Comment & Analysis
Nov 4, 2021

Ardmholadh do Ghníomhaíochas Aeráide na Mac Léinn

Is minic a bhíonn daoine ag cáineadh gníomhaithe óga mar dhaoine aineolacha gan fhreagracht. Ach is a mhalairt atá fíor, dar le Siothrún Sardina.

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge
blank
Illustration by Emma Donohoe for The University Times

Is minic a chloistear an seanghearrán go bhfuil an iomarca gníomhaíochais i measc lucht léinn, nach dtuigeann siad saol ná beatha go fóill, nár cheart dóibh bheith ag seasamh suas agus ag déanamh agóide. Is dóigh liom go bhfuil a leithéid cloiste ag chuile ghníomhaí óg dá bhfuil ann. Anois agus na mílte mac léinn ag streachailt in aghaidh an athraithe aeráide ar fud an domhain, is cinnte go gcloisfear é níos mó fós.

Cinnte tá sé cloiste agamsa – ach ní chuireann sé isteach orm ar chor ar bith.
Ní dóigh liom go gcuireann a leithéid de sheafóid isteach ar mhic léinn riamh, ar an dea-uair. Mar tá an ceart acu – níos mó ná mar atá ag éinne eile, i gcás an athraithe aeráide – dul i mbun agóide.

Tar éis dom éirí i mo ghníomhaí aeráide, feicim níos mó ná riamh cé chomh mícheart is atá an ruaille buaille sin, agus cé chomh ceart is atá na mic léinn atá ag labhairt amach go hard.
Cén fáth? Breathnaigh siar nóiméad. Sna glúine romhainn, tháinig monarchana guail agus breoslaí iontaise. Tháinig tuillte plaistigh agus díothuithe. Tháinig an éigeandáil is mó dá raibh riamh againn – agus is beag an duine a bhí sásta fiú aird a thabhairt uirthi.

ADVERTISEMENT

Ina dhiaidh sin, tháinig an ghlúin seo ar an saol. Níor chruthaíomar na fadhbanna seo. Ní muidne an chúis go bhfuil siad ann. Ach bhíomar brúite iontu gan rogha, curtha faoi ansmacht neamhionannas comhshaoil agus tréigthe i ndomhan beagnach scriosta ag an ngéarchéim aeráide.

Tháinig an éigeandáil is mó dá raibh riamh againn – agus is beag an duine a bhí sásta fiú aird a thabhairt uirthi

Agus céard a rinneamar mar mhic léinn mar fhreagra air sin? Roghnaíomar le troid a dhéanamh chun an saol a fheabhsú. Roghnaíomar praiseach de chuid na nglún seo caite a réiteach – gan duais, gan ghrá, gan fiú tuiscint uathu. Leanaimid ar aghaidh fiú go bhfuil na mílte daoine dár gcáineadh – as a bpraiseach féin a réiteach!

Agus is ar a son féin – chomh maith le leas na nglún atá le teacht – go mbíonn daoine ag iarraidh agóidí a chur ar siúl. Is ar thóir domhain níos fearr atáimid i gcónaí. Ní shin chun a rá nach raibh maith sna glúine seo caite – bhí go leor acu ar an taobh ceart, ag iarraidh a dtodhchaí a chosaint.

Ach dála an scéil, d’fhág na glúine sin praiseach uafásach ghránna dúinn, agus dhiúltaigh cuid ró-mhór acu cúnamh a thabhairt dúinn é a réiteach in aon chor. An bhfuil críonnacht ná freagracht ar bith ann?

Anois, tá muid tar éis tuairisc de chuid an IPCC a fheiceáil, tuairisc a léiríonn gan amhras go bhfuil ár sochaí dá mharú féin agus go bhfuil léirscrios á dhéanamh againn ar an domhan nádúrtha. Ní riabh a leithéid de bhaol ag bagairt na ndaoine – ná an domhain ar fad – riamh.

Is “daoine uafásacha” atá sna gníomhaí, “grúpa anoird” gach grúpa a chuireann agóid ar siúl, agus fadhbanna “míchompordacha” iad na daoine a labhraíonn amach

Agus céard a fheicimid? Is “daoine uafásacha” atá sna gníomhaí, “grúpa anoird” gach grúpa a chuireann agóid ar siúl, agus fadhbanna “míchompordacha” iad na daoine a labhraíonn amach. Cuireann an seanchóras is againne tacaíocht i gcónaí sna breoslaí iontaise, agus na daoine atá sásta agóid ar leas an domhain, is orthu a bhfuil an locht curtha. An rud críonna é sin?

Ach dá ainneoin na mallachtaí seo, séard a rinne na gníomhaí óga ná freagracht a thógáil – fiú nach dár mbarr atá an fhadhb sin ann in aon chor – agus í a réiteach ar son na nglún atá romhainn. An rud páistiúil é sin?

Is i ndomhan bun os cionn atáimid. Ach má tá an ghlúin seo chun teacht beo, caithfimid éirí tríd an mbréagchráifeacht seo. Caithfimid neamhaird a dhéanamh ar lucht stiallta na ngníomhaithe agus ar lucht cáinte na mac léinn.

Nuair a chloiseann tú na gearráin seo, ná lig dóibh cur isteach ort in aon chor. Ná lig d’éinne do mhisneach a ghoideadh uait – in apacailipsis mar seo, níl fágtha againn ach ár misneach féin. Tá chuile rud eile goidte, nó ag dul as láthar le luas tragóideach.

. Ná lig d’éinne do mhisneach a ghoideadh uait – in apacailipsis mar seo, níl fágtha againn ach ár misneach féin

Ná lig d’éinne a rá leat gur rud seafóideach nó “cothú anoird” atá á dhéanamh agat – óir is anord as cuimse agus i bhfad níos measa atá san éigeandáil aeráide. Níl slí chuig síocháin ach trí chóras briste na mbreoslaí iontaise agus a leithéid a chaitheamh amach go hiomlán.

Ná lig d’éinne a rá leat gur ceart duit bheith i do thost, mar is sin an bréag is measa atá ann. Nuair atá gach rud agus gach ceart maireachtála tógtha uainn, níl fágtha againn ach ár nglór agu ár misneach chun é a úsáid.

Is iad na daoine óga atá ag troid go deo – gan bhuíochas gan chomhthuiscint – ar son beatha an domhain atá ina bhfíorlaochra. Is laochra iad go léir atá ag troid ar son an domhain. Ach is rud brónach é go bhfuil líon fíorbheag daoine ó lucht na nglúine seo caite sásta troid linn.

Is cinnte, agus roinnt daoine á léamh seo, go mbeadh siad ag ceapadh: “Cén fáth atá an scríbhneoir seo ag cothú naimhdeas idir daoine óga agus seandaoine?” Ach ní shin an cheist cheart. Ba cheart an ceann seo a chur: “Cén fáth a mhothaíonn sé nach bhfuil ach a ghlúin féin sásta an obair chrua a dhéanamh chun a domhan a shábháil?”

I ndeireadh dála, táim ag iarraidh ar ghach duine – na daoine nach raibh go dian ar thaobh an athraithe aeráide de go háirithe – athmhacnamh a dhéanamh ar a gcuid smaointe is ar a gcuid gníomhartha. Cén taobh a bhfuil tú air? Cé dó a throideann tú?

Ní thuigfidh mé riamh cén fáth nach bhfuil chuile dhuine beo sásta gach rud eile a stopadh chun dul in aghaidh ár mbáis – in aghaidh ár ndíothaithe, i ndáiríre – féin.

Ach deireadh an scéil, níl ach ceist amháin fágtha. Cé hé atá níos críonna? An duine a dhiúltaíonn a phraiseach féin a réiteach? Nó an duine a réitíonn praiseach nach bhfuil siad mar údar leis, ar leas beatha agus grá?

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.