Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 27, 2017

An Líon Focal do Halla na Tríonóide, Taisme a Thaispeánann an Córas Riaracháin Seanaimseartha sa Choláiste

Léiríonn an míthapa is deireanaí go bhfuil leasú ó bhonn sa chóras riaracháin seanaimseartha ag teastáil go práinneach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Thart ar dhá bhliain ó shín, cháin an Bord Eagarthóireachta seo córas riaracháin Choláiste na Tríonóide, ag cur béim ar na córais easnamhacha ar líne agus ar an neamhéifeachtúlacht atá fréamhaithe go daingean san ollscoil. Tá sé sin chomh tábhachtach céanna dhá bhliain ina dhiaidh sin.

I rith an bhliain acadúil a chuaigh thart, luadh go raibh teacht isteach €355 sa bhliain ag an gColáiste in ionad €355 milliún. Bronnadh an gradam i gcomhair ‘’An Taispeántas is fearr’ ar an gclub spóirt contráilte. Le déanaí, cuireadh in iúl ar an suíomh gréasáin do lucht an chéad bhliain go raibh 250 litir ag teastáil don iarratas i gcomhair Halla na Tríonóide in ionad 250 focail mar is ghnáth.

Ní féidir leis an gColáiste an fhoirm iarratais a athrú. Fuair lucht an chéad bhliain é sin amach ar na meáin shóisialta agus tháinig an nuacht seo anuas ó bhéal go béal. Chomh maith leis sin, bíonn ar gach mac léinn a n-ainmneacha a chuardach agus a aimsiú ar liosta agus iad ag chur iarratas isteach i gcomhair Halla na Tríonóide. Chun an fhrínne a rá, is leor ríomhphost uathoibrithe simplí.

ADVERTISEMENT

Níl caint mhagúil i gceist leis na gearáin seo. Ag chur achan rud san áireamh, tá seans ann go gcuirfeadh an méid sin lagmhisneach ort. Tá siad tar éis an chior thuathail riaracháin a fheiceáil don chéad uair agus mar gheall ar sin, ní chuirfeadh sé iontas ar bith ar éinne má stopann siad ina dhiaidh sin.

Níor tháinig aon bhun ar na moltaí a bhí luaite ag an am. Ach, ní ghlacfar leis an status quo, leis an drochchás seo. Baineann an chóras le láithreáin ghréasáin éagsúla mar haon le scoileanna difriúla óna rannóga uilig. Tá dúshlán mór i gceist leis an méid sin ach ní dúshlán dosháraithe atá ann in aon chaoi.

Táthar ag iarraidh roinnt leasuithe a chur i bhfeidhm ach is lú é an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Tá an ‘Tionscnamh Genesis’, ag iarraidh ‘eispéireas na mac léinn a fheabhsú trí chumas an Choláiste maidir le aistriú eolais a láidriú’. B’fhéidir go ndéanfadh sé sin an próiseas ar fad níos éifeachtaí chomh fada is go mbaineann sé barr a chumais amach.

Tá roinnt leasuithe beartaithe ag an gColáiste mar chuid de Thionscnamh Oideachais Choláiste na Tríonóide (TEP) agus den Tionscnamh START, togra atá dírithe ar an ordú riaracháin sa Choláiste.

Chomh luath is atá chomhoiriúnú againn le ardán lárnach, nua-aimseartha, beidh eispéireas i bhfad níos fearr ag na mic léinn, rud atá tuillte acu agus atá ag teastáil go práinneach sa Choláiste.