News
Oct 24, 2024

Dúnadh Chlub Chonradh na Gaeilge – Ní Bhrón, ach Dóchas, atá ós ár gComhair Amach

Is brónach an scéal é go bhfuil an Club le dúnadh. Ach, idir dúnadh agus athoscailt, tá neart cúiseanna dóchais chomh maith ann, a scríobhann Seathrún Sardina.

Seathrún SardinaEagarthóir Gaeilge

Tá Club Chonradh na Gaeilge le dúnadh.

Teach tábhairne lán-Ghaeilge (agus an t-aon cheann i mBaile Átha Cliath) a bhí ar an bhfód ó 1967. Áit álainn ina raibh idir chiorcail comhrá, réabhacha, cóisirí, féilte Bróid, agus i bhfad eile ann. Ní hamháin gur láthair shóisialta don Ghaeilge a bhí ann, ach croílár phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Anois, beidh sé dúnta ó dheireadh na míosa seo ar feadh 3 bliana, agus an foirgneamh uilig á a thógáil ó bhun go barr. Rud go raibh géar-ghá leis, chun an fhírinne ghlan a rá.

ADVERTISEMENT

Is dócha gurb é freagra chuile dhuine ar an scéal seo ná brón – go bhfuil áit chomh lárnach inár saol le himeacht – fiú ar feadh píosa beag ama. Bhí brón ormsa an chéad uair a chuala mé é – conas nach mbeinn.                 

D’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ann. Gan é, tá an-seans ann go mbeinnse gan líofacht sa Ghaeilge agus, níos measa fós, nach mbeinn in Éirinn ar chor ar bith. Is de bharr na Gaeilge gur tháinig mé go hÉirinn – agus is de bharr an Chlub (i measc neart rudaí eile) go raibh ceangail chomh láidir tréan agam leis an teanga. 

Tá brón orm go bhfuil sé le dúnadh. Ach, ní hé seo scéal an bhróin, ach scéal dóchais – fiú muna bhfeictear go soiléir go fóill é. Ré úr dóchais atá os ár gcomhair.

Níl caillte againn ach foirgneamh. Tá an Club – a phobal fhéin – beo bríomhar. Agus gan mhagadh gan cheist, beidh lucht an Chlub fós ag cóisireacht agus ag réabh-áil! Tá neart grúpaí – Amhránaithe an Chlub, Craobh 1916, GaelGáirí – fós ann. Ach, anois beidh siad níos feiceálaí ná ariamh. Scaipthe amach, b’fhéidir, ach scaipthe tríd an bpopal, i dtithe tábhairne éagsúla thart ar Bhaile Átha Cliath, ag triall áiteacha ar leith agus ag meascadh leis an mórshaol.

Cá bhfios nach mbeidh fás gan coinne ann? Cá bhfios nach mbeidh an ré úr seo in ann daoine nua a mhealladh chun na Gaeilge, chun tuilleadh gaoth a chur i seolta shaol na Gaeilge?

Nílim cinnte cad a tharlós – agus is féidir nach fás, ach cúlú a bheas ann. Ach, an t-aon rud atá cinnte anois ná seo: is leatsa an rogha sin. Is leatsa an rogha a bheith mar chuid de (oll)phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Is leatsa an rogha leanúint ar aghaidh ag freastal ar fhéilte agus ar réabhacha. Is leatsa an rogha áit nua a thabhairt don Chlub sa phríomhchathair.

Cloisim daoine i gcónaí ag rá gur Gaeltacht í pé áit ina mbíonn an Ghaeilge beo ann. Más fíor sin, is cinnte freisin go bhfuil an Club ann pé áit a mbíonn pobal na Gaeilge ann.Ní chuimhní lán-bhrón atá le hiompar againn, ach cairdeas lán-dóchas don todhchaí.

Is leatsa an todhchaí sin anois. Pé áit a ghabhfaimid ann é, is ann a bheas an Club.

Beir leat é. Tóg leat é go ceann trí bliana. Agus théis na mblianta sin – trí bliana lán-ghrá don teanga – tabhair ar ais d’Uimhir 6 Sráid Fhearchair é.

Nuair a thiocfas an Club ar an bhfód arís is móide a bheas a phobal fhéin de do bharrsa.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.