Q: Cad a spreag thú le dul san iomaíocht don ról seo?
A: Tá an-paisean agam don Ghaeilge agus cinnte tá ról an-lárnach aici i mo shaol. Bhí mé ag iarraidh í a chur chun cinn níos mó sa champas mar go bhfuil mé i mo Chathaoirleach ar an gCumann Amhránaithe. Bhí sé mar aidhm agam an Ghaeilge a chur chun cinn sa Chumann níos mó agus ba bhreá liom é sin a scaipeadh thart ar na cumainn uilig agus an Ghaeilge a úsáid ar chaoi neamh-fhoirmiúil agus spraoiúil, chomh maith le go hacadúil agus go foirmiúil.
Q: Luaigh tú go bhfuil tú bainte leis an gCumann Amhránaithe. Cén taithí eile atá agat a ullmhaíonn thú don ról seo?
A: Tá líon mór craoltóireachta déanta agam leis an nGaeilge chomh maith, agus ábhar cruthaitheach ar son BlocTG4. An rud a dhéanaim ansin ná dul ar sráideanna Baile Átha Cliath agus cuirim ceisteanna ar dhaoine faoin Gaeilge agus an taithí atá acu ar. D’fhoghlaim mé líon ollmhór uaidh. Bhí mé ag iarraidh go mbéinn in ann an taithí agus an t-eolas sin a d’fhoghlaim mé a chur sa ról seo.
Q: Agus conas a n-úsáidfeá an taithí sin leis an nGaeilge a chur chun cinn ar an gcampas?
A: Ba mhaith liom líon mór oibre a dhéanamh leis na Cumann uilig agus le hOifig na Gaeilge chun imeachtaí éagsúla a chur ar siúl do gach uile caitheamh aimsire, cosúil leis an spóirt. Ba bhreá liom club reathaíochta a chur chun cinn leis an Ghaeilge nó b’fhéidir traenáil a dhéanamh le cúpla focal i nGaeilge. Ba bhreá liom rud a eagrú a réitíonn le leibhéal gach duine, ach nílim ag iarraidh an eagla sin a bheith ar dhaoine, “ó níl an Ghaeilge agam”, “nílim ag iarraidh í a úsáid”. Ba bhreá liom má úsáideann tú é píosa beag, tá sé sin ar fheabhas, tá mé ag iarraidh an teachtaireacht sin a chur in iúl ar champas.
Q: Dár leat, cad é an dúshlán is mó atá roimh an Ghaeilge sa lá atá inniu ann?
A: Ceapaim an rud is mó, nuair a bím ag labhairt le daoine nach cainteoir dúchais iad nó nach ndearna a gcuid oideachas trí mheán na Gaeilge, an rud is mó a chloisim ná “ní raibh múinteoir maith agam”, nó “ní raibh sí múinte go maith ar scoil”. Agus tuigim sin go huile is go hiomlán mar nach bhfuil mórán áiteanna do dhaoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu í a úsáid, i mo thuairim. Ceapaim tá líon mór déanta ag an gCumann Gaelach, tá líon ollmhór déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ach fós tá a fhios agam, agus mé ag labhairt le daoine, go bhfuil eagla ar dhaoine mar nach gceapann siad go bhfuil siad ag an leibhéal ceart í a úsáid. Fiú má tá cúpla focal acu, bíonn faitíos orthu í a úsáid. Ceapaim gur dúshlán mór é sin – an mhuinín an Ghaeilge a úsáid. Agus má chuirim an tacaíocht seo ar fáil, agus na himeachtaí seo uilig ar fáil, la haghaidh gach uile leibhéal, b’fhéidir go reiteoidh sin píosa beag agus athróidh an meoin ó “nílim in ann an Ghaeilge a labhairt” go “tá cúpla focal agam agus tá mé ag iarraidh iad a úsáid”.
Q: Cad iad na hathruithe gur mhaith leat a fheiceáil i dtacaíocht acadúil na Gaeilge, ón gColáiste féin?
A: Ba bhreá liom seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do dhaltaí a d’fhreastail ar mheánscoil lán-Ghaelach. I mo thaithí fhéin, d’fhreastail mé ar Choláiste Oiriall, meánscoil lán-Ghaelach i Muineachán, agus nuair a thosaigh mé ar an gColáiste ag déanamh staidéar ar an gceol ní raibh clú dá laghad agam faoi na téarmaí uilig i mBéarla agus bhí orm gach rud a aistriú. Bhí sin ina líon ollmhór obair orm fhéin. Ba bhreá liom tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine atá ag streachailt le cúrsaí nach bhfuil téarmaíocht ar eolas acu. Ba bhreá liom comhoibriú a dhéanamh leis an roinn aistriúcháin chun gluais a chur le chéile ó thaobh gach cúrsa agus obair leis na daltaí atá ag streachailt leis na focail agus leis na téarmaí atá bainteach lena gcúrsa. Tá mé ag iarraidh go mbeadh siad in ann dul i dteagmháil leis an rannóg aistriúcháin agus a rá, ‘tá cabhair agus tacaíocht uaim’. Is rud mór é seo domsa mar theip ormsa sa chéad bhliain mar gheall ar sin. Ba bhreá liom é sin a chur ar fáil agus, chomh maith le sin, ba bhreá liom an Ghaeilge a fheiceáil níos mó in oideachas, fiú i gcúrsaí nach cúrsaí Gaeilge iad. Tá éileamh ar an nGaeilge a chur iontu mar tá fhios agam gur chuir an roinn ceoil litir chuig Ceann na Roinne ag rá “táimid ag iarraidh níos mó Gaeilge a chur sa chúrsa”. Ceapaim gur chóir rogha a bheith ann obair a chur isteach trí Ghaeilge nó i mBéarla, agus seirbhísí mar sin a chur ar fáil do na daltaí ionas go mbeadh rogha ann an nGaeilge a bheith ina gcuid oibre.
Q: An bhfuil aon rud a ndéanfá difriúil ó Oifigigh na Gaeilge a tháinig romhat?
A: Bhí mé ag labhairt leis an oifigeach Gaeilge faoi láthair, Aoife, faoi gach rud atá déanta aici. Tá na smaointí chéanna againn ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn, chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil do na mic léinn. Tá a fhios agam go bhfuil aontú suime eadrainn trí an Ghaeilge a chur chun cinn in imeachtaí spraoiúil agus neamhfhoirmiúil i gcaoi acadúil chomh maith. Dom fhéin, táim ag iarraidh gach rud atá déanta aici a fhorbairt agus níos mó a chur le sin chomh maith.