ó cheantair faoi mhíbhuntáiste a mhéadú ag Coláiste na Tríonóide. Is suntasach agus éagsúil iad na hiarrachtaí sin, agus iad mar shampla do scéimeanna den saghas céanna ar fud an domhain. Ach léirigh an Tuairisc Bhliantúil um Monatóireacht Comhionannaisa fhoilsíodh an mhí seo, nár leor na hiarrachtaí sin.

I Mol an tSeomra Fhada i gColaiste na Tríonóide ar an Aoine, labhair Louise Richardson, Leas-Seansailéir Ollscoile Oxford faoin deacracht a bhaineann le rochtain d’oideachas a mhéadú, ag treisiú nár “féidir labhairt faoi ollscoileanna gan tagairt a dhéanamh d’oideachas ina iomlán.” Loega, is i bhfad níos luaithe a roghnaíonn duine a chúrsa, má roghnaíonn siad ceann ar bith. Baineann daltaí i scoileanna táille tairbhe as tnúthán go leanfaidh siad ar aghaidh go dtí cúrsaí ard-phointí. Tá rochtain acu freisin do cháilíocht níos airde múinteoireachta agus do dhiancheachtanna – i gcomhthéacs an airgeadais agus i gcomhthéacs cultúrtha, mar beidh cuid mhór dá chairde ag baint tairbhe astu freisin. Is féidir le scoil atá airgead aici na múintoeiri is fearr a mhealladh. Beidh sé deacair do scoil atá faoi bhrú agus atá ag fulaingt na bhfadhbanna go léir a bhaineann le ceantar faoi mhíbhuntáiste foireann múinteoireachta a mhealladh.

ADVERTISEMENT

Ní chabhraíonn srathú ardoideachais na hÉireann ionas go mbeadh daltaí ó scoileanna táille ag freastal ar ollscoileanna agus le daltaí eile fúthu le héinne. Is gá d’iarrachtaí chun dul i ngleic leis sin a n-aghaidh a thabhairt ar ghnéithe níos éginnte, cosúil le tnúthán, cultúr agus rochtain do thacaíocht oideachasúil. I ndiaidh a chéile a thógatar an chaisleán, agus ní sárófar na fadhbanna sin go tapa, ach ní féidir rud ar bith a dhéanamh ina dtreo gan na bacainní doláimhsithe a thuiscint.