Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 27, 2018

Na Guthanna Mac Léinn Dochloíte don Feachtas Aisghairme

Ní fada ó shin gur dhealraigh sé gur féidearthacht seachantach é an reifreann. Ach lean an feachtas mac léinn ar aghaidh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Chruthaigh torthaí an reifrinn inné faoi dheireadh thiar thall go gcónaímid in Eirinn atá saor ó ualach na blianta caite. Dé hAoine, chuaigh vótálaí óga, aosta, liobrálacha, coimeádacha, uirbeacha agus tuatha i gcoinne an t-uafás an tOchtú Leasú go stuama. Bhí a sáith acu.

Bhí na fórsaí a thug a fhad seo muid ag obair ar an bhfeachtas seo ar feadh deicheanna. Ní aistriú-aon-oíche é seo, ach claochlú faoi chom mall.

Tá soilse treoraithe ag gach feachtas, agus is féidir leis an feachtas seo buíochas a ghabhadh leis an feachtas mac léinn as ucht cuid dá guthanna dochloíte. Tugann Ailbhe Smyth creidiúint dá teacht chun aois sna 1960s, nuair a thosaigh mic léinn ar fud an domhain ag breathnú oraibh féinn mar réabhlóidigh forásacha, dá polaitíocht.

ADVERTISEMENT

I 1989, bhí Seanadóir Ivana Bacik, ina am mar Uachtarán Aontais na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU), bagartha le seal i gcarcair ag an tSochaí do Chosaint na Leanaí Gan Breith (SPUC) mar gheall ar eolas faoin ginmhilleadh i lámhleabhair an aontais. Agus ní raibh sin ach tús na trioblóide.

Ba chúis iontais í inné nuair a fuair na mná a móimint faoi dheireadh.

Nuair a bhí an tír ag bogadh go ciúin leis na haoiseanna, bhí TCDSU chun tosaigh ar a mhacasamhail. I 2014, mar gheall ar feachtas reifrinn ceannaith ag Claire Donlon daingean, chinnigh mic léinn chun seasamh i bhfábhar rogha a chur i leabhar polaisaithe fad-téarmach an aontais. Ba feachtas searbh é sin freisin.

I 2015, nuair a chuir Uachtarán-ansin TCDSU agus Seanadóir-anois Lynn Ruane painéal le chéile – le Smyth, Róisín Ingle agus Colm O’Gorman ina measc – bheadh inné thar ár brionglóidí is dochreidte.

In ainneoin sainordú láidir an aontais faoin gceist, tharraing diongbháilteacht Ruane guthanna ciniciúla feannaithe amach. Nuair a inis Smyth don lucht éisteachta mac léinn go mbeadh siad sár-thábhachtach don feachtas chun an tochtú a aisghairm, dhealraigh sé gur féidearthacht seachantach é reifreann. Dhealraigh sé beagnach dodhéanta. Ach lean siad ar aghaidh.

Ar maidin, ag creathnú le móthú buíochais agus caithréime, d’inis Smyth don meáin gur feachtas é a bhí “treoraithe ag daoine óga tiomnaithe”. Is meabhrúchán é gurféidir leis na míchothroime is deacaire a bheith cloíte le buanseasmhacht.