Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 23, 2022

Ba cheart go mbeadh Teach 6 inrochtana cheana. Ach Anois Tá Spriocdháta Ann

Is cinnte gur céim sa treo ceart é Teach 6 a chur ar fail do gach mac léinn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Mar chuid lárnach de saol ollscoile neart mac léinn, ba chóir do Teach 6 a bheith inrochtana do gach mac léinn tamall fada ó shin. Tá an nuachtán seo, Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU), Aontais na nIarchéimithe (an GSU), Lárchoiste na gCumainn agus Foilseachán Choláiste na Tríonóide bunaithe san fhoirgneamh. Is lárionad é do ghníomhacht mhic léinn, ach ní croílár saol na mac léinn é mar gheall ar struchtúr an fhoirgnimh.

Is údar mór misnigh iad na pleananna a fógraíodh an tseachtain seo go ndéanfar Teach 6 inrochtana roimh 2024. D’éirigh leis na míonna a chaith Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide agus urlabhraithe na ndaoine faoi mhíchumas i mbun stocaireachta.

Cé nach scéal nua é, bhí cúrsaí inrochtana i mbéal an phobal anuraidh. Ó fheachtas an Chumainn Gaelach chun Seomra na Gaeilge a dhéanamh níos inrochtana go dtí rún an TCDSU a thug sainordú d’uachtarán an aontais agus d’oifigeach na mac léinn faoi mhíchumas staidéar féidearthachta a dhéanamh, tá mic léinn ag seasamh go diongbháilte ar son coláiste inrochtana.

ADVERTISEMENT

Chuir an obair chrua a rinne an Seirbhís Mhíchumas go mór leis an éacht suntasach seo – tá spriocdháta leagtha síos agus tá pleananna curtha i bhfeidhm.

Bhí cur chun cinn Teach 6 i gcónaí curtha i gcomhthéacs an fanacht ar lárionad mac léinn ag an Choláiste. Cé gur gheall Uachtarán TCDSU Leah Keogh anuraidh na pleananna sin a chuir chun cinn, is léir nach mbeidh na mic léinn imithe ó Teach 6 in aicearracht, mar sin caithfear feabhas a chur air.

Agus dearmad déanta ar an ionad mac léinn thar na blianta agus gan tagairt déanta air ach i rith na toghcháin shabóideacha, níl an chuma ar an scéal go bhfuil an t-ionad mac léinn mar ardtosaíocht ag duine ar bith.

Cé go bhfuil réiteach ar tí teacht ar fhadhbanna inrochtanais Teach 6, ní chiallaíonn sé sin agus nach bhfuil gá le spás do mhic léinn. Ach is léiriú ar an chomhoibriú idir an Choláiste agus an Seirbhís Mhíchumas é an dul chun cinn a rinneadh an tseachtain seo.

Is fada go dtí go mbeidh Coláiste na Tríonóide inrochtana tríd is tríd, ach is cinnte gur céim sa treo ceart é go mbeidh Teach 6 rar fáil do gach mac léinn.