Radius
Feb 8, 2018

Ról na mBan i mBéaloideas na hÉireann

Bás, Gnéasacht ‘s Cumhacht na mBan na téamaí is coitianta a bhí i láthair ag an ócáid a bhí eagraithe ag an gCumann Gaelach agus DUGES inniu.

Aoife KearinsSenior Staff Writer
blank
Emily Willkomm for The University Times

Cé go bhfuilimid ag druidim le deireadh na seachtaine Éigse, ní mhínionn sé sin in aon chor nach bhfuil imeachtaí suimiula, taitneamhacha agus sceitimíneacha fós ar siúl timpeall an champais. Inniu i bhFoirgneamh na nDánta, cuirtear taispeántas den scoth ós comhair lucht an fhreasúra den ábhar atá fite fuaite le stair na hÉireann ‘s stair na teanga: an béaloideas. Ach blas nua a bhí i gceist leis an téama sin mar a chuaigh an Cumann Gaelach ‘s DUGES (Sochaí Ionannas Inscine Ollscoil BÁC) le cheile chun eachtra a eagru chun diriú isteach ar na mná i mbéaloideas na hÉireann ‘s a rólanna a cheiliuradh.

Cé gur eachtra Éigse a bhí i gceist, bhí na cainteoiri idir Béarla agus an Ghaeilge, ach iadsan go léir ag tabhairt aire chun a n-aird a dhíriú ar chultúr, stair’s teanga na hÉireann. Fiú gurbh rud maith a bhí ann go raibh triur de na ceathrar cainteoir ag labhairt tri mheáin na Béarla toisc gur mhuscail sé suim i ndaoine agus an chéad uair daoibh chun bealoideas na hÉireann a bhlaiseadh.

Ceathrar cainteoir a bhí i gceist, agus iadsan go léir ag díriú ar bhean áirithe i mBéaloideas na hÉireann, ceann amháin as gach cúige.

ADVERTISEMENT

An Bhanríon Medb an chéad bhean a bhí i gceist, agus a cuid scéil inste. Ba shiombal í de ríshliocht agus fós is siombal í den chothromoid idir cearta na mban agus cearta na bhfir sa sochai Ceilteach. Luadh a cuid áilleacht agus an cáil a bhí aici mar gheall ar an áilleacht sin. D’úsáid Medb a gnéasacht chun cumhacht a ghábhail- mheall sí fir chun troid ar a son & deirtear gur thóg sé seachtar fear chun í a shásamh. Phós sí cuigear fear i rith a saol agus is páirt lárnach í i mBéaloideas na hÉireann- an scéal den ‘Táin Bó Cuailgne’, mar shampla. Mharaigh a nia í le píosa cáise agus i láthair na huaire tá sí curtha ag cairn ag barr Cnoc na Rí i gContae Shligigh agus í ina seasamh ag breathnú ar a cuid naimhde i gCúige Uladh. Luadh comh maith an baint a bhí aici mar gheall ar na logaineamacha atá bunaithe uirthi agus fiu ar a cuid gnéasachta.

An dara bean a bhí i gceist, agus í an ceann is cailiúla is docha, ná Bríd. Ba bhandia í i dtús baire, ach d’athraigh An tEaglas í chun a bheith ina Naomh chun an teachtaireacht Chríostaí a scaipeadh.Mar sin d’athraigh an chéad lá de mhí na Feabhra ón ceiliuradh págánach Imbolc go Lá Féile Bríde. Ach is docha gur fior-bhean í Bríd, ce go bhfuil na firici meascaithe suas. Tá tionchar Bríde le feiceáil ina lán gnéithe denár gcultúr sa lá atá inniu ann- ba shiombal e Cros Bríde le haghaidh RTÉ an HSE. Cé go bhfuil scéal Bhríde ar eolas ar bheagnach gach chuile duine mar gheall ar a laethanta i rang creidimh sa bhunscoil, lon an cainteoir solas ar ról Bhríde mar an chéad ginnmheallathóir in Éireann, toisc gur chreid sí go raibh ginmhealladh níos fearr ná páiste neamhiarrtha. Chomh maith le sin, bhí sí an-ghlactha le cearta ‘s leas na mban ‘s d’oibrigh sí chun frithghiniúint a fháil, cearta páistí míchumasacha a bhaint amach agus an pian de bhreithe a laghdú.

Labhair an triu cainteoir faoi Chlíodhna, éarlamh oifigiúil Corcaí. Bhí clú agus cáíl aici mar “shapeshifter.” Banrion na mBansíthí an teideal a bhí aici freisin, tagann an piseog den mhí-ádh a bhaineann le mna a fheiceáil roimh dul ar an bhfarraige uaithi toisc gur mheall sí iascairí go dtí a mbás; rinneadh comparáid idir Cliodhna agus Síréanaí na Gréige ‘s luadh an nasc atá aici leis an Blarney Stone. Bhí gáire ‘s ruaille buaille nuair a insíodh an scéal faoi Clíodhna ‘s a deirfiur Aibhill – thit Aibhill i ngrá le fear ach faraor, nior fhill sé a grá, chabhraigh Clíodhna léí chun ligint uirthi go raibh sí marbh. Ach d’úsáid Cliodhna a slat draíochta chun Aibhill a athrú go cat agus ansin phós sí grá Aibhill. Ach chaill sí a slat draíochta agus bhí ar Aibhill fanacht mar chat agus nuair a d’fhoglaim fear chéile Clíodhna é seo, d’fhág sé í agus a bpaistí ina n-aonar agus chaith sí a laethanta “haunting” Cloch go deireadh a saol. Bhí lucht an fhreasura ag lorg sraith Netflix bunaithe ar an scéál seo agus ni féidir a shéanadh ach gur féidir cáilleacht de sraith mar sin a shamhlú gan amhras!

Labhair an cainteoir deirneach faoi “Deirde of the Sorrows”. Insíodh an scéal faoi na blianta a chaith sí i ngéibheann nuair a fuair Naoise, grá a croí, bás agus dhiultaigh sí Rí Uladh a phósadh. Sa deireadh thiar thall chuir sí lámh ina bás féin agus í sa deireadh athaontaithe lena grá Naoise nuair a curtha iad lena chéile. Bhí drámaí scriofa ag Yeats ‘s ag Synge bunaithe ar an scéal seo.

Chriochnaigh an ócaid le hóráid eile ón gcéad cainteoir ‘s eagrathóir an eachtra, Greta. Labhair sí faoi Síle na gCíoch. Faightear í snoite sa gcloch ar chaisleáin, teampaill ‘s ar fhoirgnimh eile ar fud na cruinne ach tuaraiscítear gurbh as Éire í o dhúchas. Spreag “na Síle”s í chun an eachtra a eagru agus mar sin is docha go bhfuil orainn buíochas a ghabhail do Shíle. Tá sí freagrach as an eachtra a bhí chomh faisnéiseach, taitneamhach’s cailiúl, agus gur bhain amach spriocanna na sochai a bhi sé eagraithe ag – mná a chuir chun cinn’s an Ghaeilge a scaipeadh agus a spreagadh.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.