Sport
Jan 3, 2019

I mBun Comhrá le Captaen Neamhthraidisiúnta Peile

Labhraíonn captaen fhoireann sacar na Tríonóide, Ronan Hanaphy, ar fhealsúnacht na peile, féinmhuinín agus an cultúr ina chlub féin.

Eoin O'HareIrish Language Editor
blank
Alana O'Sullivan for The University Times

Agus mé i mbun comhrá le Ronan Hanaphy, captaen fhoireann sacar na Tríonóide, tá saghas frustrachais orm.

Ag am an agallaimh tá seacht gcúl faighte aige as cúig chluiche, ag stiúradh a fhoirne i dtreo barr na sraithe nua tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach anuraidh go Roinn 1A Laighean. Dá bharr seo, bhí mé ag súil go mbeadh sé éasca féin-mholadh a bhaint as m’agallaí. Caithfear a admháil go raibh iontas orm a fháil go bhfuil captaen na Tríonóide faiteach umhal ar dhóigh nach mbíonn na scórálaithe cúl, ná an captaen, de ghnáth.

“Ní captaen traidisiúnta mé”, admhaíonn sé le miongháire. An rud amháin a sháraíonn m’ionadh féin anseo, ná ionadh Hanaphy nuair a thoghadh é i dtús báire. Ach ní mar cheannaire aonair a fheiceann sé an duine sa ról. “Tá imreoirí eile againne ar an bhfoireann atá mar chaptaein. Cinnte, tá an banda agamsa, ach tá daoine ar an bpáirc a bhíonn ag labhairt, agus sin iontach don fhoireann nach bhfuil gach duine ar brath ormsa.”

ADVERTISEMENT

Agus é anois i mbliain dheireanach a thréimhse ar an choláiste, tá an fear as Teach Mealóg anois ag díriú a airde ina iomlán ar fhoireann na hollscoile. Seachas cúpla bliain ag cliúsaíocht le peil ghaelach agus iománaíocht (“ach tarlaíonn sin do gach duine”), d’foghlaim sé a cheard sacair lena chlub áitiúil Manortown United i mBaile Pheire i ndeisceart na príomhchathrach, sular chaith sé seal ag imirt le Baile Áth Luain i Sraith na hÉireann. Ní amháin nach captaen nadúrtha é, ach dar leis féin, is le Manortown ar taispeánadh dó “conas bheith mar uimhir 9”, cumas nach raibh aige i dtús báire agus é i lár na páirce.

Is léir téama amháin le linn ár gcomhra – tá meon Hanaphy níos bunaithe ar phrionsabail chomhchoiteanna seachas ar dhearcadh aonair, i dtaobh na himeartha agus i dtaobh an chlub é féin. Ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil sé tiománta ar a shon féin.

“Le triúir deartháir níos sine, bhí siadsan go léir ag imirt, bhí mé i gcónaí ag dul chuig a gcluichí agus ag breathnú orthu siúd agus ag iarraidh imirt leo. Ní mise an peileadóir is nadúrtha sa chlann. Mar sin ba mise an duine a bhí i gcónaí ag iarraidh buacháint, mar an duine is óige sa chlann bhí mé ag iarraidh bheith níos fearr.”

Anuraidh, bhí muid ag dul isteach sna cluichí ag rá go raibh muid níos fearr ná gach duine eile. Anois tá muid ag rá go bhfuilimid chomh maith le gach foireann

“Is cluiche simplí é sacar. Caithfidh tú bheith muiníneach asat féin, ach stuama fosta. Ní mise an duine is sciliúla ar an liathróid. Bhí orm cineál oibriú air sin.” Agus an rud atá riachtanach don dá ghné sin ná sult. “Má tá tú ag baint taitnimh as an pheil, imríonn tú níos fearr.”

Agus is sa ráiteas deireanach seo a fheictear an fhealsúnacht atá sé ag iarraidh spreagadh ina fhoireann féin. “Tá mo chluiche bunaithe ar an mhuinín. Má cheapaimse nach bhfuil mé ag imirt go maith, leanann sé sin ar aghaidh fríd an fhoireann. Cuireann sé isteach ormsa agus bíonn leisce orm, agus cuireann sé sin isteach ar an fhoireann. Má tá tú ag imirt leis an mhuinín sin, tá an fhoireann ag breathnú ort agus ag smaoineamh gur féidir leo an rud céanna a dhéanamh.”

Leis an méid sin ráite ag Hanaphy maidir le muinín agus spreagadh, caithfidh mé codarsnacht a tharraingt idir seo agus an méid atá le rá ag a fhoireann: ‘Our resident Gaeilgeoir does two things and two things only – he scores goals and he complains.’ Nach gcuireann sé sin isteach ar mhuinín na foirne?

Tá sé sásta géilleadh leis an líomhain seo, ach diúltaíonn sé go bhfuil fimíneachas ar siúl aige. Toisc gur duine “an-iomaíoch” agus “ceanndána” é, bíonn sé ag gearán “de bharr go bhfuil a fhios agam go bhfuil foireann iontach againn, agus gur féidir linn bheith níos fearr agus sprioc níos airde a bhaint amach. Ní dhéanaimse é d’aon ghnó, ní bhím ag tabhairt amach nó ag spochadh as daoine. Tá mé ag iarraidh iad a spreagadh ach cineál ‘tough love’ a thabhairt.”

Bhí ról lárnach ag Hanaphy anuaraidh nuair a fuair DUAFC ardú céime go Roinn 1A.

Ivan Rakhmanin for The University Times

“Glacann gach duine leis an dúshlán agus téann siad amach chun buachaint. Tógaimse an méid is mó spreagtha ó na daoine óga agus is féidir liom. Tá an-taithí agamsa le bainisteoirí maithe ag tabhairt comhairle domsa agus tá mise ag iarraidh comhairle a thabhairt ar aghaidh.”

Is air seo, dar le Hanaphy, a bhfuil rath na foirne go dtí seo bunaithe. Foireann “níos aibí” is ea é anois, i gcodarsnacht le mar a bhí anuraidh. Cé gur éirigh leis an fhoireann ardú céime a bhaint amach, is mór an díomá a bhí orthu cailleadh amach ar 1ú áit ar lá deireanach an tséasúir. Ach ní mar seo a fheictear do m’agallaí é.

“An é an cluiche deireanach sin an cluiche a lig síos muid? Ní hé – is na cluichí míonna roimhe sin, na cluichí nach gceapann tú go mbeidh siad cinniúnach, ach sa deireadh bhí siad. Na cluichí sin ar chailleamar nó ina raibh comhscór, na cluichí inar chailleamar pointí, breathnaím orthu sin agus ceapaimse nach raibh an bua tuillte orainn sa deireadh.” Dar leis, áfach, tá athrú tagtha ar an scéal. Tá an aibíocht sin ag an fhoireann, agus níl an nós céanna acu a gcloiginn a chailleadh nuair a ghéilltear cúil nó pointí. “Anuraidh, bhí muid ag dul isteach sna cluichí ag rá go raibh muid níos fearr ná gach duine eile. Anois tá muid ag rá go bhfuilimid chomh maith le gach foireann.”

Tá an tseasmhacht seo bainte, dar leis, le féiniúlacht an chumainn – tá Hanaphy ag déanamh iarrachta na foirne a thabhairt agus a cheangailt lena chéile. “Anois tá club na mban agus club na bhfear. B’fhearr liomsa club amháin. Sin cad ba bhreá liomsa feiceáil sa todhchaí.”

Is léir iarrachtaí Hanaphy chun cultúr club a chothú, chomh maith le cultúr an bhua ina fhoireann féin

“Nuair a bhí mé sa chéad bhliain is sa dara bhliain, ní raibh oíche amuigh agamsa le foireann na mban. Ní raibh aithne agamsa ar aon chailín. Anuraidh bhuail mé le captaen foireann na mban, Áine Tucker, bhí muid ag labhairt agus bhí mé ag smaoineamh gur chóir dúinn an dá fhoireann a chur le chéille. Sin cad a rinneamar.” Trí seo, tá sé de rún aige spiorad agus cultúr a chothú sa chlub. “Ansin tagann lads chuig traenáil agus tá muid ag labhairt faoi na rudaí sin agus tá cineál craic againn. Agus cuireann sé sin atmaisféar níos fearr leis an traenáil, baineann daoine sult as an pheil. Bhí sé sin mar sprioc agamsa anuraidh. Sílim go bhfuil an club ag fás agus go bhfuil daoine ag baint taitnimh as an atmaisféar atá anois aige.”

Is léir iarrachtaí Hanaphy chun cultúr club a chothú, chomh maith le cultúr an bhua ina fhoireann féin. Ach tá a fhios go maith aige nach cinnte go bhfanfaidh sé féin ná an fhoireann i mbarr a réime go deo. “Má chailleamar an chéad cluiche eile, caithfimid breathnú ar a chéile agus rá linn féin cad a chuaigh mícheart. Má tá an bua againn sa chéad cluiche eile, cad atá le feabhsú?”

Mar a tharlaíonn sé, ó bhí muid ag caint, níl an tús láidir díreach ag leanúint ar aghaidh. Le caillteanas mór in éadan Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, agus le cailliúintí bearránacha i gcoinne Ollscoil Mhá Nuaid agus Willow Park, cé go raibh Hanaphy gortaithe le linn na tréimhse, ní i mbarr a réime le cúpla cluiche anuas atá peileadóirí na Tríonóide. Ach ón chomhrá seo, beidh an sampla aibíochta agus díograise atá Ronan Hanaphy ag iarraidh leagan dá fhoireann, mar aon le cultúr comhchoiteann sa chlub, ina chuidiú mór sna chéad cluichí eile agus do chuid eile na bliana. Go n-éirí leis an fhoireann agus lena chaptaen drogallach neamhthraidisiúnta.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.