Comment & Analysis
Sep 14, 2025

Ré Nua ag Earnáil Foilsitheoireachta na Gaeilge?

Téann Liam Ó Callaráin i mbun agallaimh le Eoghan Mac Giolla Bhríde, stiúrthóir an chomhlachta foilsitheoireachta Éabhlóid.

Liam Ó CallaráinLeas-Eagarthóir Cultúrtha Gaeilge
blank

Le roinnt blianta anuas tá borradh ollmhór tar éis teacht ar fheicéalacht agus ar cháil tháirgí cultúrtha na Gaeilge. Le teacht chun cinn KNEECAP mar ghuth an aosa óig, agus leis an éacht a rinne An Cailín Ciúin trí ghearrliosta na nOscar a bhaint amach, i measc mórán eachtraí eile, athraíodh dearcadh na tíre i leith na teanga. Léirigh sí gur theanga is cultúr beo, bríomhar í ar bhealach nár fhág éinne in amhras fúithi. Cé gur iontach an rud é an athbheochan seo, beidh lucht na litríochta ag ceistiú cén fáth nach raibh an litríocht chomh lárnach ann go dtí seo, agus cad iad na modhanna ar fáil dúinn len í sin a leigheas. 

Ar dtús báire, caithfear a thuiscint go bhfuil dul chun cinn déanta ag an earnáil le blianta beaga anuas, cé nach raibh an dul chun cinn sin ar aon dul leis an bhfás a tháinig ar an gceol ná ar an scannánaíocht. Is iomaí cúiseanna leis an dul chun cinn seo, breis saineolas ar an bpróiséas is ar theicnící clódóireachta ar cheann dos na cinn ba mhó. Mhínigh Eoghan Mac Giolla Bhríde, de chuid an chomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid i dTír Chonaill, cad é go díreach an feabhas atá tagtha: 

“Sílim gur ardaigh an caighdeán foilsitheoireachta go ginearálta le teacht an aois digitigh. Tá an pobal iomlán níos oilte ó thaobh dearaidh agus ábhair de agus ag dréim le leabhair d’ard chaighdeán. Tá níos mó uirlisí ar fáil ag dearthóirí agus tá feabhas tagtha ar na hinnill chlódóireachta sa tír chomh maith.” 

ADVERTISEMENT

Ar ndóigh, ní bheadh éifeacht ar bith le seo ar fad in éagmuis scéalta nuálaíocha. Ar an dea-uair, ní fadhb í seo atá feicthe ag Mac Giolla Bhríde ina thaithí cúig bliana déag ag plé le cúrsaí foilsitheoireachta. 

“Tá neart scríbhneoirí gníomhacha ann atá ag scríobh faoi ábhair atá níos nua-aimseartha, faoi gach cineál topaicí éagsúla agus réimse leathan ábhair á bplé acu i nGaeilge, ó fhealsúnacht go teicneolaíocht.  

(…)Tá neart scríbhneoirí óga ag teacht aníos i gcónaí agus ag cur suim iontach san earnáil.” 

Is léir mar sin go bhfuil bunús téagartha ag an earnáil. Cad chuige mar sin, nach bhfuil sí chomh mór sin i mbéal an phobail? Tá roinnt dúshláin roimpi. An ceann is mó, dar le Mac Giolla Bhríde, ná an nós atá ag tomhaltóirí na hÉireann a gcuid leabhar a sholáthar go hidirnáisiúnta. Rinne teacht chomhlachtaí cosúil le hAmazon dochair tromchúiseach do shiopaí leabhar neamhspleách sa tír: 

De réir staitisticí ó Neilsen, as na leabhair go léir a ceannaíodh in Éirínn anuraidh, níor aimsíodh ach 13% de na leabhair sin in Éirinn féin, rud a chiallaíonn go gceannaítear 87% de na leabhair ó shiopaí atá thar lear, figiúr atá an-ard agus a mhíníonn cén fáth a bhfuil na siopaí leabhair ag dúnadh chomh tapaigh. (Cé nach bhfuil na figiúirí sin iomlán ceart mar nach mbaineann go leor de na siopaí Gaelacha úsáid as an chóras ISBN le traic a choinneáil ar dhíolacháin, ach tugann sé leid mhaith dúinn, mar sin féin).” 

Ní hiad leabhair na Gaeilge amháin atá thíos le seo ar ndóigh, ach os rud é go bhfuil pobal léitheoireachta i bhfad éireann níos lú acu, tá siad níos leochailí don droch-thionchar bainteach leis. 

“Tá leabhair Gaeilge i gcomórtas dhíreach ar na seilfeanna le comhlachtaí ollmhóra idirnáisiúnta a bhfuil pócaí doimhne acu agus le coinneáil suas leo bíonn ar lucht leabhar na Gaeilge an t-uafás oibre a dhéanamh.  

“Tá lucht leabhar na Gaeilge go léir ag streachailt agus ag obair go crua ar bheagán airgid. Tá an earnáil go fóill ag feidhmiú ‘ar son na cúise’ ar go leor bealaigh, le go leor daoine maithe ag déanamh obair na gcapall ar bheagán íocaíochta.”  

Ní hé sin le rá go bhfuil gá le hinfheistíocht ar scála a bheadh ionchurtha le buiséid mhóra na gcomhlachtaí foilsitheoireachta idirnáisiúnta. Tá Mac Giolla Bhríde lán chinnte go bhfuil toil ann i measc phobal na hÉireann tacú leis an earnáil, agus go mbeadh tóir ar na leabhair dá mbeadh ann dóibh. Ní infheistíocht i gcomhlachtaí foilsitheoireachta cosúil le hÉabhlóid amháin atá ag teastáil, ach infheistíocht a rachadh chun leas phobal na teanga i gcoitinne. Áiteanna gaelacha poiblí a chruthú, áiseanna a chur ar fáil le tacú le foghlaimeoirí. 

“Caithfear pobal léitheoireachta Gaeilge a chothú, daoine a chur ar an eolas faoi na leabhair, cruthú dóibh gur rud fiúntach é, go bhfuil go leor leabhair maithe amuigh ansin agus go bhfuil siad taitneamhach agus comhrá a bheith ann faoi na leabhair.  

Tá sé níos tábhachtaí inniu sa saol digiteach, ná mar a bhí ariamh, go gcoinneofar beo an ‘conradh sóisialta’ idir dhaoine agus an tsochaí agus go ndéantar é tré mheán na Gaeilge. 

Ní hiad na mílte euro thall is abhus atá de dhíth ach infheistíocht cheart agus níl maitheas ar bith dúinn a bheith ag caint faoi scéimeanna beaga thall is abhus nó maoiniú a thagann ina ghálaí beaga ó am go chéile leis an earnáil a choinneáil beo ar éigean, ba cheart go mbeadh maoiniú láidir seasmhach buan ar fáil le háiseanna pobail agus infreastruchtúr ceart a bhunadh ar fud na tíre.” 

Níl Mac Giolla Bhríde ag tuar na nolc maidir le todhchaí fhoilsitheoireacht na Gaeilge in aon chor. A mhalairt ar fad atá fíor agus is iontach an rud é an dóchas sin a chloisteáil ó dhuine leis an méid sin taithí pearsanta ar an earnáil. 

“Tá sé in am do Chré na Cille nua nó An Béal Bocht nua nó Rubble na Mickies nua, a músclóidh samhlaíocht an phobail Ghaelaigh go húr. Leabhar réabhlóideach a athróidh meon. An tusa an duine an scríobhfas é? Tá muid ag glacadh le hiarratais!” 

Tá cnuasach gearrscéalta Eoghan Mac Giolla Bhríde, Cnámh, a bhuaigh duais an tsaothair próis i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2018, ar fáil anois ar fud na tíre. Is féidir teacht ar an leabhar sin agus mórán eile ar an suímh idirlín eabhloid.ie chomh maith. 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.