Sport
Mar 26, 2017

In Ainneoin Scóranna Iontacha, Cailleann DUFC i gCoinne Choláiste Mhuire 37-24

Tar éis tús lag, níor éirigh le Coláiste na Tríonóide an deighilt a bhí idir na foirne ag leath-am a shárú.

Ronan FallonScríbhneoir Cúnta
blank
Sam McAllister for The University Times

Cluiche deacair a bhí roimh an gColáiste agus iad ag imirt in aghaidh foirne Choláiste Mhuire trathnóna Sathairn, agus imreoirí curtha amach acu amhail an leath-chúlaí Cathal Marsh, a imríonn le foireann Laighean. Thosaigh an cluiche d’fhoireann na Trionóide ar an gcaoi a leanfadh sé dóibh, an cic tosaigh á cur caol díreach amach. Bhí an Coláiste, a d’imir le cóir na gaoithe sa chéad leath, faoi bhrú ón gcéad chic.

D’éirigh le foireann na Tríonóide teacht ar ais ón drochthús sin agus bhí formhór na himeartha acu sa chéad deich nóiméad. Bhris Colm Hogan trí líne Mhuire san ochtú nóiméad chun an imirt a thabhairt laistigh de 22 Choláiste Mhuire, ach ní raibh siad in ann aon bhuntáiste a bhaint amach. Níor thóg sé mórán ama ar Choláiste Mhuire an lámh in uachtar a fháil orthu.

Ruaig Coláiste Mhuire síos an pháirc agus bhuail smitín álainn thar líne na Trionóide, rug Terry Kennedy air agus bhí Coláiste Mhuire thar an líne don chéad uair. Níor éirigh le Marsh an t-úd a shlánú. Trí nóiméad níos déanaí, bhí Coláiste Mhuire thar an líne arís i ndiaidh dóibh líne chosanta Choláiste na Tríonóide a bhrú siar d’iarracht an liathróid a sciobadh. Choinnigh Gus Jones an liathróid agus chuir sé síos í don dara úd ag buille trí nóiméad do Choláiste Mhuire. Chuaigh iarracht Marsh an t-úd a shlánú amú arís, agus bhí Coláiste Mhuire ag buachaint 0-10.

ADVERTISEMENT

D’éirigh le Coláiste na Tríonóide a líne a chaomhnú ar feadh deich nóiméad ach tar éis cosaint iontach a dhéanamh, chuir siad an liathróid chun tosaigh i ndiaidh iarracht eile í a sciobadh. Chuir Coláiste Mhuire foireann na Trionóide faoi bhrú ollmhór tar éis na clibirte, agus d’éirigh leo an liathróid a bhrú thar an líne faoina gcuaillí agus an t-úd a shlánú chun an scór a chur ag 0-17 tar éis leathuair an chloig.

Díreach ón gcic tosaigh amach, áfach, d’éirigh le Coláiste na Trionóide iad féin a tharraingt ar ais sa chluiche. Choinnigh Coláiste Mhuire an liathróid suas go mídhleathach faoi na cuaillí, tugadh cic pionóis do Choláiste na Trionóide agus cuireadh nascaire Mhuire, Colm O’Flaherty, go bosca an pheaca. Thug an réiteoir úd pionóis don Choláiste i ndiaidh clibirte fíorláidre dá bharr sin.

Sam McAllister for The University Times

Faraor, níor éirigh le Coláiste na Trionóide an deis a thapú agus an fear breise acu, agus tar éis cic phionóis a thabhairt caol díreach roimh dheireadh na leithe, chríochnaigh siad le scór 7-20 ag an mbriseadh.

Chuir Coláiste na Trionóide tús iontach leis an dara leath. Rug Bryan Mollen ar chic thraspháirce uaillmhianach agus thrasnaigh sé an líne chun an úd ab fhearr den lá a ghnóthú. Níorbh fhada gur bhrúigh Coláiste Mhuire chun tosaigh arís, áfach, i ndiaidh gur theip ar roinnt iarrachtaí greamaithe dá gcuid agus thrasnaigh Darren Moroney de chuid Choláiste Mhuire chun pointe bónais a shlánú dóibh. Chuir siad cic phionóis thar an trasnán leis, chun an scór a fhágáil ag 12-30.

Thug Colm Hogan dóchas d’fhoireann na Trionóide le briseadh iontach trí líne chosanta Choláiste Mhuire agus an liathróid a chuir isteach faoina gcuaillí. Slánaíodh an t-úd agus tráth a raibh fiche nóiméad go fóill le caitheamh bhí súil Choláiste na Trionóide ar an mbua.

Bhí deacrachtaí ag Coláiste na Trionóide leis an atosú i gcaitheamh an chluiche ar fad, áfach, agus is éard a tháinig as an tráth seo ná cic phionóis, síneadh amach agus tréimhse de bhrú géar ar an gColáiste nó gur éirigh le Coláiste Mhuire an líne a thrasnú arís. Slánaíodh an t-úd. Tamall de fhrustrachas do Choláiste na Trionóide ansin, ag teipeadh orthu dul chun cinn a dhéanamh i ndiaidh dóibh scóir iontacha a bhaint amach.

Ar lorg pointe bónais, thrasnaigh Tim Maupin i gcomhair úid sa nóiméad deireanach chun scór 24-37 a dhéanamh. Níor leor é ar lá deacair úd do Choláiste na Tríonóide, áfach, lá nach dtiocfadh leo dul chun cinn a dhéanamh tar éis dóibh géilleadh do chúpla úd tapa sa chéad leath.

Tar éis a gcailliúna, tá Coláiste na Trionóide tar éis bheith bogtha síos go dtí an seachtú áit i sraith 1A, iad ag imirt sa tsraith uachtarach den chéad uair, cúig phointe chun tosaigh ar Terenure atá san ochtú áit. I gcoinne UCD in Belfield a bheidh an chéad chluiche eile don Choláiste. Tá seans maith ann gurb é cluiche deiridh Choláiste na Tríonóide i gcoinne Terenure a chinnfidh cé acu a rachaidh síos sa tsraith. Beidh ar an bhfoireann a chríochnaíonn sa seachtú áit cluiche cáilithe a bhuachaint chun dícháiliú a sheachaint.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.