Ní rud beag é go bhfuil stádas na Gaeilge go mór i mbéal an phobail sa lá atá inniú ann. Tá dara hathbheochan i ndán don Ghaeilge agus tá spéis mór sa teanga ag daoine óga ach go háirithe. Is dócha gur gá dúinn, ar leibhéil éigin, buíochas a ghabháil le Catherine Connolly don athrú mor sin freisin. Cúpla mí ó shin, bhíodar ag plé nach raibh áit ag an nGaeilge ar bith i rás na hUachtaránachta. Anois, áfach, tá an deichiú uachtarán ag rá go mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre oifigiúil an Áras. Cé gur smaoineamh iontach é sin gan amhras, an bhfuil aon réalachas ag baint leis, nó an bhfuil an athrú ró-mhór?
I dtosach báire, áfach, tuigtear dúinn go léir nach bhfuil Gaeilge líofa ag a lán daoine agus nach bhfuil ach cúpla focal ag formhór an daonra. Maidir leis an chuid is mó den tír, d’fhoghlaim siad an Ghaeilge ar scoil agus níor úsáidtear í arís tar éis scrúdú na ardteistiméaracht a dhéanamh.
Is iomaí duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn anois nár fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil, b’fhéidir mar nár fhás siad aníos in Éirinn nó ar chúiseanna éagsula eile. Má tá riachtanas ann Gaeilge líofa a labhairt chun post polaitiúla a fháil, nó chun cumarsáid a dhéanamh leis an uachtarán, bheadh sé ródheacair agus míchothrom don chuid is mó den tír. Ní hamháin sin, ach tá seans maith go gcaillfeadh muid amach ar a lán daoine a mbeadh iontach do phostanna mar sin, ach níl Gaeilge acu. Ní bheadh sin cothrom in aon chor agus ní bheadh ach míbhuntáistí ag baint leis.
Ar an lámh eile, áfach, b’fhéidir go bhfuil roinnt fhírinne ag baint leis an frása “beatha teanga í a labhairt”. Ní thaitníonn an Ghaeilge le daltaí scoile mar go gceapann siad nach mbeidh siad in ann í a úsáid sa saol laethúil tar éis scoile, nó sa slí beatha, más in Éirinn nó thar lear atá siad. Áfach, dá mbeadh roinnt postanna ar fáil san Áras a labhraítear Gaeilge iontu, agus dá mbeadh sé mar ghné den ghnáthshaol do ghach éinne Gaeilge líofa a labhairt, b’fhéidir go mbeadh níos mo suime acu ina dteanga dúchais; is cosúil go mbeadh sí níos mó úsáidí agus praicticiúla mar sin, agus ní bheadh an dearcadh maidir leis an Gaeilge chomh diúltach céanna.
Is cuid lárnach den tír í an Ghaeilge agus bhí sí mar chuid lárnach d’fheachtas Connolly. Is rud maith í a fheiceáil go raibh sí i ndairíre faoi agus nach raibh mallaithe folamh i ndán ton tír. Áfach ní spreagadh an Gaeilge an polasaí amháin atá tábhachtach. Caithfimid smaoineamh ar na rudaí eile atá an-tábhachtach a dtarlaíonn lá i ndiaidh lae san Áras. Ní bheadh polaiteoirí in ann a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach dá mbeadh a lán fadhbanna teanga ann agus mura mbeadh siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh eatarthu agus leis an uachtarán. Cé go bhfuil stadas na Gaeilge ríthábhachtach, níor cheart dúinn dearmad glan a dhéanamh ar na róil eile ar fad atá le dhéanamh ag an uachtarán: ní hí an Gaeilge an t-aon rud le díriú air.
Níl an scéal mar atá sé anois chomh dona. Is féidir an Ghaeilge a úsáid sa Dáil. Is féidir gach reachtaíocht a fháil as Gaeilge agus leas a bhaint as na háiseanna stáit ar fad trí mheán na Gaeilge. Is teanga oifigiúil den Aontas Eorpach í an Ghaeilge agus tá a lán daoine fostaithe ag an Aontas Eorpach agus ag obair thar lear sa Bhruiséal ag aistriú rialacha na hEorpa go Gaeilge. Más féidir linn na rudaí sin a dhéanamh, cén bac atá ar an dtír an Ghaeilge a úsáid san Áras nó sa Dáil agus sa Seanad chomh maith? Ní bheidh a fhios againn go dtí go ndéanfar iarracht. Freisin, is fiú a rá gur mhór an méid daoine a bhfuil ag obair san Aontas Eorpach agus ag labhairt cúpla teanga, in ann an Béarla agus a dteanga dúchais a thuiscint chomh maith, agus iad a labhairt go líofa i gcomhthéacs oifigiúil? Nach bhfuil náire orainn nach bhfuilimid in ann an rud cheánna a dhéanamh? Nach bhfuil meas againn dár dtír agus dár n-oidhreacht?
Cé gur choincheap deas é, ní cosúil go bhfuil sé phraiticiúil in ann chor. Tá roinnt bearta eile ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Mar shampla, níos mó infheistíocht a chur sna gceantair Gaeltacht faoin tuath agus i nGaelscoileanna ar fud an tír. Tá suim mór sa Ghaeilge ag daoine óga na tíre don chéad uair – caithfimid an spéis sin a moladh agus deiseanna níos bunúsacha a thabhairt dóibh – clubanna agus ranganna Gaeilge a chur chun cinn agus an Gaeilge a mealladh sa saol laethúil – áiteanna ina bhfuil sé níos inrochtanaí don ghnáthdhuine.
Nílim ag rá nach bhfuil seans ann go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil an Árais, a mhalairt atá fíor. Tá súil agam go dtarlóidh sé sa todhchaí, nó b’fhéidir go mbeadh sé mar áis dhátheangach. Ag an am céanna caithfimid a bheith réalaíoch. Ní tharlaíonn rud mar sin thar oíche. Tá dara athbheochan i ndán don Ghaeilge ach fós, níl an teanga tréscaoilteach go leor sa tíre feasta, chun athrú mar sin a chur in iúl. Ba cheart céimeanna beaga a chur in iúl roimh athrú mór mar sin.