Níl toghchán Katie Ascough mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCDSU) domhínithe. Toradh díreach atá ann de dhaonra mac léinn a bhfuil gach suim i bpolaitíocht na mac léinn caillte acu agus a rinne dearmad ar a tábhacht.
Tá na comharthaí soiléir ach ní hamhlaidh atá na réitigh. Don nóiméad, fanfaidh na mílte mac léinn chun iarmhairtí a gcinnidh daonlathaigh don aontas a fheiceáil. Beidh an t-aontas ar son rogha fós, tar éis reifrinn nuraidh inar vótáil 64 faoin gcéad vótóirí sainordú ar son rogha, in ainneoin iarrachtaí lucht molta seasaimh neodraigh a bhí eagraithe. Ach cad a léirítear nuair a athraíonn grúpa oilte i gceann dena hollscoileanna is fearr in Éirinn a sainrogha ar son rogha i bhfabhar iarrthóir ar son na mbeo gan bhreith le nascanna do réimse eagraíochtaí caomhacha Críostaí a bhfuil stair acu cur i gcoinne cearta ginnmhillte agus comhionannas pósta?
Bhí a seasamh ar son na mbeo gan bhreith teagasmhach dá feachtas. Níor gheall siad dul ar ais chuig luachanna caomhacha na laethanta ata thart nó an campas ar son na mbeo gan bhjreith amháin in Éirinn a dhéanmah de UCD. Ní ionann sin is a rá nach bhfuil cúis imní ina toghchán – tá duine bhfuil tar éis freagra déchiallach a thabhairt agus ceist curtha uirthi faoi fheachtasaíocht a dhéanamh ar son aisghairme an Ochtú Leasaithe.
Tar éis gach toghchán, is gá dona cailliúnaithe samhlú ar a tharla. Ach níl sé cinnte cé atá mar na cailliúnaithe sa toghchán sin. Bhí, ar ndóigh, beagán rírá i measc na 35,000 mic léinn den choláiste. Ach, don tromlach, ní cinnte a raibh á cheapadh acu faoin toghchán. Is cinnte go raibh cuid díobh dímheabhrach faoin bhfeachtas agus faoina hiarrthóirí. Ba chuma le méid níos mó ná sin.
I measc na nascanna idir mic léinn agus a gcuid ionadaithe, idir cumainn, meáin mac léinn agus aontais na mac léinn, tá sceipteachas agus fuarchúis a chruthaigh cinneadh a chuir mearbhaill agus buairt ar a lán daoine.
Tá mic léinn in UCD níos patuaire, de réir dealraimh, i gcomparáid le mic léinn in ollscoileanna eile ar fud na tíre. In ainneoin an daonra níos mó mac léinn, an-iomaíocht sna toghcháin agus dhá reifreann suimiúil, vótáil uimhir daoine sna toghcháin sin is a vótáil sna toghcháin i gColáiste na Tríonóide ina raibh na gnéithe sin in easnamh. Tá a aontas freisin mar cheann den uimhir bheag aontas nach raibh cleamhnaithe leis an aontas náisiúnta, rud a dhéanann ionadaíocht san aontas áitiúil níos tabhachtaí fós.
Ní héasca a bheidh sé réiteach leis na fadhbann sin, ach tá sé ag teastáil le fada. Tá sé de dhualgas ar an aontas dul i dteagmháil le mic léinn, ar na nuachtáin na ceisteanna sin a fhiosrú níos doimhne agus ar mhic léinn féin tábhacht beartas agus ionadaithe tofa a mheasúnú go géar.