Sep 27, 2021

Dear Fresher Me Ciara Ní É

FORMER FRESHERS on their experiences of their very first week of college and the transition to the rest of their lives.

Jennifer Ní ChiaraEagarthóir Cúnta

D’ainneoin go bhfuil an file, scríbhneoir agus iriseoir aitheanta Ciara Ní É ach deich mbliana imithe ón gColáiste, is le cuimhne chruinn agus le comhairle chríonna a labhraíonn sí maidir lena tréimhse i gColáiste na Tríonóide. Leis an nGaeilge mar chroílar a saoil, is ar champas na Tríonóide a d’fhorbair sí a grá agus a gaol leis an teanga. Ach ní raibh an turas réidh sochar di.

Ag smaoineamh siar ar a céad seachtain sa Tríonóid, gáiríonn sí faoin mbealach go raibh sí chomh eaglach. “Is cuimhin liom dul isteach go dtí an chearnóg tosaigh agus daoine a bheith ar fud na háite agus eagla a bheith orm dul isteach liom féin.”

Cosúil le chuile óganach, bhí eagla uirthi go ndéarfadh sí “an rud mícheart leis an duine mícheart”. Tá sé deacair é seo a shamhlú anois – is cainteoir agus scríbhneoir solabhartha í agus is liosta le háireamh atá sa phrós agus filíocht a léiríonn seo. Is ambasadóir í d’Ionad Scríbhneoirí na hÉireann, bunaitheoir an chomórtais fhilíochta Reic agus is láithreoir YouTube í don shraith “What the Focal”. Cheapfá go raibh an bua agus muinín seo aici go smior i gcónaí.

ADVERTISEMENT

Cé b’fhéidir nach raibh an muinín aici sa chéad bhliain, roghnaigh sí cúrsa Béarla agus Gaeilge mar gheall ar an suim láidir a bhí aici sa scríobhneoireacht. Agus b’as? a stuaim féin a bhí sé leanúint leis an nGaeilge. Níor fhás sí aníos á labhairt chuile lá. “An rud a rinne an cinneadh dom i ndáiríre ná go raibh an-suim agam sa scríbhneoireacht agus theastaigh uaim dul leis sin agus toisc gur thuig mé nach raibh Gaeilge ag mo mhuinitir nó mo chairde nó einne timpeall orm i ndáiríre, thuig mé mura ndéanfainn Gaeilge san ollscoil nach mbeidh sí mar chuid de mo shaol riamh arís agus bhí sin an-tábhachtach domsa mar sin luí se le ciall Gaeilge agus Béarla a dhéanamh.”

Is cuimhin liom dul isteach go dtí an chearnóg tosaigh agus daoine a bheith ar fud na háite agus eagla a bheith orm dul isteach liom féin

Tá an cuma ar an scéal, cé go n-oibríonn sí go díon-dícheallach faoi lathair ar nithe cosúil le ‘Idir Mise agus Craiceann do Chluaise’ – a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile FRINGE – nó ag scríobh scripteanna do chlaracha teilifíse TG4 le cara ón meánscoil, nach raibh Ní E mar oibrí ródhíograiseach agus í sa chéadbhliain. Admhaíonn sí : “is dócha nach ndearna mé go leor oibre… d’éirigh go breá liom ar an ollscoil ach bhí me glic faoi conas gur thug me faoin staidéar.”

Bhí níos mó suime aici páirt a ghlacadh sa saol sóisialta, ón gCumann Gaelach go dtí a bheith ina hOifigeach Gaeilge le hAontas na Mac Leinn i gColáiste na Tríonoide, go dtí freastal ar cheolchoirmeacha le leithéidí Kila agus Ham Sandwich. Is le bliain Ní É go mba chóir do phobal Gaeilge na Tríonóide a bheith buíoch do le haghaidh a gcuid feachtasaíochta do Sheomra na Gaeilge a chur ar champas. “Bhí sin ollmhór ní raibh aon áit don Ghaeilge roimhe sin ar champas. Shuíomar sa Chearnóg Tosaigh ag ól tae, ag tabhairt le fios nach raibh aon spás [dúinn] ar champas.”

Ach ní raibh sé chomh éasca i gcónaí di sa chéad bhliain sult a bhaint as a am. Deir sí go raibh se “deacair glacadh leis an leibhéal íseal Gaeilge a bhi agam. Cheap mé go raibh Gaeilge measartha maith agam ach ní raibh agus bhi orm go leor a fhoghlaim faoin teanga”.

“An rud a deirimse go minic na go bhfuil se ar nós dul isteach go Hogwarts. Bhí an saol seo i gconaí ann ach ní raibh sé feicthe agam.”

Bhí se deacair glacadh leis an leibhéal íseal Gaeilge a bhi agam

In ainneoin seo ar fad, is cinnte gur bhain Ní É sult as na nithe níos deise faoi shaol na mac léinn agus í sa chéad bhliain. Ceann de na cuimhní is fearr atá aici ná ceann atá ag roinnt mhaith mic leinn reatha: “Nuair a bhí sé grianmhar agus an deis againn suí ag an Pav.”

Cé gur feolseinnteoir í den chuid is mó den am anois a chinntíonn sí a rá liom, deir sí: “níl aon rud níos fearr na pionta a bheith agam agus pláta mór sceallóga agus sicín. Ní hé go bhfuil sé galánta.”

Ag an am céanna, tugann Ní É aitheantas don taobh dorcha den chuid seo de shaol na mac leinn sa chéad bhliain. Thosaigh sí ag ól den chead uair sa Choláiste agus fiu go bhfuil cuimhní cinn do bheith ag ceiliúradh aici, deir sí nach raibh sí “go maith ag ól”.

“Dúirt mo sheanmháthair liom rud ag an am agus b’fhéidir nár éist me agus b’fhéidir nach n-éistfidh éinne leis anois. Is cuma le gach duine cad atá i do chupán agus ba chóir duit a bheith cúramach. Bhí go leor oícheanta go raibh me ró-ólta agus b’fhéidir gur cineál ‘rite of passage’ é sin é féin. Ag féachaint siar bhainfinn níos mó taitnimh as dá mbeadh mé níos sásta gan a bheith ag ól an iomarca. Tóg sos, ól uisce le linn na hoíche.”

Dúirt mo sheanmháthair liom rud ag an am agus b’fhéidir nár éist me agus b’fhéidir nach n-éistfidh éinne leis anois

Is léir go bhfuil Ní É sásta leis an gcaoi go bhfuil ag éirí lena saol, ach admhaíonn sí go mbíonn sé deacair san ollscoil a bheith cinnte cad go díreach atá ar bun agat nó cén treo atá do shaol ag dul. “Bíonn tú ag forbairt de réir a cheile agus bíonn sé deacair a fheiceáil uaireanta cé mhéid atá déanta agat. Nuair a fheicim siar, is ar éigean a raibh Gaeilge agam. Ní raibh muinín agam as mo scríbhneoireacht, ní raibh mé sásta rudaí a fhoilsiú agus ní raibh mé sásta ionam féin. Bhí easpa muinín agam go mór.”

Is dócha mar sin go luíonn an comhairle a thabharfadh sí do lucht na céad bhliana le ciall. Agus is comhairle úr í go háirithe agus muid ag deileáil le domhan fíorúil atá de shíor níos dírithe ar chuma daoine. “Tá mé ag iarraidh a rá leis na mná ar fad – tá tú go hálainn. Agus na bí buartha faoi cad a cheapann éinne faoi do ghruaig, do smideadh, d’easpa smididh. Is cuma faoi sin. Ní sin atá ionat ar aon nós. Baint sult as an saol, bain sult as an ollscoil agus déan an obair.”

“Tá seo scannallach”, a deir sí. “Sa chéad bhliain ní bheadh mé sásta dul muna raibh smideadh orm agus anois ní féidir liom sin a shamhlú.”

Is léargas é seo ar am Ní É sa Tríonóid. D’fhorbair a cuid muiníne thar am agus b’fhiú sin toisc go bhfuil an-rath uirthi anois. Go bunúsach, d’éinne ag dul isteach sa chéad bhliain, má thógtar aon rud ó chomhairle Ní É maidir lena tréimhse anseo, ná bí buartha faoi.