Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 1, 2021

Ní Chuideoidh Glór Agóide an USI Leo Tuiscint a Fháil ón Rialtas

Ghlac an USI chur chuige géari leith agóidíochta ina aghaidh táillí sár-arda na mac léinn i mbliana

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is é seo an t-am d’agóidí na mac léinn, ach ní thugann an bhaint a bhí ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), an príomhghrúpa ionadaíochta do mhic léinn, le feachtas a bhí lán de dhiairmíní, ach leithscéal eile don rialtas riachtanais thromchúiseacha na mac léinn a chaitheamh i leataobh.

Tá an rialtas ar tí cinneadh a ghlacadh maidir leis an Tuairisc Cassells, más fíor a raibh le rá ag an Aire Ardoideachais Simon Harris, i ndiaidh dó é a chur ar an méar fada ar feadh cúig bliana. Go bunúsach, tá cor cinniúnach roimh an ardoideachas.

Ní mór don rialtas dul i ngleic leis an méadú ar chostas maireachtála, ar an ghéarchéim lóistín agus ar na táillí fíor-arda. Tharraing an cur chuige a bhí ag an USI faoi cheannasaíocht an Iar-Uachtaráin Lorna Fitzpatrick ard na meán náisiúnta ar chostas an choláiste – go háirithe costais lóistín. Cur chuige cothrom agus tomhaiste a bhí ann: bhí cuma réasúnta ar mhic léinn.

ADVERTISEMENT

Déarfá gur comórtas don chomhartha is greannmhaire a bhí i gceist sna hagóidí taobh amuigh den Dáil an tseachtain seo. Is gnéithe iontacha den agóid iad na comharthaí greannmhara agus na manaí tráthúla, ach bíonn sé níos éasca ar an rialtas a shúile a chasadh agus a rá nach bhfuil i gceist ach mic léinn histéireacha nuair a cuirtear mana le heascaine i gcroílár na hagóide. Cinnte nach mbeidh a leithéid curtha sna mórbhileoga ná i gclár roimh an tairseach craoltóireachta.

Tá neart slite ag an USI chun tacaíocht an phobail a fháil. Caitheann an rialtas go dona le mic léinn agus theip ar Harris a chuid cainte ar son na mac léinn a chuir i gcrích. Tá an USI ag díriú ar na gealltanais nár coimeádadh agus an fealladh a bhíonn a dhéanamh ar mhic léinn i gcónaí, agus ba cheart go mbaileoidh sé sin trua sa Dáil agus i measc an phobail.

Le linn na hagóide, dúirt Uachtarán an USI Clare Austick: “Dúirt roinnt daoine liom: an bhfuil “eff the fees” róghéar? Ach, níl sé, mar rinneadh neamhaird dúinn ar feadh 10 mbliana.”

Tá an ceart aici: tá neamhaird déanta ag an rialtas ar mhic léinn ar feadh deich mbliana. Agus níl “fuck the fees” róghéar. Ba cheart fáilte a chur roimh cur chuige nua maidir le hagóidí chun guth mhic léinn a chur in iúl.

Is cinnte gur mana feargach é “fuck the fees.” Ar an drochuair, is mana páistiúil é freisin – clú a bhíonn mic léinn ag streachailt a fháil réidh leis. Tá agóid theanntásach agus phaiseanta á meascadh ag an USI le racht feirge agus ní thugtar aird ar bith ar a leithéid.