Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 25, 2025

Tá Votáil Oscailte i gComhair Toghcáin AMLCT agus Táim Bréan de

Ní fios dúinn go fóill cad a thiocfaidh ó thaobh feachtasaíocht, stráitéis, agus todhchaí do hiarrthóirí na n-Oifigeach Shabóideach. Rachaidh timthriall na dtoghchán ar aghaidh, beidh mo jab críochnaithe, agus beidh Trinity fós ina Trinity.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an t-am is deacra don bhliain do mhionlach beag mic léinn tagtha ar deireadh. Beidh ocht iarrthóir déag ag dul san iomaíocht chun bheith mar cheann den seisear Oifigigh Shabóideach de chuid Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide (AMLCT). Cé a bhuafaidh? Níl clú dá laghad againne, ach mholfainn cúig nóimead sa bhreis a chur le do thuras ar an gcoláiste ionas nach mbeidh tú cráite ag na hiarrthóirí seo a mbeidh impí do bhur vótaí ar champas.

 

Anuraidh bhí ábhairín os cionn 2,000 vótaí caite i dtoghchán an Aontais as thart ar 22,000 mic léinn sa choláiste ar an iomlán.

ADVERTISEMENT

 

Tá rannpháirtíocht tar éis a bheith mar chuid rí-tábhachtach don naoi mhí caite ag Oifigigh Shabóideacha Aontas na Mac Léinn. D’easgair líon votaí stairiúla as an sár-iarracht seo, le os cionn 2,000 mic léinn ag caitheamh vóta i dtoghcháin na hionadaithe ranga ag tús na bliana acadúla. Áfach, ar Aoine 7ú Feabhra, bhí 838 vóta caite i reifreann bunreachtúil an AMLCT – rud a léirigh líon votaí a bhí timpeall ar 3.8% de dhaltaí an choláiste. Is minic go mbíonn easpa suime i measc daonra an choláiste sna reifrinn bunreachtúla, rud gur dócha a chuaigh i bhfeidhm ar an lag-thoradh seo. Tá an t-Aontas ag súil go mbeidh fiú ábhairín níos mó suime sna toghcháin na n-Oifigeach Sabóideach. Mura mbíonn, beidh fadhb mhór ag an Aontas – ach ní don chéad uair. Cé gur chuimhin leo Linda Doyle ag seoladh ríomhphoist chuig an Aontas ag tabhairt rabhadh i gcoinne an champa a bhí lasmuigh de Bhloc na hEalaíona?

 

I measc iar-oifigigh shabhóideacha an choláiste, tá an seanadóir reatha Lynn Ruana, an phearsa raidió Joe Duffy, agus peata an eite-chlé, ach crá croí fhoireann riaracháin an choláiste,  László Molnárf. In ainneoin an tionchar atá fágtha ag roinnt de na hiar-Uachtaráin, téann formhóra acu i dtreo gan fhios don saol – nó níos measa fós, isteach sa Státseirbhís agus / nó post corporáideach.. 

 

Ní fios dúinn go fóill cad a thiocfaidh ó thaobh feachtasaíocht, stráitéis, agus todhchaí do hiarrthóirí na n-Oifigeach Shabóideach. Rachaidh timthriall na dtoghchán ar aghaidh, beidh mo jab críochnaithe, agus beidh Trinity fós ina Trinity.