Comment & Analysis
Feb 7, 2018

Seachtain na hÉigse: Súil siar is ag breathnú ar aghaidh

Le Seachtain na hÉigse faoi lán seoil anois, scríobhann Ciarán Wadd faoi stair na seachtaine agus an ceiliúradh i mbliana.

Ciarán WaddOp-Ed Contributor
blank
Celia Hughes for The University Times

Is ag tús téarma na Féile Bríde gach bliain a tharlaíonn ceann dá n-imeachtaí is mó i bhféilire Ghaeilge na Tríonóide. Ar an Luain seo thart cuireadh tús spleodrach arís le himeachtaí na hÉigse 2018. Ag meánlae baineadh macalla as an spéir leis na gártha móra a tháinig ó lucht an Chumainn Ghaelaigh, lucht an Aontais agus a gcairde uilig: ‘Labhair í, Roinn í’ – seo mar mhana na hÉígse 2018.

Ag a 5 a chloig um tráthnóna Luain, bailíodh roinnt Gaeil agus cairde lena chéile le rang Yóga a dhéanamh, trí mheán na Gaeilge, sa Seomra na Gaeilge. Bhí Seoladh na hÉigse 2018 i gcruth Phlé Phanéil ag a 7i.n, ina chuir lucht an Chumainn fáilte roimh roinnt aoichainteoirí óga, éagsúla le labhairt ar an téama ‘Daoine Óga agus an Ghaeilge’. Os chomhair seomra lán a chuir na haoichainteoirí a gcuid smaointe in iúl. Labhair Milène Fegan, stiúrtheoir agus léiritheoir teilfíse maidir lena cuid taithí pearsanta leis an ‘Dream Dearg’, muintir an tuaiscirt atá iontu atá ag troid ar son chearta teanga. Labhair Seán Ó Baoill, aisteoir ‘Ros na Rún’ agus físiriseoir ar mheon mhuintir an Bhéarla i gcoinne na Gaeilge. Ach, agus muid i lár na hÉigse anois, níor cuireadh ceist ar bith ar céard go díreach is ‘Éigse’ ann?
Tá Seachtain na hÉigse ar bhun anois níos mó ná 50 bhliain i gColáiste na Tríonóide, ní amháin gur seachtain fheachtasaíochta na Gaeilge atá inti, is ceiliúradh í ar ár gcultúr, ar ár dteanga agus ar na gnéithe uile a bhaineann leis an sochaí Ghaelach.

Ó thaobh foclaíochta de, is é bailiúchán fileata brí an fhocail ‘Éigse’, rud a bhí ar intinn an luchta ullmhúcháin na hÉigse agus ‘Cúirt Éígse’, imeacht oíche Mháirt na bliana seo, á eagrú acu. Imeacht a bhí roinnt filí agus ceoltóirí ag glacadh páirte ann, agus saothar leathan scríbhneoireachta na Gaeilge á thaispeáint acu.

ADVERTISEMENT
Éigse na Tríonóide 1973 – Na Piobairí Uilleann: Breandán Breathnach, Pat Mitchell, Brian Gallaher, Dan O’Dowd, Mick O’Brien ag seinnt i dTeach an Leasrí.

Na Piobairí Uilleann

Bhíodh uair ann, in 1979 mar shampla, ina mbíodh oíche cheoil nó filíochta ann chuile oíche. Tá sé sin le feiceáil ar chlár na hÉigse 1979 agus oíche éagsúil, le teidil ar chuile oíche (‘Ulster Night’ agus ‘Woman’s Night’ mar chúpla ceann dóibh) eagraithe ag an gcoiste. Bhí Caitlín Maude agus Mary Black ina n-aíonna an bhliain sin, daoine mór le rá i ndomhain na Gaeilge. In 1980, dar le réamhthaispeántas Stiúrthóra na hÉigse an bhliain sin, bhí an chéad seisiún phlé idir An Cumann Gaelach agus Dublin University Philosophical Society riamh agus é ar an ábhar: ‘The Gaelic Tradition – Death in the ‘80s?’ Tá imeacht mar seo fós ann sa lá atá inniu ann, leis an bpáipéar Bram Stoker a bhíonn á léamh ag duine ón gCumann i rith Sheachtain na hÉigse.

Bhíodh céilithe ann; in 1986, cuireadh Céilí ar siúil sa JCR (áit ina bhfuil Teach an Leasrí anois) ag deireadh na hÉigse. Sheinn ‘The Shores of Erin Céilí Band’ ag sin agus bhí costas £1 ar an doras. Bhíodh céilithe sa mButrach atá tuairiscí go fóill ar fáil fúthu: ‘the bar did a roaring trade that evening’ atá ráite faoi cheann de na céilithe na hÉigse i dtuairisc an Rúnaí ag deireadh na bliana.

In ainneoin gur féile Ghaelach atá inti, ní bhíodh an teanga í fhéin mar aidhm na hÉigse i gcónaí, rud atá an-athrú i ndiaidh teacht air. Is i lár na 1980’d gur tháinig athrú ar fhógraíocht na hÉigse, go tobann bhí chuile rud trí mheán na Gaeilge. Bhíodh ceoltóirí mór le rá sa Choláiste, Christy Moore mar shampla a sheinn i Halla na Scrúdaithe i lár na 1980’d. Dúradh go raibh an Halla plódaithe agus rath ollmhór ar an imeacht. Cé gurb as béarla a chan sé, bhíodh le tuiscint gur cuid den gcultúr s’againne é.

Agus Éigse á ullmhú ag lucht an Chumainn agus muintir Aontais na Mac Léinn i mbliana, thuigeadar go raibh éileamh ar stair an Chumainn a chaomhnú – tá an Cumann Gaelach ar an bhfód le 111 bhliain anois agus cé gur aoibhinn linn an chraic agus imeachtaí oscailte éagsúla a rith, bhí sé in am rud beag breathnú siar a dhéanamh. Tháinig an-imeachtaí as an mbreathnú siar sin, ‘Plé Phanéil’ agus an ‘Cúirt Éigse’. Ar an Aoine seo, beidh ‘Dinnéar na hÉigse – Ceiliúradh 111 Bhliain an Chumainn’ ar siúil sa Phroinnteach. Baileofar roinnt iar-bhaill an Chumainn lena chéile, in éineacht le baill an lae inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar an stair mhór bhreá atá againn. Is tríd súil a chaitheamh siar ar an stair a bhí againn gur tháinig clár na hÉigse chun cinn i mbliana agus oibríonn sé. Ní fiú dearmad ar dhéanamh orthu a tháinig romhainn.


Tá tuilleadh eolais ar Éigse ar fháil anseo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.