Radius
Aug 30, 2020

Beo Ar Éigean: Podchraoladh Gaeilge atá ag dul ó Neart go Neart

Is féidir éisteacht leis go seachtainiúil oíche Shathairn ar RTÉ Raidió a hAon.

Róise HannanScríbhneoir Cúnta

Is seoid luachmhar i bpodchraoltaí na hÉireann í Beo ar Éigean. Ón chéad eagrán in 2017, tá sé tagtha i mbláth le Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin mar láithreoirí searcúla an phodchraolta de chuid RTÉ.
Is mór an rath atá tagtha ar an tionscadal. Tarlaíonn sé go bhfuil Beo Ar Éigean ann anois mar chlár seachtainiúil ar RTÉ Raidió a hAon, agus bhí sé ar an tríú clár is mó éisteachta ar RTÉ i Mí Iúil na bliana seo. I ngach eagrán, labhraíonn an triúr ban seo ar “churamaí an tsaoil”, mar a chuireann Sinéad síos air, trí mheán na Gaeilge.

Dúirt Sinéad go raibh sí fein agus Siún ina suí le chéile lá amháin ag smaoineamh faoi “thús a chur le rud éigin a bhí cruthaitheach”, nuair a rith sé leo podchraoladh a bhunú. I ndiaidh do Áine suim a léiriú ann, agus i ndiaidh dóibh cead a fháil ó RTÉ, cuireadh tús le Beo Ar Éigean.

Ar an chlár, bíonn siad ag caint ar léir mór ábhair, mar shampla, an gnáthshaol, saol na gcéiliúrán, agus is annamh nach labraíonn siad faoin ngrá suaitheanta atá acu do Roy Keane. Pléann siad go hoscailte na fadhbanna pearsanta a bhíonn acu, meabhairshláinte san áireamh. Cé go mbíonn na mílte duine ag éisteacht leo, ní bhíonn sé deacair orthu labhairt go follasach faoi na téamaí seo. Dar le Sinéad:
“Nuair a labhraímid le chéile is minic a dhéanann muid dearmad go bhfuil daoine eile ag éisteacht.”

ADVERTISEMENT

Is léir ón mhagadh a bhíonn ann eatarthu ar an gclár go bhfuil na mná seo iontach mór lena chéile, agus mar éisteoir mothaíonn tú féin páirteach sa chraic.
Deir Sinéad go bhfuil “níos mó saoirse” acu ar na podchraoltaí i compráid leis an chlár raidió, áfach, mar gheall ar an difear idir an lucht éisteachta ar an dá ardán. Tuigeann siad go gcuireann daoine an podchraoladh ar siúl ar mhaithe le bheith ag éisteacht leis ach, ní i gcónaí a bhíonn amhlaidh le héisteoirí an raidió.

D’ainneoin go mbíonn orthu podchraoladh agus anois clár raidió a thaifead, ar bharr na ndualgas oibre eile atá orthu, deir Sinéad “gur obair an-thaitneamhach é”, mar is a dtionscadal féin atá ann a thugann seans dóibh am a chaitheamh le chéile. D’admhaigh sí go mbíonn uaireannta ann nuair a bhíonn drochspion uirthi ach go mothaíonn sí féin níos fearr i ndiaidh an chláir a thaifead. Lena chois sin, ta sí den bharúil gur féidir é a chur “i compráid le séisiún teiripe”. Is feidir é seo a thuiscint mar, sna heagráin ina mbíonn ábhar níos tromchúisí á phlé acu, ní thógann sé i bhfad go dtí go mbíonn an tríur acu i racht gáire arís.

Dúirt Sinéad gur minic a roghnaíonn siad téama an phodchraolta “cúpla noiméad” sula ndéanann siad é a thaifead, ach ní i dtólamh a thiteann sé amach mar sin, go háirithe nuair a bhíonn scéal ar leith i mbéal an phobail. Thug sí an t-eagrán ar an chiníochas mar shampla. Bhí sé ar intinn acu an t-eagrán seo a dhéanamh “ar feadh cúpla lá”, dar le Sinéad, mar fhreagra ar an mhéid díospóireachta a bhí ann ar an ngluaiseacht Black Lives Matter.

Phléasc an scéal seo i Mí Iúil nuair a mharaigh na péas sna Stáit Aontaithe Mheiriceá George Floyd agus iad á ghabháil. Mhínigh Sinéad gur ghlac sé níos mó ama orthu an t-eagrán seo a dhéanamh mar go raibh siad ag iarraidh a bheith “tuisceanach don ghluaiseacht”. I rith an eagráin seo d’admhaigh na láithreoirí nach raibh siad go hiomlán eolach ar fhadhb an chiníochais, ach dar le Sinéad, “tá cumhacht sa leochaileacht sin”.

Níl aon dabht ann go bhfuil Beo ar Éigean, ag líonadh an fholúis atá ann maidir le podchraoltaí Gaeilge go háirithe toisc gur ceann spraoiúil, spleodrach agus greannmhar atá ann. Is cinnte go bhfuil an triúr ban ag cur na Ghaeilge chun cinn sna meáin i mbealach nádúrtha agus so-aimsithe agus é ag dul ó neart go neart. Tá sé tábhachtach anois níos mó ná riamh le suntasacht na meáin i leith forbairt na teanga.

Is féidir éisteacht le Beo Ar Éigin ar iTunes, Spotify, aon am nó ar RTÉ Raidió a hAon oíche Shathairn ag a hocht a chlog.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.