Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 28, 2021

Tá Deireadh ag Teacht le Tuairisc Cassells – ach an Bhfuil sé Rómhall?

Foilsíodh tuairisc Cassells i 2016 agus tá tuairisc ar anailís an Coimisiún Eorpach le folisiú san fhómhar.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Mar is eol do pháirtithe leasmhara ollscoile agus breisoideachais, tá an tuairisc Cassell curtha i bhfeidhm ag an rialtas ar an mhallchéim.

An tseachtain seo, d’fhógair an tAire Breisoideachais Simon Harris a phlean le moltaí maidir le maoiniúchán i gcomhair ardoideachas, bunaithe ar thuairisc Cassell, a chur os comhair an rialtais roimh deireadh na bliana.

Foilsithe i 2016, rinneadh machnanh arís agus arís eile ar na trí rogha a bhí molta leis an ghearchéim a réiteach agus cuireadh iad chuig an Choimisiún Eorpach fiú le haghaidh anailíse eacnamaíochta – rogha a mheastar ag na mílte mar iarracht moill a chur ar cinneadh a dhéanamh maidir leis an tuairisc.

ADVERTISEMENT

Ach is mó an t-athrú atá tagtha ar riocht ollscoileanna agus colaistí na hÉireann le sé bliana anuas. Ar bhealach, tá tuairisc Cassells fágtha ina ndiaidh ag na hollscoileanna trí modhanna eile maoiniúchán a fháil – ó chíos mac léinn a ardú go bheith ag brath ar shíntiúis ó chéimithe.

Is deacair a bheith dóchasach maidir leis na roghanna atá ar fáil don Áire. Cé gúr údár misnigh é go bhfuil Harris go mór i gcoinne iasachtaí mac léinn a thabhairt isteach – an rogha is conspóidí sa tuarascáil – ardaíonn sé an cheist, go réalaíoch, cad é a dhéanfaidh rialtas Fine Gael-Fianna Fáil-Comhaontas Glas ina áit? D’fhéadfadh siad a mholadh taillí a ísliú, ach ní dócha go gcuirfeadh Fine Gael, go háirithe, a ainm le deireadh iomlán le taillí ollscoile.

Agus in ainneoin argóint Harris go bhfuil méadú de leath-bhilliún euro tagtha ar mhaoiniú san earnáil ardoideachas, tá méadú tágtha ar líon na mac léinn ó shin, go háirithe leis na háiteanna breise ar fad atá á thabhairt isteach chun déileáil leis an éileamh. Tá maoiniú tite go mór chun deiridh ar an méid atá de dhíth.

Tá ceist Cassells imithe chun leadráin de dheasca freagairt leamh ó roinnt rialtais i ndiaidh a chéile – ní raibh sé fiú i gClár an Rialtais anuraidh.

Má tá Simon Harris ábalta athbheochan a dhéanamh ar Cassells le plean láidir don ardoideachas nuair a chuireann sé a chuid moltaí i láthair don rialtas, bail ó Dhia air! Ach, dá dtogródh a pháirtí fíor-athchoiriú a dhéanamh ar an dóigh a mhaoinítear an t-ardoideachas, dhéanfaí é faoin am seo.