Radius
Feb 11, 2017

Ag Ceiliúradh na hÉigse le Lá Oscailte na Scéime

Tugann Philip McGuinness cuairt ar lárionad na Gaeilge ríthábhachtach i mBá na Lutheolaíochta.

Philip McGuinnessScríbhneoir Foirne
blank
Sinéad Baker for The University Times

I ndiaidh seachtain iontach ghnóthach don Cumann Gaelach agus Roinn na Gaeilge, tá féile mhór na bliana, Éigse na Tríonoide díreach tar éis chríochnú inné le tráthnóna suaimhneach i dTeach 12, curtha i láthair ag muintir na scéime.

Eagraithe ag grúpa mar chuid den Scéim Chónaithe agus mar pháirt den fhéile Ghaelach, buaicphointe na bliana ó thaobh labhairt na Gaeilge de sa choláiste, cuireadh fáilte roimh chách teacht le haghaidh ceoil, brioscaí is tae i mBá na Lutheolaíochta ag a haon a chlog inné.

Bhí cheol á chasadh ann a chuir fáilte roimh na cuairteoirí a tháinig chuig an teach. Bhí na doirse uilig ar oscailt ionas go raibh daoine in ann teacht amach is isteach ag aon am. Bhí daltaí ón Scéim i mbliana ann chun labhairt le scoláiri agus baill foirne a bhí i láthair i rith an lae.

ADVERTISEMENT

Aidhm an lá ná eolas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne fá dtaobh cuid iontach tábhachtach de shaol na teanga san ollscoil, An Scéim Chónaithe. Slua mhór a tháinig chun níos mó a fháil amach faoin tionscnamh rathúil seo, a bhíonn ag dul ó neart go neart gach aon bhliain le roinnt blianta anuas anois.

Bhí daltaí ann a raibh in ann comhairle iontach suntasach a chur ar fáil do dhaltaí eile a bhfuil suim acu sa Scéim.

Bhí an ocáid seo eagraithe ag grúpa amháin sa Scéim don togra, sé sin imeacht nó ócáid éigin a eagraítear uair amhaín in aghaidh an téarma chun an Gaeilge a chur chun chinn sa Choláiste. Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl gach uile téarma mar chuid den Scéim.

Seachtain iontach spleodrach a bhí i gceist le linn seachtain na hÉigse, ón mBricfeasta Mór ar an Luain go dtí an Gig Mhór sa Wiley Fox oíche Déardaoin. Cuireadh críoch réchúiseach, suaimhneach leis ar an Aoine, smaoineamh iontach do na blianta atá romhainn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.