News
Mar 29, 2021

Tacaíocht ó Eagraíochtaí Óige Polaitiúla do Phacáistíocht Dhátheangach

Chinnteodh an beartas um pacáistíocht dhátheangach go mbeadh ar phacáistíocht agus treoracha ar gach táirge a bheith i nGaeilge in Éirinn.

Jennifer Ní ChiaraEagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Tá Óige an Lucht Oibre, Ógra Shinn Féin, Brainsí Coláiste agus Ollscoile na nDaonlathaithe Sóisialta, Young Fine Gael agus na Glasaigh Óga/Óige Ghlas mar aon le Conradh na Gaeilge, ag éileamh ar an Aire Gaeltachta Catherine Martin agus ar an Aire Stáit don Ghaeltacht Jack Chambers beartas um pacáistíocht dhátheangach a chur i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana 2024.

Chinnteodh an beartas seo go mbeadh ar phacáistíocht ar gach táirge, choimeádán nó a chlúdach, nó an treoir a thagann leis a bheidh i nGaeilge in Éirinn.

I ráiteas roinnte le The University Times trí Chonradh na Gaeilge, dúirt na heagraíochtatí go “measaimid gur bealach pragmatach é an togra seo chun rátaí litearthachta Gaeilge agus deiseanna labhartha leis an teanga a mhéadú gan aon mhéadú a chur ar chaiteachas an stáit”.

ADVERTISEMENT

Dúirt siad go bhféadfadh “aistriúchán nó aistriúcháin a bheith ag gabháil leis an inscríbhinn Ghaeilge, ach ní féidir aon inscríbhinn i dteanga eile a chur chun tosaigh thar an nGaeilge”. Leanann an ráiteas ag rá “toisc go mbeidh an Ghaeilge ina theanga réamhshocraithe le rogha aistriúcháin in éineacht leis, ceadaítear pacáistíocht aonteangach laistigh de cheantair na Gaeltachta agus pacáistíocht dhátheangach ar fud na tíre”.

Dar leo, “Thabharfadh an beartas seo, dá nglacfadh an stát leis níos mó infheictheachta agus inrochtaineachta ar an nGaeilge d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí dúchais agus thabharfadh sé níos mó solúbthachta do shaoránaigh maireachtáil i nGaeilge nó i mBéarla”.

Áitítear freisin, “go mbeidh an beartas seo den chuid is mó ag baint le hoideachas a chur ar an bpobal agus is iad múinteoirí agus mic léinn (agus grúpaí eile nach iad) a bheidh thuas leis”.

Agus iad ag tagairt do chostais, luadar nach bhfuil sé mar “sprioc” acu go mbeadh aon chostas sa bhreis ann do ghnólachtaí agus dá mbeadh “costais imeallacha i gceist tá deontas faoin Scéim Tacaíochta gnó 2021 ar fáil trí Fhoras na Gaeilge d’fhiontair thráchtála beaga agus mheánmhéide chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhair chlóite margaíochta”.

Táthar ag súil “sa mheántéarma agus san fhadtéarma” go gcuirfidh an “beartas seo le gnólachtaí trí oibrithe dátheangacha a chruthú a bheidh solúbtha i mbealaí a éilítear san 21ú haois”.

Chun tacú lena gcás, rinneadar tagairt do shamplaí ó thíortha eile sa ráiteas cosúil le Ceanada ina n-aistrítear a dtáirgí “cheana féin agus iad ag díol le náisiúin eile” go ráthúil. Luaitear an Fhionlainn freisin, áit go gcaithfidh “gach abhar díolacháin agus margaíochta” a bheidh “sa dá theanga oifigiúla, san Fhionlainnis agus sa tSualainnis”.

Ag deireadh an ráitis, luaitear na buntáistí a bhaineann leis an détheangacht agus an chaoi go gcuireann sí “feabhas ar ár gcuid meiteachognaíochta”.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.