Tá a fhios ag gach mac máthair go bhfuil an ghéarchéim tithíochta in Éireann mar cheann de na fadhbanna is práinní sa lá atá inniu ann. Deir staideár tar éis staidéir go bhfuil Éire mar an tír is measa san Eoraip maidir le hinacmhainneacht tithíochta. Tá an fhadhb seo imithe as smacht ar fud na tíre, ní hamháin i mBaile Átha Cliath. Tá praghas na dtithe i ngach áit ag méadú ar luas lasrach, agus, de réir na huimhreacha is déanaí ó Focus Ireland, tá thart ar 16,000 daoine gan dídean sa tír seo agus an uimhir seo ag méadú lá ina dhiadh lae.
Ach cad is cúis leis an ngéarchéim tithíochta? An phríomh-cúis ná nach bhfuil an soláthar ag freastal ar an éileamh, tá an daonra ag fás go nádúrtha agus mar gheall ar an líon mór daoine ag teacht anseo chun obair. Ach cúis eile don neamh-inacmhainneacht ná go bhfuil an margadh cíosa faoi sheilbh daingin ag tiarnaí talúna agus roinnt comhlachtaí mora. Tá an cúspóir seo ag déanamh salach ar an margadh tithíochta sa cheantair Gaeltachta go háirithe.
Cad faoin géarchéim tithíochta i gceantair gaeltachta?
Tá na ceantair Gaeltachta mar chroílár na Gaeilge, ach is áiteanna ealaíonta iad freisin atá saibhir le hoidhreacht agus cultúr. Tagann turasóirí ó na Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain chun na radharcanna a fheiscint. Cinnte, tagann siad don chultúir freisin, agus tá suim acu inár dtír, ach ní chuireann siad go mór le athbheochan na Gaeilge. Chun an t-éileamh ar thithíocht a shásamh, tá ardú thart ar 88% tar éis teacht ar thithe saoire ar nós ‘Airbnb’ i gceantair gaeltachta. Tugann seo níos mo deiseanna do thurasóirí cúirt a thabhairt ar an nGaeltacht, gan dabht, ach cén tionchar atá aige seo ar ghnáth-theaghlach le mianta a bpaistí a thógail trí mheán na Gaeilge?
Dúirt urlabhraí Conradh na Gaeilge Aodhán Ó Deá ar Newstalk Breakfast go bhfuil sé beagnach “dodhéanta” ar dhaoine an cíos a íoc agus a bheith ina gcónaí i gceantair Gaeltachta mar gheall ar an iomaíocht ó Airbnb agus a leithéid. Is mór an trua é go bhfuil sé ag éirí níos deacra agus deacra clann a thógail trí mheán na Gaeilge. Taispeántar an deacracht seo sa daonáireamh a rinneadh i 2022, toisc gur thit an méid theaghlach go raibh ag tógáil a bpáistí trí mheán na Gaeilge ó 15.8% i 2016 go dtí 15.2%. B’fhéidir nach bhfuil cuma ar an scéal gur athrú suntasach é seo, ach tugann sé le fios tionchar na géarchéime tithíochta ar athbheochan na Gaeilge, mar in ainneoin na hiarrachta an teanga a spreagadh, níl aon teacht chun cinn ar mhéid na dteaghlach ag úsáid Gaeilge mar phríomhtheanga sna ceantair Gaeltachta.
Tionchar ar an nGaeilge
Cad atá anois in ann do theanga na Gaeilge? Bhuel, mar a luaitear cheana tá méid na dteaghlach ag úsáid na Gaeilge ag laghdú, ach tá tuilleadh tionchair diúltacha ag an ngéarchéim tithíochta ar an nGaeilge. Cuireann an ghéarchéim tithíochta isteach ar dhéagóirí agus páistí a bhfuil ag iarradh an teanga a fhoghlaim trí chúrsaí Gaeltachta. Mar gheall ar an easpa lóistín “níl dóthain spáis ann do na mic linn a bhfuil ag iarradh teacht go dtí na gaelscoileanna”, a deir ard-rúnaí ag Conradh na Gaeilge Julian de Spáinn ar Newstalk Breakfast.
Is rud amháin é nach bhfuil aon spás ann do scoláirí sa Ghaeltacht, ach mar thoradh ar an éileamh ard tá praghasanna na gcursaí Gaeltachta ag ardú freisin. Tá an chuid is mó de na cúrsaí thart ar €1,000 agus is costas ollmor é seo, go háirithe toisc go bhféadfainn dul ar laethanta saoire thar lear ar an gcostas céanna!
Ceist chasta is í an ghéarchéim tithíochta in Éirinn atá ag deanamh damáiste ar fud na tíre. Sna ceantair Gaeltachta, áfach, ní hamháin go gcuireann sé imní ar na teaghlaigh agus scoláirí ag lorg lóistín, ach chuireann sé ár dteanga i mbaol freisin.