Ag an Oireachtas i mBéal Féirste Oíche Shamhna seo caite, seoladh an leabhar Sí, scríobhtha ag Seán Ó Muireagáin, an chéad úrscéal dá chuid. Ní raibh sa leabhar seo ach cuid amháin de mhórsheoladh leabhar na comhlachta Éabhlóid, foilsitheoirí atá ag dul ó neart go neart le déanaí agus atá luaite agam sa nuachtán seo cheana. Is leabhar suntasach é Sí toisc gur úrscéal coirscéinséir é is mar sin tá sí dírithe ar phobal léitheoireachta níos leithne ná formhór na leabhar eile a fhoilsítear sa nGaeilge, ar chnuasaigh fhilíochta nó leabhar staire ar mhion-fhigiúirí/tarlúintí i stair na Gaeilge. Foilseachán uaillmhianach is ea é mar sin, is beidh le feiceáil an mbeidh rath air i measc an phobail.
Ar dtús báire, is fiú a lua go bhfuil suim ag Ó Muireagáin sa tseánra seo le fada, agus taithí aige ar a bheith ag scríobh ann. Ina chéad cnuasach gearrscéalta Gáire in Éag, a foilsíodh sa bhliain 2018 thug sé faoi úrscéilín a scríobh a bhfuil an-chosúil go deo leis an úrscéal seo Sí, ní sna mionsonraithe ach ina mhórstruchtúr. San úrscéilín Pól, insítear scéal fear ar shíceapatach paiteanta é, fear gan trua ná trócaire, is faoin gcaoi a néiríonn leis an cíor tuathail sa Tuaisceart le linn na dTrioblóidí a ionramháil lena chlár fealltach féin a chur i gcríoch. Díríonn an túdar isteach ar na mionchéimeanna nach gcuirtear suntas iontu go hiondúil ar gá a thógáil le duine éigin a mharú, is tríd seo a dhéanamh éiríonn leis an uafás a theastaíonns uaidh a chur ar an léitheoir a chruthú. Is é an bealach a bhfuil gnáth-ghníomhartha laethúla fite fuaite aige le spriocanna gránna a bhaineanns siar asainn.
Gan an scéal a mhilleadh oraibh tabhairfidh mé léargas tapaí daoibh ar an scéal. Tá Hannah agus a haintín Brídín ina gcónaí le chéile thuas i dTír Chonaill. Saol simplí tuaithe atá a chaitheamh acu, iad nach mór neamhspleách ar an domhan mór; fásann siad a mbarraí féin is tá roinnt ainmhithe feirme acu chomh maith. Le tamaill ghairid anuas, tá leannán pósta tar éis bogadh isteach i dteach sa gcomharsanacht iarghúlta seo, agus nuair a bhuaileann tubaiste amhrasach an teach sin tosaíonns na fadhbanna do Hannah agus do Bhrídín.
Tá láthair an scéil seo foirfe dos na heachtraí atá le titim amach. Tá siad scoite amach ón saol mór i gceantar atá nach mór ar imeall an domhain, áit a mbíonn an fharraige fíochmhar is an talamh stuacánach in adhairce a chéile i gcónaí. Ag tús an leabhair, fad is a mbíonn sé ag tabhairt cúlra an scéil dúinn, díríonn Ó Muireagáin isteach ar na tréithe seo a dhéananns an áit iontach feiliúnach mar láthair do scéal scéinséir. Áfach, ní chloíonn sé leis an dtuin ghruama an bealach ar fad tríd an leabhar, is de réir mar a sníonn a dhearcadh maoithneach isteach ina scríbhinn, cailltear an teannas agus an t-atmaisféar duairc atá riachtanach i scéal mar seo. Ní hé go bhfuil sé i gceist agam a rá nach bhfuil bealach ann le cur síos a dhéanamh ar áilleacht cheantair i leabhar den seánra seo, níl uaim ach a rá nach néiríonn leis é a dhéanamh anseo, agus nach bhfeidhmíonn na sliochtanna maidir leis an obair feirme nó an ceantar máguaird le teannas an scéil a mhéadú, ach len é a laghdú; cosúil le poill i mbalún.
Sílim an locht is mó atá ar an leabhar seo ná a chuid carachtar. Tá siad thar a bheith aonghnéach agus ní thagann mórán de athrú idir thús an scéil go dtí an deiridh. Níl i Somhairle ach scigléiriú ar an síceapatach olc, agus cinnte, ní hé gur rud osréalach é go mbeadh sé iomlán tiomanta ag a chuid fuath do mhná, ach fágann sé gur carachtar sách dúid é, gan doimhneacht ar bith. Ar an dóigh chéanna, níl mórán téigear ag baint le caidreamh Linda agus Hannah. Thar aon rud eile bhí sé deacair a chreidiúint go mbeadh Linda chomh hoscailte, hiontaobhach ina bean an tí, ach go háirithe i ndiaidh báis chomh gar léi, gan trácht ar an gcaoi go bhforbraíonn an caidreamh eatarthu níos déanaí sa scéal.
Deirtear nach mbíonn saoi gan locht, agus níl an Sí seo gan locht go cinnte. É sin ráite, is scéal é seo atá lán le beocht agus atá i bhfad éireann níos siamsúile ná mórán eile atá ar fáil na laethanta seo. Cé go mbeidh ceachtanna le foghlaim aige ón iarracht seo, tá mianach an scríbhneora ann go fóill (fianaise níos fearr ar sin ná Gáire in Éag nó Bádh B’fhéidir), is mar sin beidh mé ag súil go mór len é a léamh arís amach anseo.