Radius
Nov 24, 2021

Comhshaothar Ilchultúrtha Ó Chumann Gaelach agus na Cumainn Chultúrtha

D’eagraigh cumainn chultúrtha na Tríonóide oíche lán le hamhránaíocht agus filíocht i gClub Conradh na Gaeilge

Rebecca ArmstrongScríbhneoir Cúnta
blank
Sibéal Ní Dhuibhir

Más rud é go dtaitníonn an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis, Gaeilge na hAlban nó fiú amháin Mariah Carey leat – sílim go mbainfeá taitneamh as an Mic Oscailte Ilchultúrtha a d’eagraigh an Cumann Gaelach i gcomhar le Korean Society, DU Modern Languages, DU French Society, DU Germanic Society, agus Trinity Japanese Society aréir. Ag leathuair tar éis a hocht, dímheabhrach go bhfuacht na hoíche, bhí roinnt téigh suas glórach ar siúl ag mic léinn Choláiste na Trionóide síos i Chlub Conradh na Gaeilge.

Ag caint leis The University Times, dúirt Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Rebecca Coxon: “Táim chomh sásta go bhfuil an méid seo cumainn anseo, tá sé iontach achain daoine a fheiceáil óna cultúrtha difriúla le chéile anocht. Táim ag tnúth go mór leis na hamhráinaithe agus na hamhráin ar fad sna teangacha éagsúla a chloisteáil!”

Ghlac Sibéal Ní Dhuibhir, oifigeach don chaidreamh poiblí an Chumainn Ghaelaigh, ról bhean an tí (agus seinnteoir giotár) don oíche. Cuireadh tús leis an ócáid le Leah a léigh a dán Ghearmáinis faoina chéad grá. Thost an lucht féachana go léir ag éisteacht léi go bogchríoch. Leanadh an téama Géarmáinise ar aghaidh leis an gcéad grúpa eile. Bhí daoine a chum a n-amhráin féin fiú, cosúil le Jacob Wagner a chan a phíosa “Betrachtungen” ar an ngiotár le Marie Demont ar an mbosca ceoil in éineacht leis. Braithfear atmaisféar suáilceach sa seomra leis an amhráin gliondrach “Tóg mo Lámh” a chan Tara Ní Bhroinn agus Sibéal Ní Dhuibhir. Chas Gabriel Soria saranáid Spáinnis “Mi Amor” don lucht féachana a chur an seomra ar fad i dtámh. Ba é Mayank Soni an t-amhránaí deireanach ar an liosta oifigiúil don imeacht, a chan “Creep” le Radiohead go fonnmhar. Théis sin d’imigh aon smaoineamh faoi chríoch a chur leis an oíche gan moill. Bhailigh roinnt mic léinn a dhóthain misnigh chun a seit rúnda a chasadh dúinn.

ADVERTISEMENT

I dtosach báire ar an seinnliosta impromptu bhí Rebecca Coxon, a chan an t-amhráin “Maidin Aisneach” dúinn go léir. Idir an dá linn, d’eirigh an dúdaire, Gabriel, sceitimíneach deis eile fáil ar ais ar an ardán. Bheartaigh sé amhráin eile a chanadh dúinn, ach an uair seo ní amhráin Spáinnis a bhí i gceist ach amhráin Fraincis “Alors on danse”. Thaispeán sin dúinn go soiléir an brí atá ar théama ilchultúrtha na hoíche.

Cé nach raibh an veidhlín ag Javier Noriega Molina, mac léinn ceol na céad bliana, níor chuir sin bac air taispeántas a léiriú. Ba chomaoin ar an lucht fhéachana é a bheith láithreach. Léigh sé dán Spáinnis “País de poetas” le Elvira Sastre. Rogha dán a bhí spreagtha óna thír dhúchais a bhraitheann sé go mór uaidh. Ina theannta sin, sa mheon céanna léigh Jude Coulavin “L’albatros” le Charles Baudelaire chun oideachas a chur orainn faoi chultúr na Fraince trí mhéan na filíochta.

Chun críoch deimhneach a chur leis na sraithe dánta, bheartaigh Gracie Shearer dul suas os comhair an slua. Rinne sí léitheoreacht lasánta den dán Albanach ‘To A Louse’ le Robert Burns. Fuair sí bualadh bos croíléiseach ón lucht fhéachana. Cuireadh iontas ar an tslua nuair a tháinig Bea Campbell agus Altan Ní Mhúrcú suas ar an ardán go tobann chun fonn a chasadh. Ba chumadh proifisiúnta ar na comhceoil a chan siad le chéile ar an t-amhráin “Wouldn’t come back” le Trousdale. Conas gur féidir críoch níos fear a chur le hoíche mic oscailte gan amhrán Mariah Carey? Mhúscail Maeve Gaffney agus Kathleen Pusch spiorad na Nollag ionann lena léiriúchán de “All I Want For Christmas”.

I ndeireadh na dála, d’éirigh leis an gCumann Gaelach imeacht ilchultúrtha thairbeach a eagrú ina theannta leis na cumainn eile. Ní hamháin go raibh sé ilchultúrtha in ainm, ach thaispéan an oíche do chách cé chomh tábhachtach is atá sé cultúr a roinnt agus rudaí a fheiceáil trí shúile eile.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.