Q: Cad a spreag thú le dul san iomaíocht don ról seo?
A: Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil deis stairiúl againn anseo i gColáiste na Tríonóide gníomh fiúntach a dhéanamh ar son na Gaeilge. Mar Oifigeach na Gaeilge, ba mhian liom an Ghaeilge a chur i gcroílár an tsaoil do gach mac léinn sa Choláiste seo. Baineann sí linne ar fad.
Q: Cén taithí atá agat a ullmhaíonn tú don ról?
A: D’fhreastail mé ar bhunscoil agus ar mheánscoil lán-Ghaeilge, rud a chothaigh grá don teanga ionam agus táim ag dul i ngleic le cúrsaí Gaeilge sa choláiste le blianta anuas mar Thionólaí Fochéime Scoil na dTeangacha, Ball den Choimisiún Toghchán san Aontas, agus mar Rúnaí Chumann na Nuatheangacha. I measc na rudaí atá déanta agam ná cabhair a thabhairt chun polasaí dátheangachais a chur i bhfeidhm i gCumann na Nuatheangacha.
Q: Conas gur féidir an Ghaeilge a chur chun cinn is fearr timpeall an champas?
A: Tá roinnt mhaith bealaí gur féidir é seo a dhéanamh. Táim chun coimeád liom leis an obair ó thaobh na siasmaíochta de. Measaim gur chóir polasaithe fadtéarmacha a chur i bhfeidhm san Aontas maidir leis an nGaeloideachas agus gur chóir go mbeadh an Ghaeilge ní b’oscailte do chách . Mar shampla, measaim go gcabhróidh sé béim áirithe a chur ar inrochtaineacht do mhic léinn faoi mhíchumas, idirnáisiúnta agus faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.
Q: Cad iad na tionscnaimh nua a mbeadh sé mar aidhm agat a chur i bhfeidhm?
A: Is é feachtas fadtéarmhach ar son an gaeloideachas an rud is tábhachtaí dom. Ba mhaith liom polasaithe a chur i bhfeidhm ionas go mbeadh modúil ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh tú in ann do thráchtais a dhéanamh trí Ghaeilge. Déanfaidh mé é seo trí mheabhrú don choláiste faoina dualgais ar son na Gaeilge agus liosta na léachtóirí a bheadh sásta obair le mic léinn trí Ghaeilge a chur le chéile agus a fhoilsiú.
Freisin, táim ag iarraidh go mbeadh ranganna ar fáil ag an Aontas i gcomhar leis an gCumann Nuatheangacha. Beidh ranganna Gaeilge ar fáil do thosaitheoirí agus do dhaltaí meánleibhéil. Tugann na ranganna seo deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó í a fhoghlaim ó bhonn i dtimpeallacht chairdiúil thacúil.
Q: Cad é an sprioc is mó atá agat don Ghaeilge má n-éiríonn leat?
A: An sprioc is mó gearr-théarmach atá agam ná an gaeloideachas a chur chun cinn. Ba bhreá liom dá mbeadh gach duine in ann modúil a dhéanamh trí ghaeilge. An sprioc fad-théarmach is mó atá agam ná go mbeadh rochtain ar gach mac léinn ar shaol an Ghaeilge sa choláiste. Cé go bhfuil bóthar fada le siúll ó thaobh an sprioc fad-théarmach seo. Caithfidh muid tosnú áit éigin agus táim sásta chur leis an dtús seo. Mar a deirtear is de réir a chéile a thógtar an caisléan!
Q: Dár leatsa, cad é an dushlán is mó atá roimh an Ghaeilge i dTríonóide na laethanta seo?
A: Measaim gurb é an easpa seirbhisí an dúshlán is mó atá romhainn. Tá suim againn sa theanga a fhorbairt agus go mbeadh sí beo. Caithfear go mbeadh níos mó seirbhisí ar fáil ionas gur féidir é seo a dhéanamh.
Q: An dóigh leat gur fearr an Ghaeilge a chur chun cinn i measc cainteoirí líofa an choláiste nó iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a spreagadh i measc daonra na mac léinn uilig?
A: Tá an dá rud ag teastáil. Ní féidir a shéanadh go bhfuil na cainteoirí líofa ag croí lár an phobail ach freisin caithfear an pobal sin a fhás. Caithfidh rochtain a bheith ag achan duine sa choláiste ar an bpobal agus ar an nGaeilge. Níl sé ceart imeallú a dhéanamh ar dhaoine atá ag iarradh an teanga a fhoghlaim. Táim ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge inrochta agus é a chur chun cinn i measc cách. Tá achan Gaeilgeoir tábhachtach.
Q: Conas a reachtálófá an Ghaeilge a chur chun cinn gan mic léinn nach bhfuil Gaeilge acu, mic léinn iasachta ach go háirithe, a fhágáil ar lár?
A: Déanfainn dhá rud. Ar dtús, reachtálóinn ranganna saor in aisce leis an gCumann Nuatheangach. Tá go leor teangacha difriúla ag baill an Chumainn seo agus bheadh siad in ann an Ghaeilge a mhúineadh trí theangacha íosachta agus an Ghaeilge a mhúineadh ag gach sórt leibhéal.
Freisin, caithfidh an Ghaeilge a bheith feiceálach sa Choláiste. Leanfaidh mé ar aghaidh leis an gcomharthaíocht a chur trí Ghaeilge. Trí seo, beidh an teanga níos inrochtaí agus léiróidh sé gur choláiste dhá-theangach é Coláiste na Tríonóide.
Q: Cad iad na hathruithe ar mhaith leat a fheiceáil i dtacaíocht acadúil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide?
A: Ba cheart modúil a chur ar fáil trí Ghaeilge ar bhonn fad-téarmach chun tacú le forbairt agus le hinbhuanaitheacht na teanga sa chóras oideachais. Chabhródh sé seo le níos mó acmhainní foghlama a chur ar fáil do mhic léinn agus le deiseanna breise a chruthú dóibh a gcuid scileanna teanga a neartú i gcomhthéacs acadúil. Tá tacaíocht ón gcoláiste fíorthábhachtach sa phróiseas seo, mar ba cheart dóibh misneach agus spreagadh a thabhairt do mhic léinn agus do léachtóirí rudaí a dhéanamh trí Ghaeilge — seans a thógáil agus an teanga a úsáid go muiníneach i ngach gné den saol ollscoile.
Q: An dhéanfá aon rud difriúil ó Phádraig nó Aoife?
A: Tá obair iontach déanta acu go dtí seo, go háirithe ó thaobh eagraíochta agus struchtúir de, is fiú an moladh sin a aithint. Mar sin féin, tá gá anois le béim níos láidre a chur ar an bpolasaí féin agus ar athruithe sonracha fadtéarmacha a chuirfidh an Ghaeilge i gcroílár shaol na Coláiste. Caithfear creatlach shoiléir agus dlúth a fhorbairt ionas go mbeidh an teanga in ann bláthú go nádúrtha agus go muiníneach. Teastaíonn polasaithe láidre a thabharfaidh tacaíocht phraiticiúil don Ghaeilge agus a chinnteoidh a forbairt amach anseo.