Tá sé fógartha ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil meadú 20% tar éis teacht ar líon na dtraonach a chuir fúthu in Éirinn don tsamhraidh. Is éan imirceach é an traonach a dtagann go hÉireann chuile samhradh le pórú agus le ál a thógáil. Caitheann siad an chuid is mó den bhliain ó dheas san Aifric, agus is timpeall an am seo den bhliain a thréigean siad Éire leis an aistir fada a dhéanamh. Fadó, bhíodh an traonach ar fáil i mbeagnach gan coirnéal is paróiste den tír, ach le blianta beaga anuas tá titim tubaisteach tar éis tarlú dá daonra de bharr athraithe talmhaíochta den chuid is mó. Níl an speiceas le fáil anois ach ar imeall iar-thuaisceart na tíre, ar oiléain agus leithinis i gcontaetha Dhún na nGall, Maigh Eo agus Gaillimh den chuid is mó. Is iontach an rud é, mar sin, go bhfuil borradh ag teacht ar an daonra. Dar le Dr John Carey, bainisteoir ar an scéim Traonach LIFE atá ag gníomhú chun an traonach a chosaint, tá sé beagnach do-chreidte go bhfuil méadú de 50% tar éis teacht ar an daonra óna tosaíoch an scéim cúig mbliana ó shin, á gcuir i gcomparáid le iarrachtaí le speicis eile a chaomhnú.
An bua atá ag an scéim ná go mbíonn sé ag comhoibriú le daoine áitiúla, feirmeoirí ach go háirithe, le gnáthóg na dtraonach a fhorbairt agus leis na n-áil a chosaint ó scrios ag an stad leochaileach is iad óg. Déantar an ghnáthóg a fhorbairt tríd barr cumhdaigh a chur, cosúil le neantóga, a thugann áit sábhailte do na traonaigh le nead a cruthú agus óga a thógail. Déanann feirmeoirí na scéime athrú ar na gnáthchleachtais saothrú chomh maith, mar shampla gearrtar an féar níos déanaí sa bhliain ná mar is gnáth, le deis a thabhairt do na traonaigh fás aníos i ndóthain le éalú nuair is gá. Chomh maith le sin, déantar na páirceanna a ghearradh ón lár amach, in ionad ón gciumhais isteach, rud a ligeann dóibh éalú go héasca. De réir taighde, laghdaíonn an cleachtadh seo ráta báis na n-óga suas le 60%. Dar le Ciaran Reaney, a eagraíonn Scéim Caomhantas na dTraonach ar son an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, tá fíor-ghrá ag daoine don traonach, agus go mhaith leo é a chloisteáil arís inár dtírdhreac. Cé go bhfuil an traonach fós i mbaol a dhíothaithe ó Éireann, le díreach 233 péire taifeadtha mar chuid den tionscadal i mbliana, is mór an cúis dochais í gur féidir le speiceas teacht ar ais ó dhroch-stát leis an gcabhair ceart. Anuas ar sin, is múnla maith í an scéim atá á reachtáil ag Traonach LIFE a bhféadfaí cur i bhfeidhm do éanlaith annamh eile na hÉireann, ar nós ár n-éan náisiúnta, an pilibín, nó an cearc fraoigh, dhá speiceas a d’fhéadfadh buntáiste a fháil ón cúiteamh eolaíochta agus pobail atá curtha ar fáil don traonach.
Mar fhothoradh ar an traonach a bheith brúite go himeall na tíre ar chóstaí an iar-thuaisceart, is minic go mbíonn siad ag cur fúthu i gceantracha Gaeltachta, ar nós Oileán Bó Finne i nDún na nGall nó leithinis an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo. Ní féidir na cosúlachtaí a shéanadh idir riocht an teanga Ghaelach agus an éan seo, iad beirt díothaithe ó críochlár na tíre, ag maireachtáil ach amháin ar na hoileáin is ceantracha i bhfad i gcéin san iarthar, i mbaol éagtha fós, ach, thar bharr sin ar fad, cumasach fós le fás agus forbairt arís. Téann an cheangailt seo, idir an traonach agus muintir na hÉireann, siar i bhfad, rud a feictear go minic i seanchas agus i mbéaloideas na nGaeil. Fadó, roimh gur thuigeadar an imirce thar sáile a rinne an traonach, ceapadh gur athraigh an traonach go cearc uisce ar feadh an gheimhridh agus gur athraigh sé ar ais ina riocht féin le teacht an tsamhraidh arís. Déantar trácht minic ar ‘aic-aic’, fuaim na dtraonach, i leabhar “Cín Lae Amhlaoidh” dialann scríofa ag Amhlaoidh Ó Súilleabháin faoina shaol i gcontae Cill Chainnigh sa naoú haois déag. In iontráil ó mhí Deireadh Fómhair na bliana 1828, scríobhann Ó Súilleabháin “is uaigneach mé gan guth cuaiche ar chraoibh chroim, gan aic-aic na traonaigh sa neantóg…”. Is mó an bhróin a mbeadh ar mo dhuine dá bhfillfeadh sé ar Chill Chainnigh sa lá atá inniu atá ann, óir nár cloiseadh ‘aic-aic’ traonach ann le blianta fada anuas. Ach b’fhéidir go tiocfaidh biseach ar an scéal fiú i gceantar baile Ó Súilleabháin, mar gur cloiseadh traonaigh i roinnt áiteanna nár cloiseadh iad le fada, ar nós Ciarraí, Corcaigh, agus fiú Port Láirge, díreach ar leac an dorais le Cill Chainnigh. Má leanann an scaipeadh agus an borradh seo ar aghaidh, tá seans maith ann go gcloisfear ‘aic-aic’ go forleathan timpeall na tíre sar i bhfad.