Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 22, 2017

Mura bhFeiceann an Polaiteoirí Luach na Mac Léinn d’Éirinn, Ní Dócha go bhFeicfidh Siad É Riamh

Níl aon chiall in íde béil a thabhairt don earnáil tithíochta de bharr a tóraíochta brabúis le hiarracht bheag, agus is míthuiscint mhór de staid dobhuanaithe an mhargaidh atá léirithe ann.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I dtráchtanna urlabhraí Páirtí an Lucht Oibre ar Athfhorás Uirbeach, Joe Costello, an tseachtain seo, níl ach an chéad sampla eile de dhíspeagadh dírithe ar mhic léinn ó ionadaithe tofa na tíre. Agus é ag tabhairt “gé na n-uibheacha óir deihmnithe” ar bheartas an tionscadail tógála níos mó iostais do mhic léinn a chruthú, dúirt Costello go raibh an tionscadal “ag éirí craiceáilte arís,” agus é ag treisiú nach bhfuil cathracha na hÉireann ullmhaithe chun dul i ngleic le lárionaid iostais do mhic léinn a chruthódh “éagothroime ollmhór le muintir na háite, chuirfeadh brú ar sheirbhísí poiblí agus a chruthódh a lán fadhbanna sóisialta i gceantair tithíochta,” dar leis.

Ach tá sé dearmadta i gcur i láthair an ábhair seo go bhfuil iostas do mhic léinn ag teastáil go práinneach – leoga, tugann an tÚdarás um Ardoideachas le tuiscitn dúinn go bhfuil 25,000 leapacha bhreise á iarraidh ar fud na tíre. Ní aimsítear i gcaoineadh Costello go bhfuil a dháilcheantar, Baile Átha Cliath – Lár, lán le hiarratais pleanála d’iostas do mhic leinn le déanaí lenar ghlacadh, go bhfuil méid mór ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta móra suite i lár na cathrach, Colásite na Tríonóide agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, ina measc.

Bainfidh infhaighteacht mhéadaithe iostas do mhic léinn an brú ón gcuid eile den earnáil cíosa, rud a rachaidh i ngleic leis an easpa tithe clainne, saghas tithe a cheapann Costello gur cheart go mbeadh ina “dhíriú intinne na hearnála tógála.” Tugann soláthair níos mó iostais do mhic léinn – nós imeachta éasca agus mealltach do chuideachtaí – na tithe clainne seo do chlanna, mar is ag mic léinn atá siad i láthair na huaire. Níl aon chiall in íde béil a thabhairt don earnáil tithíochta de bharr a tóraíochta brabúis le hiarracht bheag, agus is míthuiscint mhór de staid dobhuanaithe an mhargaidh atá léirithe ann, mar is dócha go gcuirfeadh an margadh fáilte mhór roimh laghdú éilimh ar bith, cibé áit a bhfuil aige mar fhoinse.

ADVERTISEMENT

Is cúis mhór imní é go bhfuil na fadhbanna tithíochta atá ag crá na sochaí faoi lathair míthuigthe ag urlabhraí ar Athfhorás Uirbeach. Ach níl an chéad uair é sin a bhfuil píosa níos lú den cháca hipitéiseach tabhartha ag polaiteoirí do mhic léinn. I measc na ngrúpaí éagsúla sa tír seo, tá an luach is mó le tabhairt don tsochaí ag mic léinn. Mura bhfeiceann na polaiteoirí cheana féin an luach atá san oideachas agus an luach atá ag mic leinn agus iad ag obair agus ag caitheamh airgid, ag cur le geilleagair cathracha na hÉireann, ní dócha go bhfeicfidh siad é riamh.