Comment & Analysis
Nov 27, 2021

Cúnamh na Mac Léinn de Dhíth do Ghaeilge na hArdteiste

Míníonn Julian de Spáinn cad gur féidir le mic léinn a dhéanamh chun cabhrú le Gaeilge na hArdteiste

Julian de SpáinnScríbhneoir op-ed

Níl ach trí lá fágtha le páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán faoi na sonraíochtaí ardteiste T1 agus T2. D’fhéadfadh an córas molta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dochair thubaisteach a dhéanamh don oideachas ag leibhéal na hardteiste agus droch-tionchar amach is amach a imirt ar dhaltaí scoile. Níl an córas molta cothrom ar na daltaí, ar thuismitheoirí nó ar mhúinteoirí sna scoileanna.

Tá tábhacht mhór ag baint leis an Ardteist do scoláirí, scrúdú a imríonn tionchar mór ar a roghanna gairme agus saoil. Tá múnla nua de dhíth do Ghaeilge na hArdteiste, múnla a chuireann sonraíochtaí ar fáil a fhreastalaíonn go héifeachtach, go cothrom, go cruthaitheach agus go spreagúil ar riachtanais foghlama gach scoláire.

Níor chóir dul ar aghaidh leis an múnla T1 agus T2 atá molta ag an CNCM ar na cúiseanna seo a leanas agus eile:

ADVERTISEMENT

Cén fáth go ndéanfadh aon dalta cúrsa ardteiste Gaeilge níos deacra, mar atá molta le T1, gan pointí CAO sa bhreis mar chúiteamh dóibh?

Tá easnaimh ollmhóra san eolas atá curtha ar fáil sna cáipéisí comhairliúcháin agus níl an difir idir na sonraíochtaí T1 agus T2 molta soiléir.

Níor chóir fáil réidh le bonnleibhéal don ardteist mar go mbeidh na daltaí a fhreastalaíonn an leibhéal seo orthu i gcruachás agus fagtha le rogha idir díolúine a lorg nó cúrsa ar leibhéal nach bhfuil in oiriúint dóibh a dhéanamh.

Ba chóir múnla eile a úsáid, ar nós:

1. Sárleibhéal a chur leis na leibhéil reatha le pointí breise CAO do na daltaí a roghnaíonn an leibhéal seo. Ba chóir úsáid a bhaint as an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach tríd na leibhéal ar fad

2. Dhá ábhar Gaeilge don ardteist:
Ábhar amháin – Cumarsáid na Gaeilge – a dhéanfadh gach dalta staidéar air (agus na leibhéil bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal a bheith ann)

Ábhar eile – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge – a bheadh ar fáil mar ábhar roghnach ar nós mata fheidhmeach.

Moltar go mbeadh na leibhéil éagsúla sna múnlaí seo ceangailte leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, rud a chinnteodh leanúnachas i bhfoghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal den chóras oideachais agus bóthar dearfach chun cinn do gach scoláire ar a thuras teanga.

Beidh acmhainní breise, ar a n-áirítear soláthar múinteoirí breise agus forbairt leanúnach ghairmiúil ag teastáil leis na moltaí seo a chur i bhfeidhm. Creidimid gur infheistíocht riachtanach a bheidh ann chun sonraíochtaí a chur ar fáil do scoláirí uile na tíre seo a fhreastalóidh go sásúil agus go cothrom ar a gcuid riachtanas.

Dar ndóigh, beidh an oiread sin deiseanna fostaíochta do mhic léinn tríú leibhéal le Bille na dTeangacha Oifigiúla agus an soláthar atá ann go mbeidh 20 faoi gcéad de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoi 2030. Mura mbíonn an ardteist ag freastail ar dhaltaí dara leibhéal i gceart sula shroicheann siad an tríú leibhéal, cruthóidh sé go leor leor fadhbanna leis an sprioc 20 faoin gcéad earcaíocht a bhaint amach agus chaillfear deis iontach leis an teanga a spreagadh i measc an aos-óg.

Is féidir le gach mac léinn tacaíocht a thabhairt don fheachtas seo tríd ríomhphost a chur chuig [email protected] roimh an 30 Samhain. Beidh GACH RÍOMHPHOST tábhachtach agus bheadh sé iontach dá mbeadh glór láidir ó na mic léinn tríú leibhéal san áireamh.


Is é Julian de Spáinn Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.