Le blianta beaga anuas, tá saol na Gaeilge tar éis dul ó neart go neart i mBéal Feirste, agus tá an teanga go mór i mbéal an phobail sa chathair. Ag féachaint ar na himeachtaí is déanaí a phléifear san alt seo, is léir nach féidir a shéanadh go bhfuil Béal Feirste ag teacht chun cinn mar phríomhchathair na Gaeilge in áit Bhaile Átha Cliath.
Fleadh Cheoil na hÉirinn 2026
Fógraíodh le déanaí go mbeidh Fleadh Cheoil na hÉirinn ar siúl i mBéal Feirste don chéad uair riamh i 2026. Deimhníodh an cinneadh tar éis cruinniú le hArdchomhairle an Chomhaltais i mBéal Feirste ar an 8ú Márta, agus beidh an fhéile ar siúl ón 2 go 9 Lúnasa 2026. Is í an ócáid seo an fhéile is mó ar domhan a cheiliúrann ceol, cultúr, teanga agus oidhreacht na hÉireann, agus meallfaidh sé na mílte daoine chuig an gcathair le haghaidh ocht lá lán le cheol, amhránaíocht agus rince. Gan aon amhras is lá stairiúil é don chathair agus céim ollmhór ní hamháin ar son na Gaeilge, ach ar son na síochána i dTuaisceart Éireann freisin. An gceapann tú go gceadófaí an fleadh i mBéal Feirste 20-30 bliain ó shin?
Dúirt urlabhraí do Pháirtí Aontachtach Uladh i dTuaisceart Éireann nach bhfuil aon dabht faoi gur borradh mór turasóireachta é don phríomhchathair ach dúirt siad freisin go bhfuil amhras ann an mbeidh an ócáid ‘ionchuimsitheach’. An ea gur rud conspóideach é cultúr agus féiniúlacht na hÉireann a cheiliúradh ar ithir na hÉirinn?
Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste 2025.
Is ceiliúradh é Oireachtas na Samhna ar ealaíona agus traidisiúin na Gaeilge, le clár ama lán d’imeachtaí i nGaeilge ar nós díospóireachtaí, scannáin, ceardlanna agus duaiseanna agus beidh sé ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Meán Fómhair go dtí an 2 Samhain 2025. Is ráiteas ollmhór é go mbeidh an Fleadh Cheoil agus Oireachtas na Samhna araon sa chathair lastigh de chúpla mí óna chéile.
Uachtarán nua-tofa Chonradh na Gaeilge
Le déanaí, ainmníodh Ciarán Mac Giolla Bhéin, fear as Béal Feirste, mar uachtarán nua-tofa Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta i Loch Garman ar 22 Feabhra, 2025. Rugadh agus tógadh Ciarán i mBéal Feirste, áit a raibh sé mar bhall den chéad ghlúin a bhfuair oideachas trí mheán na Gaeilge, ón réamhscoil go dtí an mheánscoil. Chaith sé tamall ag múineadh i ngaelscoileanna agus d’oibrigh sé ar feadh cúig bliana mar Bhainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge nuair a osclaíodh an oifig nua i mBéal Feirste in 2014. Tá sé fós ina urlabhraí agus ina bhall gníomhach de ghluaiseacht An Dream Dearg. Le blianta beaga anuas, tá Ciarán fostaithe mar Chomhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste. Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí Glór na Móna agus faoi láthair tá sé ina chathaoirleach ar an ngrúpa óige Fóram na nÓg agus ar an gclub lán-Ghaeilge, Laochra Loch Lao.
Gan dabht is céim thábhachtach í seo don teanga i mBéal Feirste, agus léiríonn sé nach bhfuil sé i mBaile Átha Cliath amháin atá gluaiseacht athbheochan na Gaeilge ag tarlú.
Deireadh curtha leis an gcosc ar an nGaeilge i gcúirteanna Tuaisceart na hÉireann
Is ceann suimiúil é seo do na mic léinn atá ag déanamh staidéir ar an ndlí gan dabht. Tá an Ghaeilge anois ceadaithe sa chúirt i dTuaisceart na hÉireann mar gheall ar aisghairm dlí atá beagnach 300 bliain d’aois. Bhí an cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna leagtha amach i ndlí ó 1737 a dúirt gur chion coiriúil é aon teanga seachas an Béarla a úsáaid sa chúirt. De réir Oifig Thuaisceart Éireann, tá an t-ordú um thosach feidhme, a dhéanann an t-acht a aisghairm, sínithe anois ag an Rúnaí Stáit Hilary Benn.
Chuir uachtarán Conradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhein (a phléamar níos luaithe) fáilte roimhe seo. Chuir sé béim ar an gcomhthéacs stairiúil ina bhfuilimid ag plé le hathbheochan na Gaeilge. Dar leis, is é an fáth a bhfuil athbheochan de dhíth orainn ná gur aithníodh an Ghaeilge mar phríomh-sprioc sa phróiseas coilínithe. Dúirt sé go raibh iarracht dhiongbháilte ann an Ghaeilge a chur i léig go hiomlán.
Kneecap
Tá a fhios ag madraí na sráide faoin mbanna ceoil Kneecap faoin am seo. D’fhéadfaimis labhairt an lá ar fad faoi cé hiad féin agus conas a chuireann siad an teanga chun cinn. Tá saol i gcathair Bhéal Feirste agus a bród as a dteanga lárnach ina gcuid ceoil. Pléann siad téamaí ar nós teannas polaitiúil sa chathair, éirí amach agus féiniúlacht teanga, agus léiríonn siad fás na Gaeilge agus an meon nua i leith na teanga i measc daoine óga i mBéal Feirste. An léimeann bannaí mór le rá ar bith a dhéanann ceol trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath chun cuimhne?
An ghaoth ag séideadh i dtreo nua?
Ní dóigh linn gur comhtharlú iad na himeachtaí seo ar fad. Ar feadh na blianta fada bhí an Ghaeilge curtha faoi chois i mBéal Feirste agus i dTuaisceart na hÉireann ach tá athbheochan ag tarlú sa lá atá inniu ann agus tá cuma an scéal ar go bhfuil an ghaoth ag séideadh i dtreo nua. B’fhéidir seasann an t-athrú seo d’athrú polaitiúil agus féiniúlachta i mBéal Feirste, rud a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de ghluaiseacht níos leithne i dtreo aontú na hÉireann amach anseo.
Ná bac le Baile Átha Cliath, an ea go bhfuil Béal Feirste príomh-cathair nua an Gaeilge?