In Focus
Sep 14, 2025

Ceann de mhór-cheoltóirí na hÉireann ag labhairt go hoscailte faoina chuid fadhbanna cearrbhachais. Cé mhéad dár ndaoine óga atá thíos leis?

Pléann Sophie Jones an dráma nua atá foilsithe ag Móglaí Bap

Sophie Jones Leas-Eagarthóir Nuachta Gaeilge
blank
via Sundance

Tá “Kneecap” ar cheann de na bannaí ceoil Éireannacha is mó tóir faoi láthair, agus tá siad ag tarraingt aird ar fud an domhain ar chúiseanna éagsúla. Ní hamháin go bhfuil cáil orthu mar gheall ar a gcuid scileanna rap den scoth, ach tá siad aitheanta freisin as an nGaeilge a chur chun cinn agus a dhéanamh faiseanta agus fuinniúil arís. Murar leor sin, tá clú orthu chomh maith mar gheall ar na téamaí polaitiúla agus cultúrtha láidre a bhíonn fite fuaite ina gcuid ceoil. Níl eagla orthu an Ghaeilge a spreagadh thar lear agus polaitíocht a phlé tríd an gceol, agus ní bhíonn drogall orthu a dtuairimí a roinnt go poiblí. D’éirigh leo aitheantas a bhaint amach ní hamháin in Éirinn, ach ag féilte idirnáisiúnta cosúil le Glastonbury, áit ar sheas siad amach mar ghuth nua agus bríomhar ó Éirinn. 

Le déanaí, áfach, tháinig siad i mbéal an phobail ar chúis eile ar fad. An uair seo, de bharr dráma nua atá scríofa ag ball den bhanna, Naoise Ó Cairealláin, ar a dtugtar “Móglaí Bap”. “Minimal Human Contact” is teideal don dráma nuafhoilsithe seo. Is é an téama lárnach atá ann ná an andúil agus an tionchar atá aige ar dhaoine aonair agus ar phobail. Labhair Ó Cairealláin le RTÉ faoin dráma. Mhínigh sé a chuid streachailtí pearsanta féin leis an andúil, agus rinne sé tagairt don fhadhb chéanna atá ag go leor daoine eile in Éirinn agus ar fud an domhain. 

Deir sé go bhfuil an dráma “go mór faoi thionchar a chuid taithí pearsanta.” Ní scéal ficseanúil amháin é seo, ach athmhachnamh macánta ar na deacrachtaí a bhain lena shaol féin. 

ADVERTISEMENT

Labhair sé freisin faoin dóigh a gcuireann siopaí gealltóireachta bréag-dheiseanna os comhair daoine óga, go háirithe faoin tuath agus i mBéal Feirste, an áit ar rugadh agus tógadh é. Tá na siopaí seo fréamhaithe go láidir i gceantair a bhfuil bochtaineacht agus dífhostaíocht i réim, agus meallann siad daoine óga atá leochaileach agus neamhchiontach isteach le geallúintí nach dtagann i gcrích riamh. Ina dhiaidh sin is féidir leis an gcleachtadh seo a bheith ina andúil, rud atá atá an-deacair a shárú. 

Ceann de na haidhmeanna atá ag an dráma ná daoine a mhealladh chuig an amharclann nach dtéann ann de ghnáth, go háirithe iad siúd a mbeadh taithí acu leis na téamaí atá á scrúdú ann. 

Pléitear go minic sa lá atá inniu ann tábhacht na sláinte meabhrach in Éirinn. Cáintear úsáid drugaí agus alcóil agus a nádúr andúileach. Is annamh, áfach, a phléitear an mbaol a bhaineann le cearrbhachas ná cé chomh forleathan is atá sé inár sochaí. Tá sé i láthair i mbeagnach gach baile agus sráidbhaile, agus bíonn tionchar láidir aige ar theaghlaigh iomlána ó ngach cearn den tír. Tá súil ann, a bhuí le Móglaí Bap, go mbeidh an topaic seo níos lú faoi cheilt. D’fheadfadh go mbraitheann daoine atá ag streachailt leis an andúil seo níos compordaí ag caint faoi anois, bíodh sé i gcomhrá pearsanta nó ar ardán poiblí. Léirigh Móglaí Bap leis an dráma seo nach bhfuil éinne foirfe, ach gurféidir linn tarraingt le chéile chun fadhbanna mar seo a réitiú. 

Ó thaobh eile de, is rud spéisiúil é gur roghnaigh amhránaí dráma a scríobh – céim mhór ar shiúl ón ghnáth. Tá an rap tapa, géar agus ionsaitheach, rud a chuireann fuinneamh agus fórsa os comhair an lucht éisteachta. Bíonn suim ag daoine óga ach go háirithe sa rap. Tá an dráma, áfach, níos ciúine, níos machnamhaí, agus tugann sé spás don scéal forbairt agus do mhothúcháin teacht chun solais ar bhealach níos pearsanta. B’fhéidir go sroichfidh sé lucht féachana nua leis an drama seo. 

Tá codarsnacht ghéar idir ceol rap agus amharclannaíocht, agus seo ceann de na rudaí is suimiúla faoin dráma seo. Tá Ó Cairealláin ag taispeáint nach bhfuil a chumas ealaíonta teoranta, ach go bhfuil sé an-leathan i ndáiríre. Is cinneadh cróga é an dráma seo ar roinnt cúiseanna. Tá sé difriúil ón méid a bhfuil súil ag a lucht leanúna leis. Is ábhar conspóideach é. Freisin, is ábhar leochaileach dó mar gur rud é a raibh sé thíos leis. Beidh sé thar a bheith spéisiúil a fheiceáil cén chaoi a nglacfaidh an pobal leis, agus an dtabharfaidh sé deis nua do cheoltóirí Éireannacha dul i ngleic le hábhair mhóra trí foirm ealaíne éagsúil.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.