An Ghaeilge. Beatha teanga í a labhairt. Teanga ghníomhach agus beomhar, a ritheann tríd corp s’againne uilig. Ach, céard iad na dúshláin atá roimh an teanga? Céard iad na constaicí atá ann ó thaobh úsáid na teanga de? An bhfuil focal a úsáideann tú chun cur síos a dhéanamh ar an teanga? Scanrúil. Deacar. Dúshlánach. Álainn. Suimiúil. Spreagúil.
The Irish language is not defined by the failure in the systems to correctly revive it. Systems where students dread using the language their very ancestors spoke proudly, systems that fail a language that kept a whole community tied together until it was forcefully stripped from them. These systems, particularly in educational systems, have made many of us forget how beautiful our national tongue is. Gaeilge didn’t fail you in school; the Department of Education did.
É sin ráite, ní alt diúltach í seo. Nílim ag iarraidh eagrán diúltach a scríobh, go háirithe i mo chéad alt UT. I measc na gearáin agus troid ar son cearta na Gaeilge, tá pobal galánta i saol na Gaeilge. Pobal atá paiseanta faoin teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn go mór. Bíonn imeachtaí spraíúil eagraithe acu, cosúil le Réabhtacht (Réabh + Gaeltacht), club reatha trí Ghaeilge, tráth na gceisteanna, ceardlanna, agus i bhfad níos mó. Ach céard is brí le pobal éifeachtach, go háirithe ceann atá bainte leis an Ghaeilge?
“I had a bad teacher”, “I had a bad experience in school”. Is dócha gur chuala tú na ráitis seo go minic, nó is dócha gur ndúirt tú a leithead roimhe seo. Cinnte, tá fáth leis na ráitis sin, agus na céadta duine á rá. Ach is féidir linn athrú beag a dhéanamh ar an ráiteas seo, cinnte. Ráiteas níos dóchasaí.
Bain triail as “I had a bad teacher, and that is why I look forward to improving my Gaeilge.”
“I had a bad experience in school, and that is why I want to improve the system for future students”
Is do chách í an Ghaeilge, agus feictear é sin i bpobal na Gaeilge go háirithe. Má tá tú ag iarraidh a bheith mar bhall de pobal na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, tá an Cumann Gaelach ceann de na háiteanna is fearr le haghaidh cairde nua a dhéanamh agus a bheith ar an eolas faoi cúrsaí na Gaeilge agus ar imeachtaí spraíúil ar champas chomh maith. Bíonn bia saor in aisce acu gach seachtain, seomra álainn atá dírithe ar úsáid na Gaeilge, agus téann an cumann chuig an féile is fearr ar domhain: Oireachtas na Samhna. Caithfidh tú a bheith ann! Féile den scoth atá ann, lán le damhsa, comórtais, béaloideas, piontaí, ceol, seisiún, piontaí, ceardlanna, margaí, piontaí….
Má tá an Ghaeilge agat agus tá tú ag iarraidh í a úsáíd níos mó go laethúil, glac páirt sa Chumann Gaelach. Ní pléitear leis an Ghaeilge cosúil le ábhar scoile ann. Is teanga beomhar spraíúil í ann. Chomh maith leis sin, má tá tú ag iarraidh cúpla focal a fhoghlaim, bíonn ranganna saor in aisce eagraithe ag Oifigeach na Gaeilge Choláiste na Tríonóide. Freisin, beidh ranganna Gaeilge ar fáil le AMLCT agus Cumann Nuatheangacha ar phraghas ísil, rud a chabhróidh go han-mhór le feabhsú do chuid Ghaeilge.
Tá teanga s’againn mar chuid dár bhféiniúlacht. Bíodh bród ort agus tú ag plé leis an Ghaeilge. Is Gael sinn uilig. Lets change the narrative of Gaeilge to a positive and sustainable one. Be proud to speak an Ghaeilge!
Ar son na cúise, agus ná bíodh drogall oraibh dul i dteagmháil liom ag gaeilge@tcdsu.org, OR DM me at gaeilge.amlct on Instagram.