Tá mic léinn ar fud na tíre ag filleadh ar an gcoláiste sna seachtainí seo chugainn i mí Eanáir, ach in ionad spleodar don seimeastar nua, tá go leor acu ag filleadh faoi bhrú agus imní mhór airgeadais. Tá géarchéim an chostais mhaireachtála mar an dúshlán is mó atá os a gcomhair don bhliain nua, agus ar an drochuair níl aon chomhartha ann go dtiocfaidh maolú ar an bhfadhb seo sa todhchaí.
Níl aon dabht ach gurb é an cíos an brú airgeadais is mó atá ag cur isteach ar mhic léinn timpeall na tíre. Deir Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh nach bhfuil go leor leapacha mac léinn ar fáil agus go bhfuil na moltaí chun praghsanna cíosa a mhéadú go hiomlán neamh-inacmhainne. Is fíric scanrúil é seo a taispeánann an easpa infheistíocht atá ann chun éifeacht an ghéarchéim seo ar daoine óga a laghdú.
Ba é an cíos ar champas Belfield i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath an táille ba mhó sa tír, agus costas €11,888 air don bhliain acadúil. Ba é €5,722 an rogha lóistín ba shaoire sa choláiste chéanna. Táthar ag tuar go n-ardóidh cíosanna lóistín do mhic léinn thart ar 4.5 % eile i rith na bliana acadúla seo. Anuas ar sin, níl aon chomhartha go mbeidh laghdú ar na praghsanna seo go luath.
Mar thoradh ar seo, bíonn ar go leor mac léinn brath ar dheontais stáit nó ar thacaíocht óna dtuismitheoirí, mar nach bhfuil sé indéanta do mhac léinn lánaimseartha an méid seo airgid a thuilleadh agus a gcuid staidéir a dhéanamh chomh maith le saol soisialta a choimead ag an am céanna.
Tacaíonn staitisticí oifigiúla ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) leis na bpointí thuas. De réir an CSO, mhéadaigh praghsanna tomhaltóra 3.2 % i rith na bliana go Samhain 2025, an ráta boilscithe is airde le beagnach dhá bhliain. Léiríonn na staitisticí seo go soiléir go bhfuil costais mhaireachtála ag ardú ar fud na tíre, agus go bhfuil mic léinn ar cheann de na grúpaí is mó atá buailte.
Feictear impleachtaí an méadú phraghasanna agus mic léinn ag iarraidh rudaí bunúsacha don saol a cheannaigh. Mar shampla, tá ardú tagtha ar phraghasanna san ollmhargadh, sna bialann, taistil poiblí, tacsaithe, bialanna, éadaí agus earraí acadúla, ar nós leabhair.
Mar thoradh ar na costais arda seo, tá líon mór mac léinn anois ag fanacht sa bhaile agus ag taisteal isteach agus amach ón ollscoil gach lá, seachas cónaí gar don champas, i lóistín eagraithe do mhic léinn nó ag fanacht lena gcairde. Cé go laghdaíonn sé seo an costas cíosa, cuireann sé brú breise ar theaghlaigh agus ar thuismitheoirí, agus cruthaíonn sé teannas agus deacrachtaí don chaidrimh idir tuismitheoirí agus ógánaigh.
De gnáth, is iad blianta na hollscoile tréimhse sa saol ina mbíonn seans ag aos óg na tíre forbairt go neamhspleách don chéad uair, bualadh le daoine nua agus páirt a ghlacadh i saol sóisialta agus cultúrtha, agus iad ag foghlaim rudaí éagsúla fúthu féin, ag blasadh an saol, ag taistil thar lear agus ag forbairt caidrimh nua. Áfach, buíoch den ghéarchéim atá á phlé agam, do go leor mac léinn sa lá atá inniu ann, níl na deiseanna seo ar fáil. Ina ionad sin, bíonn siad ag obair, ag comaitéireacht, nó ag fanacht sa bhaile mar gheall ar easpa airgid. Is mor an trua é.
Ní hé an cíos amháin atá ag cur isteach ar mhic léinn. Tá praghsanna rudaí bunúsacha ag ardú chomh maith, ar leith bia, leictreachais, teasa agus iompair ag ardú freisin, rud a chuireann brú breise ar bhuiséid atá teoranta cheana féin. Tá mic léinn ag streachailt le coinneáil suas leis na costais seo, go háirithe iad siúd ar ioncam íseal nó ag brath ar dheontais, nó iad nach bhfuil in ann post páirtaimseartha a choimeád suas.
Mar thoradh air sin, tá go leor mic léinn ag obair níos mó uaireanta chun na costais seo a íoc. Cé go soláthraíonn sé ioncam riachtanach, tá tionchar diúltach aige seo ar a gcuid staidéir, ar a saol sóisialta agus, thar aon rud eile ar a sláinte mheabhrach. Bíonn níos lú ama acu le staidéar a dhéanamh, le freastal ar léachtaí, agus le sos a ghlacadh, rud a fhágann go mbíonn tuirse agus strus forleathan i measc mhic léinn.
Agus mic léinn ag tabhairt aghaidh ar an mbliain nua, is léir nach ionann “bliain nua” agus tús nua do go leor acu. Faraor, leanann géarchéim an chostais mhaireachtála de bheith ag cur brú trom ar mhic léinn in Éirinn, agus mura dtugtar aghaidh ar na fadhbanna bunúsacha seo, go háirithe an ghéarchéim tithíochta agus cíosa, is cosúil go mbeidh an fhadhb chéanna ann arís an bhliain seo chugainn. Caithfimid dóchas a thabhairt do na mic léinn mar is iad todhchaí na tíre.