Radius
Feb 8, 2018

Geiteanna agus Gáire ag Dúrún Dúnmharaithe

Bhí caractair mór le rá ó cúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta mar amhrastaigh i Dúrún Dúnmhairithe le linn Seachtain na hÉigse.

Malachi Ó MarcaighLeas-Eagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Seacht a chlog san oíche a bhí ann. Is tearc duine a bhí le feiceáil ar champas. Bhí fuacht agus dorchadas an gheimhridh fós le braistint. Ba a mhalairt atá i gceist i Seomra na Gaeilge; suite thuas i bhFoirgneamh an Phroinntí, os cionn bialann an Bhutraigh. Chuala mé gáire agus caint agus mé ag dreapadh na staighrí. Chuir an Cumann Gaelach fáilte chroíúil romham, in ainneoin nach raibh aithne agam ar na daoine eile.

Tar éis cúpla nóiméad, thosaigh an ócáid. Dúrún Dúnmharaithe a bhí ann, ach le casadh; iniseadh an scéal seo le carachtair ó chúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta! Chuir na carachtair éagsúla iad féin in aithne dúinn. I dtosach báire bhí Lisín, an bhean ardnósach le gruaig fhionn ón scéal Hurlamaboc.

Chonacthas Pól, an fear dall ón ngearrscannán “Cáca Milis”, ina theannta le Catherine, an bhean mhioscaiseach a rinne iarracht é a mharú. Ansin cuireann Caitlín Maude, an file a scríobh an dán Géibheann agus a scríobh An Lasair Choille, í féin in aithne don lucht féachana. Díríodh m’aird ar fhear eile a inis dúinn gur Naomh Phádraig (ón ngearrscéal Oisín i dTír na n-Óg) a bhí ann agus í i mbun comhráite le Pádraig Mac Piarais. Bhí Jimmy, an fear bocht ón ngearrscéal “An Gnáthrud”, ina shuí sa chúinne. Ar deireadh ar fad, d’aithnigh mé an Spailpín ón dán “An Spailpín Fánach.”

ADVERTISEMENT

Chuaigh an Piarsach agus Jimmy chuig an teach tabhairne chun deoch ciúin a fháil leo féin. Chas siad ar Catherine agus Caitlín Maude. Cé a bhí ag obair taobh thiar den bharra ach Lisín! Ní raibh sí sásta lena pósadh ach thángthas ar réiteach.

Scaradar. Osclaíodh an doras agus tháinig Pól isteach, ag teacht aniar aduaidh ar Catherine. “Shíl mé gur mharaigh mé thú!” a scread Catherine, de gheit. Theith sí ón áit, le deora ina súile. Cúpla nóiméad níos déanaí, chualathas scread agus rith Naomh Phádraig isteach sa seomra. Le scéin ina ghuth, d’inis sé go bhfuil dúnmharú tar éis tarlú. Maraíodh Catherine agus í ar a bealach abhaile. Ní raibh aon fhianaise seachas cáca ina láimh. Bhí ar an lucht féachana ceisteanna a chur ar na carachtair ar fad chun dúrún dúnmhairithe seo a réiteach.

Chuir mé ceist ar Lisín ar dtús. Cén fáth a raibh bean chomh saibhir ag obair i dteach tábhairne? Dealraigh sí dom gur chaill sí a hairgead ar fad nuair a scair sí óna fear. D’fhéadfadh sí nimh a chuir i ndeoch Catherine go héasca ach ní raibh aithne aici ar Catherine, dá bhrí sin, ní raibh aon chúis aici í a mharú. Chuir mé ceist nó dhó ar Naomh Phádraig, an fear a tháinig ar chorp Catherine ach ní raibh aithne aige uirthi ar chor ar bith. Rinne mé iarracht labhairt leis an Spailpín ach ní raibh sé sásta aon rud a insint dom seachas línte cuí ón dán: “Im spailpín fánach atáim le fada, ag seasamh ar mo shláinte.” Bhí mé ró-fhiosrach le stopadh anois, lean mé orm agus bhí comhrá agam le Caitlín Maude, bean a bhí an-chairdiúil le Catherine ach ní raibh freagra ar bith aici.

Rinne mé an cinneadh gur Pól a bhí ann; b’fhéidir go raibh díoltas ag teastáil uaidh? Ach más fear dall é, bheadh cabhair ag teastáil uaidh. Bhí an Piarsach an-chiúin i rith na tréimhse seo ar fad, rud a chuir amhras suntasach orm. Thóg mé an buille faoi thuairim go ndearna an bheirt acu an dúnmharú le chéile.

Ach ní raibh an ceart agam faraor, an Spailpín a bhí ann. Bhí aithne ag gach duine ar a chéile, seachas an Spailpín. Bhí go leor taoschnónna ann chun an ócáid a chur chun críche. I ndeireadh na dála, imeacht spraíúil mar chuid d’Éigse na Tríonóide a bhí ann a rinne ceiliúradh ar an nGaeilge i mbealach greannmhar.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.