Radius
Apr 16, 2024

Léirmheas ar Cheoldráma Tara Ní Bhroin, Bláithín Faoi Bhláth agus a Ceol Cumasach

Déanann Eoghan Ó Ceallacháin cur síos ar cheoldráma an Chumainn Ghaelaigh.

Eoghan Ó CeallacháinContributing Writer

Le déanaí chuaigh mé chun dráma Tara Ní Bhroin a fheiceáil. Tá an dráma bunaithe ar chora chasta an tsaoil Bláithín, príomhcharachtar an scéil, imeartha ag Ali McKenna, dalta drámaíochta sa 3ú bhliain. Is gá do Bhláithín a tuismitheoirí a fhágáil agus bogadh go Conamara chun tús a chur lena saol nua. Sa bhaile nua bíonn uirthi déileáil le muintir craiceáilte Chonamara agus a gcultúr ‘éagsúil’.

Baineann Ní Bhroin an-úsáid as ceol coitianta measctha le liricí glice agus greannmhara chun an taobh ghreannmhar de theacht amach Bhláithín mar an gcéad leispiach go hoscailte i gConamara a chur in iúl. Le cóiréagrafaíocht spraíúil agus roinnt mhaith seiftiú ó phearsana ar leith, déantar fiosrú ar na carachtair agus an scéal á bhogadh ar aghaidh i mbealach siamsúil. I’m 

Thuig mé agus mé ag teacht isteach go dtí foirgneamh Players go mbeidh bua na hamhránaíochta ag an ngrúpa seo. Nuair a chuala mé féin agus an lucht féachana na haisteoirí ag canadh The Fields of Athenry suas staighre an fhoirgnimh agus iad ag ullmhú don léiriú. Dúirt ceann amháin dona na haisteoirí go raibh “achan duine in ann rud a chinnt a sheinnt ar an ngiotár, agus go raibh seisiún ceoil acu roimh gach uile seó.” De réir a chéile bhí cumas nádúrtha dochreidte ag an ngrúpa!

ADVERTISEMENT

D’oscail an dráma le saolú iontach réalaíoch. I rith an chéad amhráin, bhí curfá ó charachtar Bláithín leis an leagan iontach nua d’amhrán The Circle of Life ó scannán móréilimh Disney The Lion King. Le sin, thaitin an casadh Ceilteach ar an seanamhrán go mór liom le Cathal Ó Murchú ag seinm na feadóige stáin. Sílim gur chuidigh sé go mór leis an amhrán, agus ní bheidh mé in ann éisteacht le gnáth leagan an amhráin ar an gcaoi chéanna riamh arís!

Sa tríú radharc agus carachtar Ali ag déanamh suas a hintinne chun bogadh go Conamara, canann sí agus an chuid eile de na haisteoirí leagan den amhrán cáiliúil It’s raining men, a chuirfeadh bród ar na Weather Girls. In ionad gnáthchurfá an amhráin chanadar  “Táim bréan de, Hallelujah!” mar tá carachtar Ali; Bláithín, bréan den ghnáthshaol agus tá sí réidh chun a ceantar dúchais a fhágáil. Is dóigh liom gur mhinic a bhíonn imní ar dhaoine freastal ar dhrámaí lán-Ghaeilge toisc go gceaptar go bhfuil Gaeilge líofa ag teastáil uait chun iad a thuiscint agus chun taitneamh a bhaint astu. Dar ndóigh ceapaim go gcabhraíonn leis an gceol na daoine seo a tharraingt isteach sa dráma. 

Chuir leibhéal amhránaíochta agus tallann na n-amhránaithe ionadh orm. Rinne na príomhamhránaithe Ali agus Ursula jab den chéad scoth agus iad ag canadh a gcuid amhráin, Gotta Go My Own Way ó High School Musical. Buaicphointe an tseó a bhí ann. Agus fiú ó thaobh na mbuachaillí, chuaigh a méid tallainne go mór i bhfeidhm orm., cheapfaí go raibh athionchollú BoyZone os mo chomhair. Bheadh a fhios agat go raibh Joe Woulfe ag canadh le fada agus é ag tabhairt taispeántais Soprano dúinn uilig i bhfoirm leagan nua de Love Story de chuid Taylor Swift.  

Chomh maith leis an gceol iontach, ceann do na rudaí a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ná an aisteoireacht. Cé nach raibh ach deichniúr aisteoir sa ghrúpa, déarfainn go raibh ról tábhachtach acu ar fad a chuir go mór leis an dráma i mbealaí éagsúil. Bhí mé an-tógtha le taispeántais Rian mar fheirmeoir agus a sheiftiú grinn dhíograiseach. Le bua Cillian Murphy ag na hOscars agus teacht chun cinn aisteoirí ar nós Paul Mescal agus Andrew Scott d’fhéadfainn rá go bhfuil  athbheochan aisteoirí agus scannánaíocht na hÉireann ag tarlú  faoi láthair. Ba léir an méid seo dom  ó  iarracht Rian lena chuid seiftiú bhuanú. Bhí roinnt mhaith daltaí idirnáisiúnta ag freastal ar an gceoldráma agus dúirt dalta amháin ón Spáinn “I didn’t understand a thing, but it was still hilarious!- I could tell whatever you were saying was funny” faoin gceoldráma. Tar éis na haisteoireachta sa dráma seo déarfainn go leanfaidh an athbheochan seo ar aghaidh ar feadh na mblianta – cé nach raibh mé go hiomlán tógtha le haisteoireacht Meadhbh Ní Cheallacháin! 

Mar fhocail scóir caithfidh mé a admháil gur thaitin an dráma seo go mór liom, mar gheall ar an gceol armónach, an damhsa corraitheach, agus an tslí gur bhog an scéal ar aghaidh. Ceapaim gur éirigh go sármhaith le Tara Ní Bhroin leis an dráma seo, agus tá todhchaí gheall aici agus ag an drámaíocht ghaelach amach anseo gan dabht ar bith.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.