Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 24, 2021

Beidh Ról Lárnach ag Mic Léinn Ráig Mhór Nollag eile a Sheachaint

Tá cásanna an choróinvíris ag ardú in Éirinn, i dtaca le líonn iad siúd atá san ospidéal

Leis an mBord Eagarthóireachta

200,000 cás: sin a bheidh ann i Mí na Nollag de réir an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET).Tá ról lárnach ag mic léinn tragóid a tharlóidh dá bharr a sheachaint.

Chuaigh na cásanna as cuimse sna cúpla seachtaine seo caite, agus is iad na daoine idir 19 agus 24 bliana d’aois – na mic léinn féin – is mó atá buailte acu. Mar sin, tá móráireamh na freagrachta orthu siúd scaipeadh an víreas a smachtú.

Tá an chomhairle léir: féin-aonraigh má tá rianta den víreas ort (agus faigh teastas PCR seachas teastas antaigine), caith masc taobh istigh – i gceart – agus cur srian ar theagmhálacha sóisialta chomh fada ar laghad agus is féidir. Ach i ndáiríre, is iomaí mac léinn nach bhfuil ag éisteacht le bunchomhairle Nphet fiú. Ní caithfidh duine fanacht i bhfad sa leabharlann chun duine a fheiceáil ag caitheamh maisc faoina shrón. Agus cé go gcuireann an chuid is mó de na srianta isteach ar shaol na mac léinn – saol nach raibh mór le rá anuraidh – tá gá arís le híobairtí a dhéanamh chun daoine eile a chosaint.

ADVERTISEMENT

Tá ról ag an Tríonóid ann freisin. Bhí an ceart ag an gColáiste ionad tástála a chur ar champas, agus puball vacsaínithe a chur ar fáil. Tá deis ag mic léinn tástáil a fháil dhá uair le linn na seachtaine mar gheall ar Unicov, ach caithfidh an Coláiste níos mó daoine a mhealladh isteach sa tionscadal sin, agus an córas sin a éascú.

Is mór an chúnaimh a bheadh ann bheith níos cinnte faoi na scrúduithe freisin. Má tá léachtaí ar siúl, is féidir scrúduithe i bpearsa a chur a siúl freisin, ach caithfidh mic léinn a thuiscint nach mbeidh aon dochar ar a gcuid marcanna má fhanann siad sa bhaile. Bíodh tús áite ag féin-aonrú.

Thairis sin, ba cheart don Tríonóid a bheith cinnte nach mbeidh aon mhíbhuntáiste ar mhic léinn nach mbíonn sa seomra ranga de bharr féin-aonraithe. D’iarr an Bord Eagarthóireachta seo cheana foghlaim ar líne a choinneáil i bhfoirm éigin go buan, go háirithe ar son mic léinn faoi mhíchumas. Tá teip ar an Tríonóid ar an taobh seo de, agus caithfidh sí bheith bheith níos fearr an téarma seo chugainn.

Tig le mic léinn beathaí a shábháil agus tinneas gránna a stopadh – ní hamháin sa saol mór, ach i bpobal an Choláiste freisin, go hairithe i measc ball foirne agus mac léinn imdhíon-lagaithe.

Bhí a lán mic léinn míshásta faoin bhfreagra beag a bhí ag an rialtas ar an ardú sna cásanna, ach ní chiallaíonn sé sin gur féidir leo éalú as a bhfreagracht féin Nollag eile mar an ceann seo caite a sheachaint.