Dhá sheachtain lán de theannas agus de bhród pobail é do Chorca Dhuibhne, áit a mhaireann an pheil agus an Ghaeilge taobh le taobh. Is anseo atá Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht lonnaithe. Bhí bua ag an Ghaeltacht i gcraobh uile-Éireann idirmheánach agus an bua ag an Daingean ag an leibhéal sinsireach.
Ar Dé Domhnaigh 18ú Eanáir i bPáirc an Chrócaigh, chas Daingean Uí Chúis le St Brigid’s i gcluiche ceannais Chraobh Chlub Sinsear na hÉireann. Bhí an cluiche chomh teann agus a d’fhéadfaí a shamhlú, tháining scór i ndiaidh scóir ón dhá thaobh. Tharraing St Brigid’s an cluiche go ham breise, agus níor scaradh na foirne go dtí na nóiméadaí dheireanacha, nuair a d’aimsigh an Daingean an scór a scríobh a nainmeacha ar chorn Merrigan don chéad uair riamh. Ní raibh faoiseamh ná lúcháir ar leithéid riamh le cloisteáil ó mhuintir an Daingin nuair a ardaigh a gcaptaen Paul Geaney an chorn tar éis an cath fíochmhar a bhuachant.
An tseachtain roimhe sin, bhí An Ghaeltacht i mbun a gcluiche ceannais féin i gCraobh Chlub Idirmheánach na hÉireann, arís i bPáirc an Chrócaigh. Cé gur éirigh leo an corn a ardú, níor tháinig sé gan dua. Cosúil le cluiche an Daingin, bhí an cluiche dian agus fisiciúil. Choinnigh an teannas greim ar an slua go dtí deireadh an chluiche, nuair a dhearbhaigh An Ghaeltacht a láidreacht agus a misneach i gcoinne Glenullin le bua sé phointe. Is é an chéad uair go bhfuil an corn idirmheánach buaite ag an Ghaeltacht.
Sa dhá chluiche, bhí croí Chorca Dhuibhne le brath go láidir: pobail bheaga, Gaeilgeoirí bródúla, agus cluichí móra á n-imirt le croí. Bhí an Ghaeilge le cloisteáil ar an bpáirc féin, idir ghlaonna, threoracha agus spreagadh, agus ina dhiaidh sin sna hóráidí glactha, áit ar labhair imreoirí go nádúrtha trí theanga a bpobail. Ní hamháin go raibh buanna acu sna gcraobhanna seo, bhí ceiliúradh ar bhun acu chomh maith ar an Ghaeilge agus an spórt fite fuaite lena chéile.