Comment & Analysis
Jul 13, 2021

Ba Cheart do Choláistí Foghlaim ar Líne a Choinneáil mar Chuid den Saol Acadúil

D’fhógair an IUA agus an THEA an tseachtain seo go mbeidh leachtaí go fóill curtha ar fáil ar líne.

mBord Eagarthóireachta
blank
Sinéad Baker for The University Times

Tá droch-cháil ar fhoghlaim ar líne i measc na mac léinn. Ach is beannacht mhór í freisin a tháinig ródhéanach do roinnt mac léinn.

Níl an amchlár céanna fóirsteanach do ghach mhac léinn- mar gheall go bhfuil post acu, go bhfuil siad faoi míchumas nó mar gheall air dhualgais teaghlaigh.

Ba cheart fáilte a chur roimh an scéal go mbeidh fáil fós ag mic léinn atá i mbaol ar theagasc ar líne.

ADVERTISEMENT

Ní hí “Conas a chuirimid deireadh le foghlaim ar líne?” an cheist atá romhainn anois, ach “Conas is féidir buntáistí a bhainnean le foghlaim ar líne a choinneáil agus muid ag filleadh ar an seomra ranga?”

Tá méadú tagtha ar líon na mic léinn a théann ar obair in áit freastail ar a gcuid ranganna ionas go mbeidh siad ábalta a gcuid billí míréasúnta a ioc. Tá fáil níos fearr ag na mic léinn seo ar a gcuid foghlama mar gheall ar foghlaim ar líne. Ar an dóigh céanna, ní bheidh mic léinn atá tinn nó nach bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath faoi mhíbhuntáiste ag an gcóras seo.

Thairis sin, tá an coláiste i bhfad níos inrochtana do mhic léinn faoi mhíchumas, rud a bhí á iarraidh uathu le fada an lá.

Agus athoscailt an Choláiste ar bun, is fiú a rá – mar a léirigh Comhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha an tseachtain seo – gur ceart d’fhoghlaim ar líne cur le léachtaí aghaidh ar aghaidh seachas iad a ionadú. Tá coláistí eile, University of Manchester ina measc, tar éis a gcuid léachtaí ar fad a chur líne agus na seomraí ranga a oscailt le haghaidh seisiúin cheisteanna amháin.

Níl aon ionadh orainn go bhfuil na freagraí seo stiallta go láidir ag mic léinn nach bhfuil ach ag iarraidh filleadh ar a saol sóisialta normálta. Tá níos mó sa choláiste ná léachtaí amháin. Dá mbeadh chuile rud ar líne amháin, rachadh saol sóisialta na gcoláistí ar laghad.

Is cinnte go mbeidh roinnt mic léinn chun léachtaí ar líne a mhí-úsáid. Mar shampla, is féidir go mbeidh laghdú ar líon na mac léinn sa seomra ranga toisc go mbeidh na léachtaí ar fad taifeadta.

Dá ainneoin sin, is dul chun cinn a bheas ann ar thaobh an oideachais de. Mura féidir le mic léinn dul isteach sa seomra ranga, beidh an léacht taifeadta fós ar fáil. Beidh rogha ag cách dul isteach ann, agus beidh an t-eolas ar fad ar fáil dóibh siúd nach féidir leo dul isteach gach uair.

Ag tús na paindéime seo, dúirt an Bord Eagarthóireachta gur cheart don choláiste tús áite a thabhairt don teagasc agus don fhoghlaim ó thaobh cinntí faoi foghlaim ar líne de. Fiú nár thaitin foghlaim ar líne leis an gcuid is mó de mhic léinn, d’éirigh leis go maith. Bainimis anois tuilleadh leasa as.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.