Radius
Feb 11, 2023

An 5 is Fearr – Réamh-Fhéachaint ar Chlár na hÉigse

Tá Seachtain na hÉIgse os ár gcomhair – seo iad na himeachtaí is mó agus is spraíúla a bheas ar siúl.

Siothrún SardinaSenior Editor

Tá seachtain na hÉigse ag druidim linn. Is cuma na ranganna, na scrúduithe, obair agus iarratais: tá an Ghaeilge le ceiliúradh! Ach, céard é go díreach a bheas ann? Más é gur ag lorg oíche amach atá tú, nó scannán Gaelach, nó cibé cén rud eile – is ag seachtain na hÉigse a gheobhas tú é! Seo iad a leanas an 5 rud is mó – imeacht amháin i gcomhair gach lae den Éigse – le bheith ag faire amach dóibh.

Seoladh na hÉigse
Ceann de na rudaí is mó de chuid Sheachtain na hÉigse na Seoladh an hÉigse – an tús oifigiúil a chuirtear leis ar an gcéad lá. Bíonn cainteanna ann ó roinnt daoine ar leith – ar an Éigse, ar thábhacht na Gaeilge, agus ar shaol na Gaeilge sa Choláiste mar atá, agus araile. Móide sin, is traidisiúin é go mbíonn an Propast í féin ann, ach ní haon eisceacht í an bhliain seo. Beidh Linda Doyle ann i dteannta le lucht an Chumainn Ghaelaigh chun tús a chur leis an Éigse.

Is i Seomra na Gaeilge a bheas Seoladh na hÉigse ag tarlú, ag 6i.n. Dé Luain.

ADVERTISEMENT

Taispeántas Róise agus Frank
Fadscannán Gaelach is ea é Róise agus Frank. Beidh an Cumann Gaelach ag reáchtáil imeacht fhéachana oscailte do phobal na Tríonóide, agus lán-fháilte roimh chách! Más ea gur fhaca tú An Cailín CiúinArracht agus fonn scannáin Ghaelaigh fós ortsa, seo agat é do sheans! San Amharclann Maxwell a bheas an Scannán á thaispeáint, ag 6i.n. Dé Máirt.

Cúirt Éigse
Ceann de na himeachtaí is mó le linn Seachtain na hÉigse is ea é Cúirt na hÉigse. Imeacht ealaíona mhór ata ann – idir chaint agus chanadh, idir cheol agus fhilíocht. Bíonn béim i gcónaí ag Cúirt na hÉigse ar ealaíon, ar filíocht, agus ar oidhreacht na Gaeilge. Agus is cinnte nach aon briseadh ón nós sin a bheas ann i mbliana. Ní hamháin go mbeidh na Trinitones agus Trinity Singers ann, ach beidh an file Gaeilge Eiléan Ní Chuileanáin agus an scríbhneoir Gaelach Caitlín Nic Íomhair ann mar aíonna chomh maith.

Isteach san Atrium Dé Céadaoin a bheas an Chúirt ar siúl. Tá sé le tosú ag 7i.n.

Oíche na Mac Léinn ag Conradh na Gaeilge
Níorbh fhéidir seachtain Gaelach ar bith a shamhlú gan ar a laghad oíche amháin ag an gClub Chonradh na Gaeilge. Ach, go háirithe i gcás Sheachtain na hÉigse, beidh spás lárnach ag an Teach Tábhairne is Gaelaí ann sa scéal. Beidh na mic léinn uilig – ní hamháin ón Tríonóid, ach ó roinnt Coláistí eile timpeall na háite freisin – ag bualadh isteach sa Chlub don oíche. Más ea gur fonn ceoil atá ort, nó más ar thóir cúpla piontaí le do chuid cairde atá tú, níl spás níos fearr ann ná an Gaeltacht-ín beag álainn seo.

Tosóidh an oíche ag 8i.n. Déardaoin sa Chlub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair.

Pop Up Gaeltacht
Céard eile ab fhearr, tar éis oíche mhór amach ag Conradh na Gaeilge, ná casadh isteach ag Gaeltacht bheag eile? Tada, is dócha – agus mar sin, ar an lá deireanach de Sheachtain na hÉigse, beidh Pop Up Gaeltacht ar siúl ag an gCumann Gaelach! Cosúil le chuile imeacht eile, tá lán-fháilte roimh gach éinne dul isteach, a gcuid Gaeilge a úsáid, agus cinnte pionta nó dhó a óil (ar son na cúise). Sé an Pop Up Gaeltacht an imeacht deireanach de chuid Sheachtain na hÉigse, agus is dócha gur mór-imeacht lán-spraoi a bheas ann.

Tosóidh an Pop Up ag 7i.n. Dé hAoine. Is ag an bPav a bheas sé ar siúl.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.