News
Mar 10, 2026

Aimsir Aisteach agus an Aeráid ag Athrú.

An gnáthrud nua iad na hathruithe ar aimsir na hÉireann?

Sophie Jones
blank
Photo from Irish Examiner

Deirtear go minic na laethanta seo go bhfuil an aimsir níos aistí ná mar is gnáth. I Mí Eanáir, mar shampla, nach raibh an cuma air go raibh sé ag stealladh báistí gach aon lá? Bíonn na samhraí níos teo agus na geimhrí níos fuaire is níos fliche. Is minic go mbíonn rabhaidh aimsire, bíodh siad buí, oráiste nó dearg, bíodh baint acu le báisteach, gaoth nó teochtaí fuara – bíonn siad i bhfad níos minice ná riamh. Ach níl sé le braith sa bhliain seo chaite amháin.  

Le blianta anuas tá tíortha ar fud an domhain thíos leis na himpleachtaí den damáiste atá á dhéanamh againn don timpeallacht agus an t-athrú aeráide atá ag tarlú mor thoradh air. Bhí stoirmeacha uafásacha ag cur pobail i mbaol agus bhí leibhéal na farraige ag ardú, ag cruthú tuillte agus scrios tírdhreacha. Ós rud é nach raibh fianaise ar an athrú aeráide le feiceáil anseo in Éirinn ag an bpointe sin, ní dhearnamar faic. Ba rud é a raibh ag tarlú trasna an domhain agus nach raibh ag cur isteach orainne go díreach. Ach anois, tá na himpleachtaí ag sroicheadh leac ár ndorais agus ní féidir linn súil dall a chasadh air níos mó.  

Ba é 2025 an dara bliain is teo in Éirinn riamh. Ní raibh sé ach píosa beag níos fuaire ná an bhliain is teo, 2023. Léiríonn an fhíric seo, ó bhlianta atá díreach imithe tharainn, go bhfuil na teochtaí ar fud an domhain, nó ar a laghad ar an oileán seo ag ardú gan moill. 

ADVERTISEMENT

De réir na staitisticí thuas ó Met Éireann, ní féidir a shéanadh go bhfuil an aeráid ag athrú agus nach bhfuil Éireann ag ealú ó na himpleachtaí ar bith níos mó. Bíonn tionchar ag an aimsir ar ár saol laethúil. Is dóigh liom go raibh rud éigin ráite faoin aimsir i ngach aon comhrá a bhí agam an mhí seo chaite. Ní cuimhin liom Eanáir chomh fliuch riamh. Agus is amhlaidh sin mar nach raibh Eanáir chomh fliuch in Éirinn ar feadh beagnach ochtó bliain. De réir Met Éireann, ba é an dara Eanáir is fliche ar taifead. Ba é an t-aon cheann níos fliche ná 1948. Cé go gciallódh sé seo nár fhacamar an oiread seo báisteach trom sna blianta atá thart, ní chiallaíonn sé sin nach bhfeicfimid dálaí mar seo arís amach anseo. Ar an ndrochuair, níl a fhios againn cén sórt aimsire atá i ndán don tír, nó don domhain, amach anseo. 

Chun glan fhírinne a rá, ní eolas nua é seo dúinn. Níor cheart go mbeadh iontas orainn. Tuigtear dúinn go léir go bhfuil an aeráid ag athrú. Níor thug formhór againn aird air nuair a bhí sé ag tarlú thar lear, cé gur cheart dúinn. Ach anois is féidir linn impleachtaí a bhraith go soiléir inár saol laethúil agus tá sé saghas scanrúil agus an-aisteach.  

Is mór an tionchar atá ag an aimsir ar shláinte meabhrach agus sláinte fhisiciúil an duine. Ní féidir linn dul amach ag súil leis an madra mar go mbíonn an ghaoth agus an bháisteach ag cur isteach orainn. Tá sé níos deacra taistil pé áit agus níl sé go deas ama a chaitheamh taobh amuigh. Mar sin, níl aon dabht ach go bhfuil infheistíocht níos fearr riachtanach má tá aimsir mar seo an gnáth nua in Éirinn, sa chóras iompar phoiblí ach go háirithe. Níl sé sásúil in aon chor nach mbíonn daoine in ann taistil ar scoil nó oibre ar chúis go bhfuil sé briste mar thoradh ar an aimsir. Nach bhfuil na traenacha in ann taistil timpeall tiortha eile san Eoraip, áiteanna ina mbionn a lán sneachta bliain i ndiaidh bliana? Más cosúil go mbeidh aimsir níos déine d’ár leanúint, ba cheart dúinn an taistil poiblí ar nós an DART a fheabhsú. Níl sé inbhuanaithe go mbeidh siad ar fad curtha ar ceall gach uair a bhfuil stoirm i mBaile Átha Cliath. Níl sé cothrom go mbíonn daoine timpeall na tíre fágtha gan leictreachas agus uisce reatha cúpla uaire sa bhliain. Más féidir réitigh a bhaint amach thar lear, is féidir é a dhéanamh in Éirinn chomh maith. 

Is léir ón dtaighde is déanaí ó Met Éireann go bhfuil athrú suntasach ag teacht ar aeráid na hÉireann, agus nach imeachtaí neamhchoitianta a thuilleadh iad stoirmeacha láidre, teas neamhghnách ná báisteach throm. Léiríonn na taifid teochta agus gaoithe, mar aon leis an méadú ar thuillte agus ar aimsir difriúil, go bhfuil an tír ag dul i dtaithí ar phatrúin aimsire atá níos foircní ná mar a bhí riamh cheana. Cé gur tír í Éire a bhfuil clú uirthi as aimsir athraitheach, tugann saineolaithe ó Met Éireann le fios anois go bhfuil na hathruithe seo ceangailte go díreach leis an athrú aeráide domhanda. De réir sin, an cheist ann anois ná, ní hamháin an mbeidh an aimsir níos measa amach anseo, ach an bhfuil Éire, a bonneagar agus muintir na hÉireann ullamh chun déileáil leis an “ngnáthrud nua” seo?

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.