Radius
Apr 16, 2024

Na Cúig Bhealach is Fearr: An Ghaeilge a Spreagadh

Déanann Abi Ní Mhuircheartaigh cur síos ar chonas is féidir linn níos mo Gaeilge a úsáid ó lá go lá.

Abi Ní MhuircheartaighÉagarthóir Gaeilge

Tá stádas na Gaeilge ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. Fiú i gColáiste na Tríonóide; an coláiste oráiste mar a ghlaoitear ar, tá cumhacht na Gaeilge le braith go láidir ann. 2024 atá ann agus tá ár dteanga dhúchais chomh beomhar sin is go ndeirtear go bhfuil sí i mbun athbheochana. Mar sin, seo roinnt nod daoibh chun an Ghaeilge a úsáid níos minice i do shaol laethúil.  

Glac Páirt in Imeachtaí Saor in Aisce i gClub Chonradh na Gaeilge

Bíonn rogha leathan imeachtaí gan chostas ar siúl timpeall Baile Átha Cliath ar bhonn rialta. Aimsítear go leor imeachtaí Gaelacha i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair (Harcourt). Bíonn idir chiorcal comhrá, Pop Up Gaeltacht, agus seisiún ceoil ar siúl ann. Is atmaisféar gan bhrú é chun do chuid Gaeilge a chleachtadh. Téigh i d’aonar nó thóg leat do chairde agus ar aghaidh libh go dtí an Club!

ADVERTISEMENT

Freastail ar Dhrámaíocht Lán Gaelach

Bíonn go leor léirithe drámaíochta le feiscint timpeall na tíre. Is meán beomhar é an drámaíocht chun do Ghaeilge a tharraingt isteach i do shaol. Faoi láthair in Amharclann na Mainistreach, tá Na Peirsigh ar siúl, tragóid na Seán-Ghréige de chuid Aeschylus. Dráma lán-Ghaeilge atá ann, ach tá fotheidil Béarla le feiscint ar scáileán os cionn an stáitse. Mar sin, is féidir le gach caighdéan Gaeilge an seó seo a leanúint. Tá ticéidí ar fáil ar shuíomh Amharclainne na Mainistreach. 

Athraigh Teanga do Fhóin 

Seoid typiciúl ag aon fholaimeoir teanga atá i gceist leis an nod seo. Rinneamar é go léir agus muid ag déanamh na hArdteiste. I ndáiríre, tá cúis mhaith ag an modh foghlama seanbhunaithe seo. Cuidíonn athrá leis an gcuimhne, agus ní haon rún é go mbíonn formhór dúinn ag caitheamh an iomarca ama ar ár bhfón pócaí pé scéal é. Mar sin, tapaigh an deis chun do chuid Gaeilge a spreagadh!

Bain Úsáid as na Meán ar Fáil as Gaeilge 

Táimid ag maireachtáil sa ré dhigiteach agus mar sin tá an iomaí deiseanna ann chun tacaíocht a tabhairt dos na meáin ar fáil as Gaeilge. Ó phodcraoltaí go cláir teilifíse, tá ní áirithe ann do chách. Bíonn siad ar fáil saor in aisce, ar suíomhanna ar nós Spotify, Seinnteoir TG4, agus YouTube. Caithfidh mé lua speisialta a thabhairt do Kneecap, grúpa ceoil ó Bhéal Feirste. Cuireann an grúpa seo ceol den scoth ar fáil trí Ghaeilge Uladh. Is iontach an tslí í chun Gaeilge na sráide a chloiseant. 

Labhair í 

Labhair í. Tá sé chomh éasca sin chun do Ghaeilge a úsáid sa saol laethúil. Tuigeann formhór na ndaoine in Éirinn fiú na frásaí bunúsacha ar nós “dia duit” agus “go raibh maith agat”. Mar sin, caith isteach iad sna comhráite agus tusa ag siobáil tríd an lá. Ná bí buartha faoi chúrsaí gramadaí, tagann an ghramadach le chéile le cleachtadh cainte. Beatha teanga í a labhairt, agus tá an chumhacht ag gach aon duine eadrainn an Ghaeilge a úsáid ar bhonn rialta.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.