Radius
Feb 7, 2017

Rince, Rí-Rá agus (Preas)-Rúnaí a Chuireann Tús le hÉigse na Tríonóide

Ag seoladh ceiliúrtha bliantúla na Gaeilge, labhair Eoin Ó Neachtáin faoi thábhacht agus úsáid laethúil na teanga.

Christopher McMahonIrish Language Editor
blank
Sinéad Baker for The University Times

“Ní raibh téacs a sheol mé chuig Brian Cowen nach raibh i nGaeilge,” a mhínigh Eoin Ó Neachtáin do shlua beag i Seomra na Gaeilge aréir, “agus ní raibh téacs a sheol mé chuig Enda Kenny nach raibh i nGaeilge ach an oiread.” Labhair an iar-phreas-rúnaí don rialtas go hoscailte faoina shaol garimiúil agus threisigh sé tábhacht praiticúil na Gaeilge sa saol poiblí, agus é mar aoichainteoir ag an gCumann Gaelach ag an ócáid seolta Éigse na Tríonóide.

De réir cosúlachtaí, bhí an Ghaeilge go mór in úsaid i measc foirne na dTaoiseach le linn an chéid seo, agus níl a bhfuil eolas níos fearr aige air na Eoin Ó Neachtáin, saighdiúir, oifigeach gnóthaí phoiblí don ESB, preas-rúnaí do Bertie Ahern, Brian Cowen agus Enda Kenny. Leoga, ar a dúirt sé ag an ócáid: “is buntáiste mhór í an Ghaeilge go minic,” agus e ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach (ach go díschréideach freisin) leis na daoine dona raibh sé mar ionadaí. Threisigh sé freisin go raibh sé thar a bheith úsáideach dá shaol laethúil sa phost. “Ag cruinnithe leis na meáin, ar ndóigh, chuirfeadh iriseoirí TG4 ceisteanna duit as Gaeilge ach freisin chuirfeadh daoine óna nuachtáin móra cúpla ceann chomh maith.” Ina theannta, dhearbhaigh Ó Neachtain gurbh eisean “an duine a thug an t-aistriúchán “is féidir linn” don Uachtarán Barack Obama agus é sa Teach Bán don dara uair.

Ní hamháin scéalta suimiúla Ó Neachtain a bhí ann chun cuairteoirí a mhealladh go Seomra na Gaeilge. Bhí taispeántas suntasach á thabhairt ag grúpa damhsa an Chumainn Gaelaigh, ar a bhronnadh an duais do “Trinity’s Best Dance Crew” le déanaí le haghaidh seachtaine RAG.

ADVERTISEMENT

Ní raibh san ócáid sin ach tús foirmiúil le seachtain mhór imeachtaí a dhéanfar ceiliúradh ar an nGaeilge. Agus í ag déanamh cur síos ar Éigse na Tríonóide, threisigh Áine Haberlin, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, gur “ceiliúradh ar ár dteanga atá ann, álainn agus tábhachtach.” D’úsáid Oifigeach na Gaeilge don Choláiste, Aonghus Dwane, an deis láidreacht na teanga a chur in iúl: “tá fo-struchtúr iontach ann chun an teanga náisiúnta a chur chun cinn.”

I measc na n-imeachtaí atá le teacht, beidh ceardlanna feadóg stáin agus drámaíochta, ranganna yóga, RAVEaerobaic, turas ealaíne agus ciorcail comhrá. Chomh maith leis sin, beidh seastáin ar fud an Choláiste le linn na seachtaine ag tairiscint “tae agus plé”. Freisin, beidh díospóireachtaí, “Gig Mór” agus Oíche Ghrinn chun oícheanta na seachtaine a líonadh. Tá amchlár lán go béal fógartha ag an gCumann Gaelach d’Éigse na Tríonóide an tseachtain seo, agus is mór an obair atá déanta acu, agus iad ag comhoibriú le hAontas na Mac Léinn, Oifig na Gaeilge agus réimse ilíoch cumann eile den Choláiste.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.